Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Thursday, 15 May 2014

Cabaret Craiceáilte i nGaillimh an Aoine bheag seo!!

Beidh an Cabaret Craiceáilte, ceann de na oícheanta sóisialta is mó i bhféilire na nGael ag tarlú i nGaillimh an Aoine bheag seo san Óstán Galway Bay ar Bhóthar na Trá.

Beidh sé ag tosú ag a 10.30i.n. agus beidh an clár lán go béal le Rónán Ó Snódaigh, The Temporary, Conor Keane 7 Ringo Mc Donagh, Lunatic Spoons, Blooze Ghaoth Dobhair, Tura Aru Tura, Marian Ní Chonghaile, Séamus Barra Ó Súílleabháin 7 go leor eile. Tá taille €5 ar chead isteach.

Bígí ann! Tacaimis le pobal na Gaeilge i gCathair na dTreibheanna!

Monday, 5 May 2014

Dlúthpháirtíocht leis an Lucht Siúil



Tugadh faoi deara go bhfuil Graffiti  Gaelach a thacaíonn leis an Lucht Siúil curtha suas ar chomharthaí ciníocha in éadan an lucht siúil i ngar do Mhionloch, an Bhreac-Ghaeltacht ar an taobh ó thuaidh de Chathair na Gaillimhe. Is suntasach freisin gur cuireadh suas greamathóirí Misneach in éineacht leis an Graffiti.

Tuigtear do Mhisneach na Gaillimhe gur cuireadh na comharthaí seo suas le gairid in áit a mbíodh cuid carbhán daoine den lucht siúil ag stopadh go minic.

Tréaslaíonn Misneach na Gaillimhe leis an dream a rinne an gníomh seo. Léiríonn an ealaíon phoiblí seo comhbhá agus dlúthpháirtíocht leis an lucht siúil, dream atá go mór faoi chois sa tír seo.

Go deimhin is fuath le Misneach an ciníochas agus leatrom de chineál ar bith agus tá muid den tuairim go gcaithfidh muid uilig seasamh gualainn le gualainn chun an ceann is fearr a fháil ar mhaistíní ciníocha dálta lucht na gcomharthaí in éadan an lucht siúil. Is cuma cén áit a bhfeictear an ciníochas nó cén dreach nó leagan atá air, is call dúinn ar fad an fód a sheasamh ina aghaidh.


Saturday, 3 May 2014

Todhchaí na Gaeltachta

"...is baolach go bhfuil deireadh ré na Gaeltachta mar chomhthionól pobal Gaeilge á thuar ag faisnéis an tsuirbhé seo...Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht" - Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007: 27 (linne an bhéim).

Ná déanaimis dearmad ar seo a chairde. Ar ndóigh, scríobhadh an tuairisc seo sular thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta a bhfuil cosmhuintir na tíre thíos léi ó shin. Níl an scéal ach hréis dul in olcais agus tá neamhaird iomlán á dhéanamh ag an saorstáit lofa ar an gceist práinneach seo. Agus nuair a imíonns croíphobail na teanga, is deacair a shamhlú go mairfidh an teanga i bhfad eile gan é...

Tá gríomh láidir ar son na Gaeilge ag teastáil go géar. Muna anois é, cén uair?