Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Thursday 6 August 2015

Ráiteas Poiblí

Siod an ráiteas a léadh amach ag an gcruinniú poiblí a bhí ag Misneach i mí Iúil. Léiríonn sé an dearcadh atá againn i leith na Gaeilge agus na polaitíochta, agus an gá le feachtasaíocht radacach, Ghaelach.


A dhaoine uaisle,

Nuair a bunaíodh Misneach trí bhliain ó shin bhí sé mar phríomhaidhm againn dul i ngleic le meath na Gaeltachta. Ar nós go leor daoine ag an am chonaiceamar go raibh an córas eacnamaíochta caipitleach tar éis teipeadh in Éirinn don tarna uair laistigh de ghlúin amháin. Sna h80ídí bhí an eisimirce agus an dífhostaíocht forleathan sa tír. Agus anois, ainneoin iarrachtaí Rialtas Baile Áth Cliath é a cheilt, tá muid ar ais sa suíomh céanna.

Níl aon dabht ach go bhfuil rudaí maithe, dearfacha tar éis tarlú ó thaobh na Gaeltachta de le déanaí. Tá polasaí oideachas Gaeltachta á fhorbairt a thugann dóchas go gcuirfear deireadh leis an droch-chaighdeáin oiliúint atá á fháil ag go leor daltaí sa cheantair. Faoi láthair tá an Ghaeilge á mhúineadh mar an dara teanga agus scoileannaí Béarla sa Ghaeltacht á mhaoiniú ag an stát. Tá súil againn go réiteoidh an polasaí nua na fadhbannaí sin. Chomh maith leis sin, an tseachtain seo chaite osclaíodh Lár Ionad Forbartha Gaeltachta agus Gaeilge i mBaile an Fheirtéaraigh. Rud iontach.

Ach cé go bhfuil go leor rudaí maithe bainte amach maidir leis an nGaeilge, i gcomparáid leis na hionsaithe atá á dhéanamh ar an teanga is áit in aghaidh na sopa iad.

Tá an dífhostaíocht tar éis an Ghaeltacht a bhualadh go láidir, ach go háirithe Gaeltacht Dún na nGall. Anuraidh cailleadh 142 post i Largo Foods agus i mbliana, i Mí Bhealtaine, cailleadh 145 post i Ruibéar Mótair Teoranta. Tá an ráta dífhostaíochta ag beagnach 20% in Iarthar Thír Chonaill. Sa Ghaeltacht ar an iomlán tá níos mó postannaí á chailliúnt ná mar atá á chruthú.

Agus cé a d’ocscail an ionad Gaeltachta a luaigh mé ansin, ach duine gan Ghaeilge, an iar aire Gaeltachta Jimmy Deenihan. Agus faraor, leis na fíricí a chuireadh os ár gcomhair i dTuairisc Uí Ghiollagáin le déanaí tá sé deacair an fhírinne shearbh a shéanadh go bhful an Ghaeltacht ag meath. Níl aon dul as. Bheadh sé níos éasca gan dul i ngleic go fírinneach leis an tubaiste seo agus leanúint ar aghaidh mar atá, ag cur béime ar na rudaí dearfacha agus na polaiteoirí ag gearadh ribíní.

Ach ó bunaíodh an stát tá líon na gcainteoirí Ghaeilge sa Ghaeltacht tar éis titim go leanúnach agus tá an cuma ar an scéal nach stopfaí an t-iompú teanga in am.

Bhí an Lá Mór againn an bhliain seo chaite chun ár mí-shásacht a léiriú faoin meath seo agus go leor rudaí eile lena hais. D’éirigh go hiontach leis an ócáid agus suas le 10,000 Gaeil ar shráideannaí na hArdchathrach. Céard a tharla ina dhiaidh ó thaobh meon na ndaoine?

Spreagadh go leor daoine cinnte. Na díograiseoirí in eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge lean siad ag treabhadh leo ar son na cúise, agus molann muidne i Misneach iad. Agus úsáidimid an ráiteas seo mar dheis dlúthpháirtíocht a léiriú leo agus iarraidh orthu comhoibriú linn chun dul chun cinn níos
fearr a dhéanamh do na Gaeil.

Bhí Gaeil eile spreagtha chun grúpaí nua pobail a bhunú nó chuaigh siad ar ais ag cinn a bhí bunaithe cheana agus tine lasta futhu. Molaimid go hard obair leithéidí Pobal Ghaeilge 15 agus Gaelphobal Thamhlachta, mar shampla.

Ach sa réimse pholaitiúil céard a tharla? Bhuel, ní rófhada ina dhiaidh an Lá Mór, an Lá Dearg agus an mhórshiúil i gConamara ceapadh Aire Gaeltachta gan Ghaeilge, Joe McHugh, duine de triúr aire a bhfuil cúram Gaeilge orthu ach gan an teanga bheith acu.

Tá Misneach den barrúil gur cailleadh deis ag an bpointe sin a rá leis an stát nach scaoilimis leo dá ndéanfaidís muid a mhaslú agus ísliú céime a thabhairt dúinn mar phobail. Cailleadh an móiminteam a bhí ann i ndiaidh na hagóidí, feachtas níos leanúnaí agus níos radaiciúla a thógáil. Feachtas a thabharfadh dúshlán don stát thar tréimhse fhada chun ár gcearta teanga iomlána a bhaint amach.

