Dálta
mórán daoine eile fríd an tír, nuair a
mhothaigh lucht misneach anseo i nGaillimh go raibh bodaigh mhóra
agus maistíní an G8 le bheith cruinn le chéile
ar thailte na hÉireann shíl muid go gcaithfeadh muid
dul ann agus a thaispeáint daofa nach raibh fáilte dá
laghad rompu. Ní bheadh an dara rogha againn ach tabhairt faoi
iarracht dháiríre cur isteach ar chruinniú
cheannairí an chaipitleachais oiread agus a thiocfadh linn.
Chan amháin go raibh an G8 le teacht go hInis Ceithleann ach
bheadh an ócáid diabhalta á húsáid
mar bholscaireacht ag na Sasanaigh le fógairt don tsaol mhór
go bhfuil tuaisceart ár dtíre go fóill faoina
smacht agus go bhfuil an chosmhuintir cloíte acu.
Shocraigh
muid i bhfad roimh ré go mbeadh muid ann agus ar nós na
ngníomhaithe uilig eile, bhí brionglóidí
breátha againn den chineál gníomhaíochta
a d'fheicfeadh muid ann. Má tá cuimhne ag duine ar bith
agaibh ar Rostock nó ar Genoa na hIodáile thuigfeadh
sibh go díreach caidé atá i gceist agam. Sea,
creideann muid go gcaithfear beart a dhéanamh de réir
briathair, nach leor máirseáil suas 's anuas ach go
gcaithfear dul i ngleic go fisiciúil leis an namhaid atá
againn go léir, is é sin le rá an caipitleachas
agus lucht a riartha.
Ar
ndóigh ní mar a shíltear a bhítear agus
bhí díomá ar dhuine ar bith a bhí ag
dréim le gníomhaíocht dhíreach. Faoi
stiúr an pháirtí shóisialaigh níor
bhac an chuid ba mhó den tslua le hionradh ar bith a dhéanamh
thar chonstaicí na bpóilíní agus, leoga,
ba mhór na constaicí iad: sreang dheilgneach agus
sconsa mór miotail, gan labhairt ar na mílte muc le
gunnaí ag bhí ag faire anuas ó mhullaí na
gcnoc orainn. Agus ba deacair locht a fháil ar dhaoine nach
dtáinig fhad leis an iarracht briseadh fríd, nó
bhí eagla a gcraicinn orthu go dtógfaí iad nó
b'fhéidir fiú go scaoilfí leofa. Sea, seans gur
ag snámh in aghaidh easa a bhí muid nuair nach raibh
ach dornán beag baoideach daoine againn le hais an tslua mhór
amhas a bhí cruinnithe ag na Gaill as Sasana, Meiriceá
agus tíortha eile.
B'uafásach,
go dearfa, an radharc a bhí ann, póilíní
gan áireamh agus uirlisí báis ina nglaic acu,
drones Mheiriceá ar
eiteog san aer, ingearáin ag eitilt thart fosta, na ballaí
miotail agus an tsreang dheilgneach, shílfeá go raibh
cogadh faoi lán tseoil. Mar sin féin bhí
gníomhaithe Misneach as Gaillimh sásta bualadh le
comrádaithe Gael as achan chearn den tír, chuir sé
lúcháir orainn an oiread sin den tslua a chluinstin ag
labhairt a dteanga féin. Ba é an sméar mhullaigh
castáil le scaifte gasúraí ó Bhéal
Feirste a tháinig le meirge mór Misneach dá
gcuid féin. Ar feadh an mháirseáil d'fhéach
muid ar fad le manaí i nGaeilge a scairteadh amach agus
corruair thosódh daoine eile ag scairtigh na manaí
céanna chomh maith.
Is
furasta a bheith diúltach nuair nach bhfeiceann muid an líon
daoine a mbeadh muid ag súil leis ach de thairbhe feachtas
sceimhle an stáit bhí barraíocht eagla ar mhórán
daoine a theacht amach. San am i láthair caithfidh lucht na
heite clé díriú ar an eagrú ar an talamh
i measc an phobail le féin-mhuinín agus le dóchas
a thógáil. Nó go ndéanfar sin ní
fheicfidh muid na sluaite a b'ait linn. Cuid den streachailt sin atá
i Misneach, dream a fhéachas le hathghabháil ár
dteanga a bhaint amach i measc na cosmhuintire. Leanfar leis an
streachailt! Beirimis Bua!
Tuilleadh pictiúirí le teacht ar ball...
|
"Ceard 'tá uainn?! SAOIRSE! Cén uair?! ANOIS!" Lucht Misneach ar an mórshiúl. |