Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Wednesday 30 April 2014

In aghaidh Bhéarlagair na Míleatachta

alt le Wolfi Landstreicher

Faraor, le blianta beaga anuas, tá an iomarca den scríbhneoireacht ag teacht as an streachailt shóisialta millte ag caint sheasc righin thraochta, caint mharbhánta ba dhóigh leat bheith ag teacht salach ar fhuinneamh na réabhlóidí á lua inti. Caint na míleatachta, nach mbaineann le saoirse, caint d'uireasa na hindibhidiúlachta a chothaíonn í féin in aghaidh an tsrutha. B'fhéidir gurb é is cúis leis seo, ar shlí, ná gur eascair coimhlintí an lae inniu as cruatan na linne; gur freagraí iad do bhoirbe na fírinne sóisialta, polaitiúla is eacnamaíochta. Ach conas gur féidir lena leithéid de fhreagra an fhírinne úd a shéanadh? Nach cóir go dtaispeánfadh cur chuige an fhreagra féin gur ag diúltú don bhfírinne curtha sin atáimid?

Is dul amú an mhíleatacht a shamhlú le teas nó díogras, nuair nach bhfuil sa mhíleatacht ach veist cheangail plátáilte á bhailiú timpeall ar loime an duine, ag righniú is ag cur teorainn lena ghluaiseachtaí. Samhlaítear dáiríreacht le diongbháilteacht cé nach bhfuil inti ach sclábhaíocht don teibíocht, don todhchaí, don anallód .i. géibheann féindéanta de chineál eile. Nach é sin díreach an rud gur cóir dúinn bheith diongbháilte gan géilleadh dó is sinn ag troid chun gach neomat dár saol a chur ar ár gcomhairle féin?

B'fhéidir gurb é is cúis leis seo ná go síleann an oiread sin daoine a bhfuil an streachailt shóisialta á plé acu gur daoránaigh iad féin atá ag cur in aghaidh na daoirse, seachas indibhidithe saora ag cruthú a saolta féin, ag aimsiú na gconstaicí don bpróiseas féinchruthaithe sin, is ag troid chun na constaicí sin a threascairt.

Ní gá cúl a thabhairt le fírinne na daoirse chun a ghlacadh: má fheidhmíonn ár dtionscnamh mar fhrithbheart don daoirse amháin go n-éirímid gafa sa daoirse sin. Caillimid ár saol féin, is ina theannta san, caillimid an neart chun a bhfuil romhainn a scrios. Is an frithbheart ag díriú ar thionscnamh na naimhde, coinníonn sé ar an gcosaint sinn is dearbhaíonn sé ár mbás (fiú ár mbua) trínár dtionscnamh féin a sciobadh uainn.

Mar sin, má thugaimid fénár dtionscnamh féin a chruthú is a eagrú as ár stuama féin, sinn fiáin chun bheith ag gluaiseacht ar feadh an domhain bhraonaigh inár neacha neamhspleách gan aidhm, ní shamhlóimid na rialtóirí, dúshaothraithe, póilíní, sagairt, breithimh, srl, le tíoránaigh a bhfuil an fód le seasamh againn ina gcoinne, ach mar chonstaicí atá le sriosadh ar an gconair..

Sa chomhthéacs sin amháin a gheobhaidh an scrios a bhrí éiritheach, fileata, réabhlóideach mar ghníomh fíor-thuilte ag diúltú do loighic na hoibre is ag oscailt na réaltachta don aer is don iontas. Ag an am sin amháin a bheidh an scrios is an spraoi ar scáth a chéile.


bunleagan:


Tuesday 15 April 2014

Cearta, Cothromas agus Cóir!

Mar a bheifeá ag súil leis, bhí Misneach na Gaillimhe amuigh ag tacú leis an "Lá Dearg", Mairseáil ar son Cearta Teanga na nGael i mBéal Feirtse an Satharn seo caite. Thuairiscigh TG4 gur ghlac suas le 10,000 páirt san ócáid. Ba mhór an t-éacht é seo ag Misneach Bhéal Feirste a raibh páirt lárnach acu in eagrú na hócáide, chomh maith leis na grúpaí pobal uilig eile a chuidigh go mór leis.

