Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Wednesday 18 December 2013

Agóid Cheolmhar Challánach Ildaite againn ar son Cearta Teanga




In ainneoin na drochaimsire d'éirigh go maith leis an Agóid ar son Cearta Teanga a d'eagraigh Misneach ar an Chéadaoin, an 18ú Nollaig. Tháinig scór amach sa deireadh. Chruinnigh muid le chéile ar an Fhaiche Mhór agus é ag stealladh báistí agus gaoth chrua ann. Bhí manaí agus amhráin go leor againn, muid ag béiceach rudaí ar nós ''Céard atá uainn?...Cearta Teanga...Cén uair...anois!''. Cheol muid go léir an Dord Féinne níos moille ansin. Scaipeadh 300 bileog ag míniú don mhórphobal cén fáth a raibh muid ann agus shiúl muid fad Shráid na Siopaí.

Agóid in éadan chur i gcéill an rialtais a bhí ann agus is furasta bréagchráifeacht na mbodach mór seo a fheiceáil má chaitear súil ar fhocla an Bhunreachta:

An Bunreacht, Airteagal 8: ''Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.''

Cacamas!

Tá fhios ag madaí an bhaile nach bhfaighfidh tú seirbhís fríd Ghaeilge i mórchuid na n-oifigí poist fríd an tír seo. Tá fhios againn uilig nach mbeidh ach maslaí agus droch-mheas i ndán duit, cuid mhaith den am má labhrann tú Gaeilge le Garda. Leoga, tá muid uilig i ndiaidh cluinstin fá dtaobh de Ghaeilgeoirí ar thóg na Gardaí iad le blianta beaga anuas agus gan iad ag déanamh a dhath ach ag labhairt Gaeilge leofa.

Goilleann an fhadhb seo go mór ar dhaoine i nGaillimh ar ndóiche, ní gá ach cuairt a thabhairt ar ospidéal na hollscoile, chomh holc is atá an litriú agus an caighdeán Gaeilge ar na comharthaí agus níos measa ná sin, a laghad freastail a dhéantar ar chainteoirí Gaeilge i dteanga féin. Tá cuimhne mhaith agam féin a bheith istigh san ospideál sin agus gan an lucht foirne a bheith ábalta teanga dhúchais na n-othar as an Ghaeltacht a labhairt.

Ní thig ligint dó seo leanstan ar aghaidh. Seo sampla maith den phráinn a bhaineann lenár gcearta teanga.

Is léir dúinn nach bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm mar ba chóir. Níl ach 20 scéim teanga daingnithe le comhlachtaí poiblí roimh dheireadh na bliana seo, nuair atá 20 scéim eile imithe in éag cheana féin i 2013.
Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin féin, ''Go ginearálta, ní sár-bhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl''

Níl an rialtas sásta brú ar bith a chur ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal. Leoga, níl ann ach cur i gcéill a rá go bhfuil an rialtas ag freastal ar chuid cearta na gcainteoirí Gaeilge sa tír seo.

D'inis an Coimisinéir dúinn go raibh trí cheathrú de na scéimeanna teanga de chuid comhlachtaí agus eagraíochtaí stáit ligthe in éag gan athnuachan a bheith déanta orthu roimh dheireadh 2012.

Tá cinneadh le déanamh againn mar phobal. An bhfuil muid sásta ligint don Ghaeilge bás a fháil faoi réimeas rialtas atá cuid mhaith den am ar nós cuma liom fán teanga agus amantaí eile glan ina héadan? Nó an seasfaidh muid an fód? Caithfidh muid an rialtas seo a náiriú as an mhéid dochair atá siad ag déanamh don Ghaelteacht agus do phobal na Gaeilge. Is mithid dúinn troid ar ais!

Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, ní bheidh ionainn ach ''Sasana beag'' má fhaigheann an Ghaeilge bás sa tír seo. Féadaimis a rá anois go bhfuil an chuma ar an tír seo anois gur mó de Shasana beag nó b'fhéidir de Mheiriceá beag atá ann ná de Éire. I ndiaidh an iomláin, cuireann an rialtas iallach ar mhuinitir na tíre Béarla a labhairt le rannógaí agus institiúidí stáit.

Dá dhonnacht Fianna Fáil nuair a bhí siad i gcumhacht ba deacair Fine Gael agus Labour a shárú sa tslad atá siad ag déanamh ar an teanga leis na gearraithe siar ar fad agus an easpa gnímh i leith na héigeandála teanga atá anois ar bun sa tír. Níl amhras ar bith fá dtaobh do ach go bhfuil an rialtas seo de chuid Fine Gael agus Labour ar cheann de na rialtais ba mheasa i leith na Gaeilge agus cearta lucht a labhartha. Go dearfa tá an chuma anois orthu gur chuma leo fán teanga agus ní mian leo airgead ar bith a chaitheamh ar sheirbhísí fríd Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta ná do phobal na Gaeilge. €87,258 a fhaigheann an tAire Gaeltachta Dinny Mac Fhionnlaoich mar thuarastal ar son aimhleas na Gaeilge a dhéanamh. Tá sé in am do Dinny Mac Fionnlaoich éirí as a phost!

Tá an Ghaeilge go cinnte i ndíth shláinte agus níl an rialtas ag déanamh a dhath ach ag cruthadh tuilleadh trioblóide dúinn, ag diúltú seirbhísí fríd Ghaeilge a chur ar fáil. Anuas ar an imirce rábach amach as an tír tá dúshláin mhóra anois romhainn mar phobal teanga. Shílfeá gur polasaí cinnte de chuid an rialtais é daoine óga a dhíbirt amach agus an méidín beag suarach atá anois mar dól ann. Ní ionsaí ar an teanga amháin atá i ngníomhartha an rialtais ach ionsaí ar shaol na Gaeltachta agus phobal na tíre i gcoitinne.
Caithfidh an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus cothrom na féinne a thabhairt do chainteoirí Gaeilge na tíre seo. Caithfidh muidinne scéal mór a dhéanamh dó seo uilig agus síorbhrú a chur ar na polaiteoirí, ach ar ndóiche, ní thig linn brath ar an rialtas leis an Ghaeilge a shábháilt, is fúinne atá sé é a dhéanamh. Ba cheart do Ghaeil a bheith páirteach i Misneach sa dóigh is go dtig linn saol na Gaeilge a chothú ar an talamh.

Mar sin a chairde, seasaimis an fód ar ár son féin, ar son na teanga agus ar son an mhórphobail. Beidh Misneach ag eagrú tuilleadh imeachtaí sa bhliain úr, coinnigí ar an eolas fúinn, caithigí súil ar an bhlag agus seol r-phost chugainn más maith libh teacht chuig na cruinnithe.

Beirimis Bua!

Monday 16 December 2013

Agóid ar son ceart teanga!

Tá agóid eagraithe ag Misneach na Gaillimhe chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin atá tar éis éirígh as a phost dá bharr drochmheas an rialtais ar an nGaeilge agus cearta teanga na nGael.

Beidh muid ag bailliú le chéile ar an bhfaiche mhór, cathair na Gaillimhe, Dé Céadaoin bheag seo (an 18 Nollaig) ag a 3 i.n. chun ár bhfearg le neamhaird an rialtais a 'spaint.

Cearta Teanga = Cearta Daonna! Bí ann!



Wednesday 4 December 2013

Caint Phoiblí faoi Fhrithdhúnadh 1913






Caint ar 100 bliain ó Fhrithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath

le Aindrias Ó Cathasaigh

údar an leabhair nua
'An Diabhal in Uachtar in Áth Cliath:
Frithdhúnadh 1913 trí shúile na nGael'

Arna eagrú ag Misneach

Dé Sathairn, an 14ú Nollaig @ 3in in Árus na nGael.