Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Thursday, 2 February 2017

Feachtas Greamáin ar bun ag Misneach sna Forbacha


Go minic in áiteacha Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú, cuirtear an-bhéim ar shiombalachas an mhionteanga. De bharr a chóngaireacht do chathair na Gaillimhe (12km) tá an-éileamh ar Na Forbacha ag inimircigh mar áit cónaithe gar don chathair ach le h-áiseanna na tuaithe (trá, portach etc).

Go minic ní bhíonn suim dá laghad ag sciar de na n-inimirceach seo sa gcultúr Gaeltachta agus a gcuid fócas caite soir i dtreo na cathrach, rud a fhágann Gaeltacht Chonamara mar terra incognita dóibh. 

Suimiúl go maith bíonn an Ghaeilge ag tuile agus trá gach trathnóna sa bpub áitiúil ag braith ar cé atá i lathair. Tá an Ghaeilge ag formhór na ndaoine de bhunú na háite atá ós cionn 50 ach léiríonn taighde a dearnadh le deireannas nach as an nGaeltacht ach 40% de thuismitheoirí gasúir in aois scoilíochta atá anois ina gcónaí sa gceantar.

Fadhb eile shochtheangeolaíoch a bhíonn i nGaeltachtaí ná an inimirceach a bhfuil fuinneamh aige nó aici agus atá lán sásta cur le caipiteal sóisialta an phobail ach nach bhfuil sásta é seo a dhéanamh trí Ghaeilge (de bharr nach bhfuil siad chun an stró a chur orthu féin í a fhoghlaim).
Tá samplaí le feiscint sna pictiúirí seo den cur agus cúiteamh feiceálach teangeolaíoch seo.

Tuesday, 24 January 2017

Feachtas litreacha á thosú ag Misneach - Preasráiteas agus teimpléad litreach!

An Státseirbhíseach is sinsearaí i Roinn na Gaeltachta agus gan Gaeilge líofa aici? – Feachtas litreacha á eagrú ag MISNEACH

Preasráiteas Eanáir 2017
Leis an bhfógra ar tuairisc.ie gur ceapadh Ard-Rúnaí nua i Roinn naGaeltachta nach bhfuil líofacht sa Ghaeilge aici, tá MISNEACH ag éileamh ar bhaill de phobal na Gaeilge atá tinn tuirseach den drochíde seo litreacha agus/nó ríomhphoist i nGaeilge a scríobh chuig an rúnaí nuacheaptha.
Is sampla eile é seo den drochmheas atá á léiriú ag lucht na cumhachta ar phobal na Gaeilge. Seo tuilleadh den chur i gcéill i leith na Gaeilge a spreag an tIar-Choimisinéir Teanga le héirigh as a phost in 2013, agus is léir do chách nach bhfuil rudaí ach imithe in olcas ó shin.

Cé go bhfuil an easpa riachtanas Gaeilge sa chóras earcaíochta cáinte arís is arís ag an gCoimisinéir Teanga reatha, ag grúpaí teanga, agus ag an Uachtarán féin, fiú, chreid an rialtas nach raibh aon ghá le Gaeilge a bheith ar a toil ag an státseirbhíseach is sinsearaí a bhfuil freagracht uirthi as cúrsaí Gaeilge.  

Creideann MISNEACH gur gá do phobal na Gaeilge seasamh a thógail in aghaidh an drochmheasa seo, agus gur tús maith a bheas san fheachtas litreacha seo chun léiriú do lucht na cumhachta nach bhfuil muid sásta luí siar go ciúin in am seo na cinniúna dár dteanga. Tá sé léirithe arís is arís go bhfuil an teanga i mbaol sna Gaeltachtaí, agus go bhfuil gá le tacaíocht shuntasach a thabhairt di lena todhchaí a chinntiú.

Tá an rialtas ag cur iachaill ar phobail Ghaeltachta pleananna teanga a scríobh chun a stádas Gaeltachta a choinneáil. Ní hamháin nach bhfuil siad sásta deimhniú go mbeidh maoiniú ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna seo, ach níl siad féin sásta na céimeanna is bunúsaí a thógáil le ceannaireacht a léiriú. Nuair nach bhfuil siad sásta Ard-Rúnaí le Gaeilge líofa a cheapadh i Roinn na Gaeltachta, is deacair a chreidiúint gur féidir leo bheith ag súil go seasfaidh pobal na Gaeilge an fód in aghaidh an chreimidh sna blianta atá romhainn.

