Preas Ráiteas ó Mhisneach Bhaile Átha Clí
Fáilte roimh ainmneachaí Ghaeilge ar Facebook!
Tuaraim
is dhá mhí ó shin tháinig sé chun solais go raibh Facebook ag glanadh daoine le
hainm Gaeilge óna suíomh agus ag iarraidh orthu cáipéisí a chur ar fáil ag
cruthú go raibh siad ag baint feidhm as a “fíor ainm”. Sé sin le rá, an t-ainm
a n-úsáideann siad lasmuigh de Facebook ó lá go lá agus go bhfuil aitheantas “oifigiúl”
acu dó.
Mar
go gcothaíonn éilimh mar sin fíor-deacreachtaí do phobail dhátheangach, áit
nach bhfuil gach éinne cláraithe leis an stát ina ainm Ghaeilge, thosaigh
Misneach ag gníomhú i dtreo agóid chun go bhféadfaí teacht ar leigheas ar an
scéal. Tar éis do Misneach agóid a eagrú, agus é seo a fhógairt sna meáin,
chuaigh Facebook i dteagmháil leis an ngrúpa, agus le Conradh na Gaeilge, chun
cruinniú a reáchtáil leo. Bhuail ionadaithe den dhá dream Ghaeilge le Facebook
inné (28/09/2015).
Ag
caint dó mar gheall ar an gcruinniú dúirt urlabhraí de chuid Misneach, Kerron Ó
Luain:
‘Bhí
cruinniú torthúil againn le hionadaithe Facebook ina gceanncheathrú i mBaile
Átha Cliath inné. Rinne ionadaí Facebook geallúintí soiléire, go raibh fáilte roimh
dhaoine a n-ainmneachaí a aistriú go Ghaeilge ar an suíomh gan aon cháipéisí
aitheantas a thaispeáint. Freisin go raibh oiliúint leanúnach á gcur ar a gcuid
fostaithe chun tuiscint níos fearr a bheith acu ar an gcomhthéacs cultúrtha
éagsúla óna dtagann úsáideoirí difriúla. Agus ar bharr sin go raibh siad ag
obair ar fadhbannaí ródúcháin maidir leis na gceisteanna seo, rud a gciallódh
go mbeadh na daoine leis an saineolas chaoi ag plé le cásannaí áirithe.’
Lean
Ó Luain leis:
‘Tá
Facebook tar éis geallúintí a thabhairt do Misneach anois nach leanfar leis an
idirdhealú a bhí á dhéanamh ar Ghaeil ar an suíomh. Freisin, tá siad tar éis an
cás a tharraing ard ar an gceist seo i measc Gaeil sa chéad dul síos, cás
Laoighseach Ní Chositealbha, a réiteach agus leithscéal a ghabhadh léi. Aréir,
ghlac coiste náisiúnta Misneach agus coiste Misneach BÁC vóta daonlathach sa
gcomhthéacs seo gan dul ar aghaidh leis an agóid lasmuigh de Facebook a bhí
beartaithe don 7ú Deireadh Fómhair. Ag an bpointe seo tá Misneach sásta dul in
iontaoibh geallúintí Facebook.’
Chríochnaigh
Ó Luain:
‘Mar
sin féin, cé go bhfáiltíonn muid leis na geallúintí seo, táimid chun bheith
airdeallach amach anseo chomh maith. Tá a fhios againn gur tugadh geallúintí
don phobail LGBT i Meiriceá, ach go háirithe don feachtas #MyNameIs, agus do
ionadaí ón bpobal céanna anseo in Éirinn, agus nár chomhlíonn Facebook a gcuid
beartais. Luaigh Misneach cás an phobail sin, agus cás na mionlaigh eile ar nós
Bundúchasaigh Meirceá, ag an gcruinniú agus tá súil againn go ndéanann Facebook
athbhreithniú níos leithne ar an mbeartas “fíor ainm” acu amach anseo chun
tabhairt san áireamh nach féidir cur síos, nó cáipéisí, “oifigiúl” a bheith ann
i gcónaí d’fhéiniúlacht dhaoine. Ach inniu tá Misneach sásta fógairt go bhfuil
bua ann do na Gaeil. Léiríonn an bua, maraon le bua muintir Oileáin Árainn inné
chun an tseirbhís eitleáin a choimeád, an cumhacht a bhaineann le hagóid.
Samhlaigh stádas agus cearta teanga na nGael dá mba rud é go raibh muid sásta
an phobal a ghríosadh i gcoinne gach ísliú stádas agus na hionsaithe eile atá
ag dul ar aghaidh faoi láthair!’