Ná habair é, Déan é!
"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain
Monday, 25 November 2013
Bígí ann!!!
An chéad G-spota i gCathair na dTreabh le tarlú An Satharn beag seo - ná cailligí é!
Tá leathnach imeachta ar facebook le tuilleadh sonraí.
Saturday, 23 November 2013
Lá Mór Gnaitheach ag Misneach Inné

Tháinig muid le chéile sa Mheitheal
Rothar ar champas na hollscoile i rith an lae, áit ar thosaigh muid
ar an obair. Bhí deichniúr nó mar sin againn i láthair ag
péinteáil dhá mheirge. Ceann ar mhaithe le cuairt Enda leis na
focail seo a leanas scríofa air: ''Enda Kenny Ghoid Tú an Nollaig
Orainn'' agus ceann eile ansin a bheadh ina mheirge ginearálta ag
Misneach. Anuas air sin scríobhadh téacs bileoige i nGaeilge agus i
mBéarla le haghaidh na hócáide. Ach faoi dheireadh d'éirigh thar
barr linn – crochadh suas an meirge go hard agus dáileadh amach na
bileoige. Bhí mórán comrádaithe i láthair ag Misneach agus bhí
an chuma go ndeachaigh muid go mór i bhfeidhm ar an bpobal.

Lá Gníomhíochta i nGaillimh
Bhuail baill Misneach na Gaillimhe le chéile
inne an 22 Samhain chun a gcuid feirge in aghaidh polasaithe déine an
rialtais a léiriú.
Eagraíodh ceardlann chun meirgí a phéinteáil
agus bileogaí a ullmhu chun fáilte feiliúnach a chur roimh thaoiseach na tíre,
an léine ghorm lofa sin, a bhí i nGaillimh i mbun stocaireachta agus ag
iarraidh é féin a dheasadh isteach le muintir na cathrach, cé go bhfuil a
rialtas féin ag déanamh slad marfach ar chaighdeán maireachtála na daoine
céanna – agus é ar fad déanta ar mhaitheas le lucht an rachmais!
Scaipeadh bileoga dhátheangach i measc na
sluaite a bhí i láthair ag an margadh Nollag ar an bhfaiche mhór agus cuireadh
in iúl go soiléir tuairmí Misneach na Gaillimhe in aghaidh an slímadóir salach seo.
Ina dhiaidh sin sheol ball Misneach Béal
Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, a leabhar iontach nua “Language, Resistance
and Revival” in Áras na nGael ar shráid Dominic. Bhí caint agus díospóireacht fíor-spéisiúil
agus spreagúil ann ag an ócáid a thug neart mhisnigh do chuile dhuine den slua
mór (thart ar 30 duine!) a bhí i láthair.
Leanann an troid ar aghaidh!
*Beidh grianghraif ón lá thuas againn ar
ball.
Friday, 8 November 2013
Misneach go stairiúil.
Ar ndóigh is cuid de thraidisiún radacach seanbhunaithe i leith na Gaeilge é Misneach an lae inniú. Seo daoibh alt spéisiúil leis an Ainrialaí agus Baile Átha Cliathach Donal Fallon faoin méid a bhí á deanamh ag réamhtheachtaithe s'againne beagnach leathchéad bliain ó shin, foinse inspioráide dúinn ar fad sa lá atá inniu ann go cinnte!
http://comeheretome.com/2012/12/19/the-misneach-hunger-strike-1966/
Agus freisin, físeán ghearr ó TG4 faoin eagraíocht:
Béirigí Bua!
http://comeheretome.com/2012/12/19/the-misneach-hunger-strike-1966/
Agus freisin, físeán ghearr ó TG4 faoin eagraíocht:
Béirigí Bua!
Subscribe to:
Posts (Atom)