Siod an ráiteas a léadh amach ag an gcruinniú poiblí a bhí ag Misneach i mí Iúil. Léiríonn sé an dearcadh atá againn i leith na Gaeilge agus na polaitíochta, agus an gá le feachtasaíocht radacach, Ghaelach.
A dhaoine uaisle,
Nuair a bunaíodh Misneach trí bhliain ó
shin bhí sé mar phríomhaidhm againn dul i ngleic le meath na Gaeltachta.
Ar nós go leor daoine ag an am chonaiceamar go raibh an córas
eacnamaíochta caipitleach tar éis teipeadh in Éirinn don tarna uair
laistigh de ghlúin amháin. Sna h80ídí bhí an eisimirce agus an
dífhostaíocht forleathan sa tír. Agus anois, ainneoin iarrachtaí Rialtas
Baile Áth Cliath é a cheilt, tá muid ar ais sa suíomh céanna.
Níl aon dabht ach go bhfuil rudaí maithe, dearfacha tar éis tarlú ó
thaobh na Gaeltachta de le déanaí. Tá polasaí oideachas Gaeltachta á
fhorbairt a thugann dóchas go gcuirfear deireadh leis an
droch-chaighdeáin oiliúint atá á fháil ag go leor daltaí sa cheantair.
Faoi láthair tá an Ghaeilge á mhúineadh mar an dara teanga agus
scoileannaí Béarla sa Ghaeltacht á mhaoiniú ag an stát. Tá súil againn
go réiteoidh an polasaí nua na fadhbannaí sin. Chomh maith leis sin, an
tseachtain seo chaite osclaíodh Lár Ionad Forbartha Gaeltachta agus
Gaeilge i mBaile an Fheirtéaraigh. Rud iontach.
Ach cé go bhfuil
go leor rudaí maithe bainte amach maidir leis an nGaeilge, i gcomparáid
leis na hionsaithe atá á dhéanamh ar an teanga is áit in aghaidh na
sopa iad.
Tá an dífhostaíocht tar éis an Ghaeltacht a bhualadh go
láidir, ach go háirithe Gaeltacht Dún na nGall. Anuraidh cailleadh 142
post i Largo Foods agus i mbliana, i Mí Bhealtaine, cailleadh 145 post i
Ruibéar Mótair Teoranta. Tá an ráta dífhostaíochta ag beagnach 20% in
Iarthar Thír Chonaill. Sa Ghaeltacht ar an iomlán tá níos mó postannaí á
chailliúnt ná mar atá á chruthú.
Agus cé a d’ocscail an ionad
Gaeltachta a luaigh mé ansin, ach duine gan Ghaeilge, an iar aire
Gaeltachta Jimmy Deenihan. Agus faraor, leis na fíricí a chuireadh os ár
gcomhair i dTuairisc Uí Ghiollagáin le déanaí tá sé deacair an fhírinne
shearbh a shéanadh go bhful an Ghaeltacht ag meath. Níl aon dul as.
Bheadh sé níos éasca gan dul i ngleic go fírinneach leis an tubaiste seo
agus leanúint ar aghaidh mar atá, ag cur béime ar na rudaí dearfacha
agus na polaiteoirí ag gearadh ribíní.
Ach ó bunaíodh an stát tá
líon na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht tar éis titim go leanúnach
agus tá an cuma ar an scéal nach stopfaí an t-iompú teanga in am.
Bhí an Lá Mór againn an bhliain seo chaite chun ár mí-shásacht a léiriú
faoin meath seo agus go leor rudaí eile lena hais. D’éirigh go hiontach
leis an ócáid agus suas le 10,000 Gaeil ar shráideannaí na
hArdchathrach. Céard a tharla ina dhiaidh ó thaobh meon na ndaoine?
Spreagadh go leor daoine cinnte. Na díograiseoirí in eagraíochtaí ar
nós Conradh na Gaeilge lean siad ag treabhadh leo ar son na cúise, agus
molann muidne i Misneach iad. Agus úsáidimid an ráiteas seo mar dheis
dlúthpháirtíocht a léiriú leo agus iarraidh orthu comhoibriú linn chun
dul chun cinn níos
fearr a dhéanamh do na Gaeil.
Bhí Gaeil eile
spreagtha chun grúpaí nua pobail a bhunú nó chuaigh siad ar ais ag cinn a
bhí bunaithe cheana agus tine lasta futhu. Molaimid go hard obair
leithéidí Pobal Ghaeilge 15 agus Gaelphobal Thamhlachta, mar shampla.
Ach sa réimse pholaitiúil céard a tharla? Bhuel, ní rófhada ina dhiaidh
an Lá Mór, an Lá Dearg agus an mhórshiúil i gConamara ceapadh Aire
Gaeltachta gan Ghaeilge, Joe McHugh, duine de triúr aire a bhfuil cúram
Gaeilge orthu ach gan an teanga bheith acu.