Ná luímis siar, ná ligimis don Ghaeilge bás a fháil trí fhaillí an rialtais!
Tuilleadh eolais ó Kerron Ó Luain, urlabhraí náisiúnta Mhisneach - +353 86 980 0371
                                                                    -------------------
Tuigeann muid go bhfuil daoine graitheach agus go bhfuil sé deacair an t-am a fháil le litir a chur le chéile. Mar sin, tá an teimpléad seo a leanas curtha le chéile againn agus cead ag agaibh é a úsáid mar atá nó a athrú mar is mian libh:

Seol ar aghaidh chuig an Ard-Rúnaí Katherine Licken le do thoil:



Katherine, a chara,


Táim ag scríobh chugat mar bhall de phobal na Gaeilge [agus de phobal na Gaeltachta] agus mar shaoránach. Ó ghlac tú le do phost mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta tá cúram anois ort plé le muintir na Gaeltachta agus le pobal na Gaeilge go ginearálta. An mbeidh tú in ann é seo a dhéanamh mar is ceart, ós rud é nach bhfuil líofacht na teanga agat?


Tuigtear dúinn go bhfuil iarrachtaí ar bun agat chun do chuid Gaeilge a fheabhsú, agus tá sé sin le moladh. Mar sin féin, caithfidh tú tuiscint go bhfuil go leor againn i bpobal na Gaeilge ar buile gur ceapadh duine nach bhfuil ardchaighdeáin sa teanga aige. In 2013 d’éirigh an tIar-Choimisinéir teanga as a phost mar agóid in aghaidh mheon an rialtais i leith na Gaeilge. Tá sé ráite ag a chomharba nach bhfuil rudaí dulta i bhfeabhas ó shin, agus nuair a fheiceann muid go bhfuil tusa, an stáitseirbhíseach is sinsearaí le freagracht as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ceaptha in ainneoin d’easpa líofachta sa Ghaeilge, cuireann sé faitíos agus brón orainn. 


Is ísliú stádais é do cheapachán arís don teanga, i ndiaidh ceapacháin an aire gan Ghaeilge. Tá sé soiléir nach bhfuil suim dá laghad ag an Aire Humphreys sa chuid “Gaeltachta” dá post, agus leisce uirthi ón uair a ceapadh í bheith ag plé le pobal na teanga. Anuas ar sin, tugann sé teachtaireacht iomlán mícheart do na ceantair Ghaeltachta a bhfuil an stát tar éis an cúram a leagadh orthu a bpleananna teanga féin a scríobh agus a bhainistiú. Caithfear ardú misnigh a thabhairt do na pobail sin trí cheapacháin mar is ceart a dhéanamh, ach is é a mhalairt atá déanta anseo.


Cé nach gcreideann muid gur chóir duit glacadh le do phost sa chéad áit nuair nach bhfuil cumas sách ard sa Ghaeilge agat, impíonn muid anois ort feabhas a chur ar do chuid Gaeilge chomh luath agus is féidir agus tabhairt faoi do chuid oibre ag tacú leis an nGaeltacht in am seo na práinne leis an díograis agus an dúthracht atá tuillte againn ar fad. Níl am le cur amú ag an nGaeltacht ag fanacht leat.

Is mise,

------------


Seol ag

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha,

Tuaithe agus Gaeltachta,

Sráid Chill Dara,

BÁC 2

nó ag na na seoltaí r-phoist seo a leanas:






PS - Tá alt an-mhaith ag tuairisc.ie anseo http://tuairisc.ie/aire-stait-na-gaeltachta-chun-aghaidh-a-thabhairt-ar-theip-choras-earcaiochta-gaeilge-an-stait/ a léiríonn cé chomh dona is atá fadhb na hearcaíochta sa státseirbhís agus an laghad measa atá acu ar na Gaeil. SÉ LÁ hréis don Aire Stáit ag rá go raibh rún aige "aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo, ceapadh Ard-Rúnaí i Roinn na Gaeltachta gan Gaeilge líofa! Tá sé soiléir go bhfuil géarghá leis an bhfeachtas seo!