
Léiríonn an taighde nua, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta, go bhfuil cumas i bhfad díos fearr sa mBéarla ná sa nGaeilge ag greabairí óga i gcuid de na ceantair ghaeltactha is láidre sa tír, cé gurb í an Ghaeilge an teanga atá acu sa mbaile.
Ar ndó, tagann ráiteas Uí Churnáin agus an taighde nú seo leis an méid atá le rá ag Misneach le fada an lá. Agus an ghéarchéim theanga seo ag titim amach os ár gcomhair agus an ionsaí fiachmhar atá ag lucht an rachmais agus na cumhachta ag déanamh orainn le blianta anuas ó thaobh ciorruithe agus taillí, is mithid dúinn athrú mór a bhaint amach sa gcaoi a cáitear le gnáthdaoine na tíre - ó thaobh cultúir agus daonnacht de.
Éist leis an mír nuachta fhéin anseo:
http://www.rte.ie/radio/utils/radioplayer/rteradioweb.html#!type=radio&rii=17%3A20685761%3A1719%3A20%2D11%2D2014%3A
Agus tá tráchtaireacht ar an ráiteas seo ar fáil ar an suíomh nuachta nua, tuairisc.ie:
http://tuairisc.ie/reabhloid-phobail-de-dhith-i-bhfianaise-taighde-gaeltachta/