Tá Misneach den
barrúil gur cailleadh deis ag an bpointe sin a rá leis an stát nach
scaoilimis leo dá ndéanfaidís muid a mhaslú agus ísliú céime a thabhairt
dúinn mar phobail. Cailleadh an móiminteam a bhí ann i ndiaidh na
hagóidí, feachtas níos leanúnaí agus níos radaiciúla a thógáil. Feachtas
a thabharfadh dúshlán don stát thar tréimhse fhada chun ár gcearta
teanga iomlána a bhaint amach.
Anois, tá sé fíor gur dul chun
cinn mór é borradh na Gaeilscoileannaí. Agus baineadh amach an bua sin
le feachtasíocht agus stocaireacht den ghnáth chineáil a fheidhmíonn
laistigh de limistéir an dlí.
Chomh maith le sin, nuair a bhí
díospóireacht faoi céard a bhí i gceist leis an radaiciúlacht roinnt
blianta ó shin nuair a bunaíodh Misneach dúirt Gaeil amháin linn gur an
rud is radaiciúla gurbh fhéidir a dhéanamh ná páistí a thógáil trí
Ghaeilge. Aontaíonn Misneach le sin i go leor bealaí. Agus tuigimid an
ról tábhachtach atá leis an obair mhall, crua agus díograiseach sna
Gaeilscoileannaí, sna naíonraí agus sna heagraíochtaí Gaeilge eile.
Ach, má bhreathnaíonn muid siar ar na huaireantaí ar bhain Gaeil amach
roinnt de na buanna is mó ó thaobh ár gcearta teanga a éileamh ón stát
le tríocha bliain anuas is nuair ar úsáideadh an easumhlaíocht sibhialta
nó nuair a bhí muid sásta bheith ar na sráideannaí. I lár na 1960idí,
agus seans go labhróidh Eoin ar seo, bhain baill den chéad Misneach
athrú sa dlí amach ó thaobh doiciméid a cur ar fáil do chúrsaí dleathúla
i nGaeilge tar éis feachtas ina ndeachaigh na baill go príosúin.
Bhí mórshiúlta is cruinnithe leanúnach ag Gluaiseacht Cearta Sibhialta
na Gaeltachta sna 1960idí. Baineadh amach R na G agus Údarás na
Gaeltachta. Sna 1980idí diúltaíodh cáin telifise a íoc, dreapadh aeróga,
chuaigh daoine go príosúin arís. Baineadh amach T na G.
Cén
fáth go gceapann muid sa lá atá inniu ann go gcaomhnódh an stát ár
gcearta nó go dtabharfadh sé ard na muice orainn mura bhfuil muid réidh
chun na taicticí céanna a úsáid?
Agus ní hé nach bhfuil éileamh
ann don chineál feachtasíocht seo i measc Gaeil. Tá cinnte. Molaimid
óige Bhéal Feirste anseo ach go háirithe atá tar éis tosnú ag pleanáil
go neamhspleách i dtreo mórshiúil mór i mBaile Átha Cliath i 2016. Tá sé
ar intinn acu freisin forógra Gaeilge a scríobh a thabhairfaidh dúshlán
don dhá stát in Éirinn a dhualgaisí dleathúla agus morálta a
gcomhlíonadh i leith na teanga.
An bun-cheist dár linne i
Misneach ná, le 10 mbliain fágthaí ag an Ghaeltacht an féidir linn
leanúint ar aghaidh leis na gnáth-bhealaí stocaireachta i ndáiríre?
Mhol Conchúr Ó Giollagáin cruinniú mollaigh de pholaiteoirí agus na
heagraíochtaí Gaeilge chun dul i ngleic leis an éigeandáil sa Ghaeltach.
Mhol sé freisin chomharchumman Gaeltachta a cuireadh na seirbhísí stáit
caoi ar fáil do mhuintir an cheantair. Dár ndóigh ceann de na forbairtí
is fearr le roinnt blianta anuas ná Tuismitheoirí na Gaeltachta atá go
bunúsach bunaithe ar phrionsabal an chomharchumman. In Irish Times an
lae inné mhol Ó Giollagáin freisin Dáil na nGael chun an daonlathas a
fhorbairt sa Ghaeltacht agus ionad taighde chun an dea-chleachtas ar
pholaisaithe teanga a cur chun cinn. Is tús maith a bheadh i sin cinnte.
Tá daoine eile den tuairim, agus seans go bhfuil roinnt dóibh sa seomra
seo anocht, gur ghá fórsa nua pholaitiúl Ghaeilge teacht ar an bhfód a
bhféadfadh tionchar níos mó a imirt ar an stát.
