Go minic in áiteacha Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú, cuirtear an-bhéim ar shiombalachas an mhionteanga. De bharr a chóngaireacht do chathair na Gaillimhe (12km) tá an-éileamh ar Na Forbacha ag inimircigh mar áit cónaithe gar don chathair ach le h-áiseanna na tuaithe (trá, portach etc).
Go minic ní bhíonn suim dá laghad ag sciar de na n-inimirceach seo sa gcultúr Gaeltachta agus a gcuid fócas caite soir i dtreo na cathrach, rud a fhágann Gaeltacht Chonamara mar terra incognita dóibh.
Suimiúl go maith bíonn an Ghaeilge ag tuile agus trá gach trathnóna sa
bpub áitiúil ag braith ar cé atá i lathair. Tá an Ghaeilge ag formhór na
ndaoine de bhunú na háite atá ós cionn 50 ach léiríonn taighde a
dearnadh le deireannas nach as an nGaeltacht ach 40% de thuismitheoirí
gasúir in aois scoilíochta atá anois ina gcónaí sa gceantar.
Fadhb eile shochtheangeolaíoch a bhíonn i nGaeltachtaí ná an inimirceach a bhfuil fuinneamh aige nó aici agus atá lán sásta cur le caipiteal sóisialta an phobail ach nach bhfuil sásta é seo a dhéanamh trí Ghaeilge (de bharr nach bhfuil siad chun an stró a chur orthu féin í a fhoghlaim).
Tá samplaí le feiscint sna pictiúirí seo den cur agus cúiteamh feiceálach teangeolaíoch seo.