Deichniúr ar fad de chuid Misneach na Gaillimhe a fuaigh suas go dtí Béal Feirste agus fuair muid fearadh na fáilte ann agus taispeánadh comrádaíocht den scoith sa chomh-oibriú a bhí ar siúl idir na craobhacha ar fad de chuid Misneach agus an t-iliomad grúpaí eile a bhí cruinn le chéile ar son na cúise.

Thar éis an mhórshiúil bhí na céadta amuigh aríst istoíche do G-Spota ar leith, le ceol agus craic den scoth.

Cé go raibh lá agus deireadh seachtaine an-tairigiúil againn agus b'iontach an rath a bhí ar an rud ar fad, tá Misneach diongbháilte leanacht ar aghaidh leis an bhfeachtas seo agus an neart agus fuinneamh seo uilig a choinneáil suas agus muid ag streachailt ar son cearta agus cothromas. Níl seo ach ina thús!






http://www.meoneile.ie/ailt/an-tuaisceart-dearg-le-fearg#.U1AJMVefitF





Wednesday 9 April 2014

Graifítí dhátheangach sa chathair

Roinnt graifítí dhátheangach a cuireadh suas ar bhalla i lár na cathrach le gairid le teachtaireacht a thacódh Misneach le go láidir.


Tuesday 8 April 2014

Bus Fillte ó Ghaillimh go Béal Feirste

Le páirt a ghlacadh sa Lá Dearg

Dé Sathairn

12 Aibreán 2014

Ar Son ár gCearta Teanga!

Bus ag fágáil na hArd-Eaglaise ag 9.30rn.

Costas: €20 Filleadh

Bigí linn!

0860644185

Bíodh Misneach Againn!

Wednesday 2 April 2014

Agóid ag Roinn na Gaeltachta 2/4/14

Misneach na Gaillimhe agus Misneach Bhaile Átha Cliath in éineacht le pobal Chonamara ag picéad taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta inniu. 

Bhí cruinniú ar siúl faoi choimirce an rialtais faoi ''chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain'' agus shíl muidne i Misneach tacaíocht a thabhairt do dhream as Conamara a tháinig ann chun brú a chur ar an rialtas glacadh le héilimh s'acu:

 (i) Acht na Gaeltachta 2012 - a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh agus le go mbeidh bonn daonlathach curtha faoi roghnú baill an bhoird;

(ii) Bord Oideachais a chur ar bun le déileál le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta;

(iii) Soláthar a dhéanamh faoi Scéim na gColáistí Gaeilge do dhéagóirí ón nGaeltacht agus óna Gaelcholáistí, a bhfuil líofacht Ghaeilge acu cheana;

(iv) Polasaí earcaíochta an státchórais a leasú le go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain;

(v) Cúram na bhfoilseachán Ghaeilge a bhaint ó Fhoras na Gaeilge agus é a thabhairt do Bhord Neamhspléach;

(vi) Scéim fiúntach a chur ar bun in áit Scéim Labhairt na Gaeilge, mar a gealladh nuair a cuireadh deireadh leis;

(vii) Roinn na Gaeltachta a athbhunú mar Roinn Stáit as féin;

(viii) Neamhspléachas Oifig an Choimisinéara Teangacha a dhearbhú agus deireadh a chur leis an gcomhnascadh le Oifig an Ombudsman;

(ix) Cruinnithe an Choiste Comhairleach a bheith craolta ar an idirlíon agus oscailte dona meáin;

(x) An Stráitéis 20 Bliain a leasú le go mbeidh spriocanna réadúla chuile 5 bhliain leagaithe síos agus le go mbeidh ról monatóireachta ag Oifig an Choimisinéara Teanga;

(xi) Cúram na Scéimeanna Teanga a dhaingniú a fhágaint faoi Oifig an Choimisinéara Teanga.



Cearta Teanga agus Fad Saoil don Ghaeltacht!!