Tá Misneach den
tuairim gur ghá nascannaí a chruthú le gluaiseachtaí eile fórásacha. Má
sheasann na Gaeil le cosmhuintir na tíre bainfidh muid níos mó amach. Ag
an bpointe seo breathnaítear orainn mar dhream a mbreathnaíonn amach
dár leasa féin amháin. Má theastaíonn uainn an Ghaeltacht a shábháil
beidh tacaíocht pobail na tíre i gcoitinne de dhíth. Tuairim is coicís ó
shin bhí ollchruinniú i mBaile Átha Cliath de roinnt ceardchumman agus
páirtithe pholaitiúla a d’fhéadfadh bheith sa rialtas tar éis an chéad
olltoghcháin eile. B’fhéidir go mbeidh na dreamannaí sin i gcumhacht i
2016 agus b’fhéidir nach mbeidh. De réir na pobailbhreith is déanaí,
seans maith go mbeidh Fine Gael agus Lucht Oibre, an rialtas is
frith-Ghaelaí le fada an lá, i gcumhacht arís.
Ach d’aontaigh an
ollchruinniú ar roinnt pholasaithe i leith tithíochta, sláinte agus an
cháin uisce, rud a gcaithfeadh na hionadaithe toghcháin sna bpáirtithe
sin claígh leo. Dár ndóigh ní raibh tagairt ar bith den Ghaeilge. Agus
cén fáth go mbeadh? An bhfuil Gaeil ag seasamh, i mbealach eagraithe, le
cosmhuintir na tíre sa ghluaiseacht is mó sóisialta ó bunaíodh an stát?
Tá sé éasca a rá nár chóir de na Gaeil bheith polaitiúl agus na
leithscéalta céanna is a chloistear go minic a úsáid. Ach i ndáiríre is
ceist pholaitiúl í meath na Gaeltachta. Nár cinneadh polaitiúl a bhí ann
buiséid caipiteal Údarás na Gaeltachta a ghearradh 75%? Nár cinneadh
pholaitiúl a bhí ann Joe McHugh a cheapadh? An fhírinne ná go bhfuil
polasaithe na déine ag marú na Gaeltachta agus an tír go ginearálta.
Mar a dúirt ceann de mhuintir na Gaeltachta in agallamh le Tuairisc
punc i.e. le déanaí, ‘cén fáth go gceapfaí go bhfanfaimis beo mar
phobail Ghaeilge nuair a fuair an chuid eile bás?’
Ceard iad na
haidhmeanna atá againne i Misneach chun dul i ngleic le seo? Tá muinín
againn in aidhmeanna Conchúr Ó Giollagáin agus Conradh na Gaeilge. Is
fuinneamh amú a bheadh ann dá dtosnódh muidne ag cumadh aidhmeanna
éagsúla, agus bheadh sé éasca é sin a dhéanamh mar go bhfuil an méid sin
mícheart faoi láthair. Ach níos tábhachtaí ná na spriocannaí, ag an
bpointe seo, ná na módhannaí a bhfuileamar chun úsáid chun iad a bhaint
amach. Is cuma cén aidhmeanna atá againn mura mbainfear amach iad. Mar
sin, fágfaimid an mion-pholasaí agus an phleanáil teanga do na
saineolaithe caoi.
An t-aidhm atá ag Misneach i ndáiríre ná
iarracht a dhéanamh dioscúrsa nua a thosnú ar an straitéis is fearr
feachtasaíochta chun go mbainfimís amach na spriocannaí atá againn mar
Ghaeil.
Tá go leor le bheith dearfach faoi i leith na Gaeilge,
agus níor mhaith linn go bhfágfadh daoine ag ceapadh gur grúpa atá
dírithe ar bheith diúltach é Misneach, mar ní bheadh sin fíor ar cor ar
bith. Tá oícheantaí sóisialta dearfacha a bhfuil an óige chun cinn
curtha ar siúil againn anseo i mBleá Cliath agus i Nua Eabhrac, agus ar
bhonn níos minicí i nGaillimh agus Béal Feirste. Agus molaimid arís an
obair uilig a théann ar aghaidh i measc an phobail agus sna
heagraíochtaí, agus na buananna a bhaintear amach ó bhliain go bhliain
agus ó lá go lá.
Ach ó thaobh na Gaeltachta de, ní féidir an
fhírinne shearbh a sheachaint. Caithfidh muid straitéis iomlán nua, nach
mbraitheann ar na polaiteoirí agus a thugann dúshlán dóibh siúd i
gcumhacht, a chumadh. É sin nó níl dabht ar bith ann go mbeidh muid ar
an nglún ar lig don Ghaeltacht fáil bháis.