Anois, tá sé fíor gur dul chun cinn mór é borradh na Gaeilscoileannaí. Agus baineadh amach an bua sin le feachtasíocht agus stocaireacht den ghnáth chineáil a fheidhmíonn laistigh de limistéir an dlí.

Chomh maith le sin, nuair a bhí díospóireacht faoi céard a bhí i gceist leis an radaiciúlacht roinnt blianta ó shin nuair a bunaíodh Misneach dúirt Gaeil amháin linn gur an rud is radaiciúla gurbh fhéidir a dhéanamh ná páistí a thógáil trí Ghaeilge. Aontaíonn Misneach le sin i go leor bealaí. Agus tuigimid an ról tábhachtach atá leis an obair mhall, crua agus díograiseach sna Gaeilscoileannaí, sna naíonraí agus sna heagraíochtaí Gaeilge eile.

Ach, má bhreathnaíonn muid siar ar na huaireantaí ar bhain Gaeil amach roinnt de na buanna is mó ó thaobh ár gcearta teanga a éileamh ón stát le tríocha bliain anuas is nuair ar úsáideadh an easumhlaíocht sibhialta nó nuair a bhí muid sásta bheith ar na sráideannaí. I lár na 1960idí, agus seans go labhróidh Eoin ar seo, bhain baill den chéad Misneach athrú sa dlí amach ó thaobh doiciméid a cur ar fáil do chúrsaí dleathúla i nGaeilge tar éis feachtas ina ndeachaigh na baill go príosúin.

Bhí mórshiúlta is cruinnithe leanúnach ag Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta sna 1960idí. Baineadh amach R na G agus Údarás na Gaeltachta. Sna 1980idí diúltaíodh cáin telifise a íoc, dreapadh aeróga, chuaigh daoine go príosúin arís. Baineadh amach T na G.

Cén fáth go gceapann muid sa lá atá inniu ann go gcaomhnódh an stát ár gcearta nó go dtabharfadh sé ard na muice orainn mura bhfuil muid réidh chun na taicticí céanna a úsáid?

Agus ní hé nach bhfuil éileamh ann don chineál feachtasíocht seo i measc Gaeil. Tá cinnte. Molaimid óige Bhéal Feirste anseo ach go háirithe atá tar éis tosnú ag pleanáil go neamhspleách i dtreo mórshiúil mór i mBaile Átha Cliath i 2016. Tá sé ar intinn acu freisin forógra Gaeilge a scríobh a thabhairfaidh dúshlán don dhá stát in Éirinn a dhualgaisí dleathúla agus morálta a gcomhlíonadh i leith na teanga.

An bun-cheist dár linne i Misneach ná, le 10 mbliain fágthaí ag an Ghaeltacht an féidir linn leanúint ar aghaidh leis na gnáth-bhealaí stocaireachta i ndáiríre?

Mhol Conchúr Ó Giollagáin cruinniú mollaigh de pholaiteoirí agus na heagraíochtaí Gaeilge chun dul i ngleic leis an éigeandáil sa Ghaeltach. Mhol sé freisin chomharchumman Gaeltachta a cuireadh na seirbhísí stáit caoi ar fáil do mhuintir an cheantair. Dár ndóigh ceann de na forbairtí is fearr le roinnt blianta anuas ná Tuismitheoirí na Gaeltachta atá go bunúsach bunaithe ar phrionsabal an chomharchumman. In Irish Times an lae inné mhol Ó Giollagáin freisin Dáil na nGael chun an daonlathas a fhorbairt sa Ghaeltacht agus ionad taighde chun an dea-chleachtas ar pholaisaithe teanga a cur chun cinn. Is tús maith a bheadh i sin cinnte.

Tá daoine eile den tuairim, agus seans go bhfuil roinnt dóibh sa seomra seo anocht, gur ghá fórsa nua pholaitiúl Ghaeilge teacht ar an bhfód a bhféadfadh tionchar níos mó a imirt ar an stát.

Tá Misneach den tuairim gur ghá nascannaí a chruthú le gluaiseachtaí eile fórásacha. Má sheasann na Gaeil le cosmhuintir na tíre bainfidh muid níos mó amach. Ag an bpointe seo breathnaítear orainn mar dhream a mbreathnaíonn amach dár leasa féin amháin. Má theastaíonn uainn an Ghaeltacht a shábháil beidh tacaíocht pobail na tíre i gcoitinne de dhíth. Tuairim is coicís ó shin bhí ollchruinniú i mBaile Átha Cliath de roinnt ceardchumman agus páirtithe pholaitiúla a d’fhéadfadh bheith sa rialtas tar éis an chéad olltoghcháin eile. B’fhéidir go mbeidh na dreamannaí sin i gcumhacht i 2016 agus b’fhéidir nach mbeidh. De réir na pobailbhreith is déanaí, seans maith go mbeidh Fine Gael agus Lucht Oibre, an rialtas is frith-Ghaelaí le fada an lá, i gcumhacht arís.

Ach d’aontaigh an ollchruinniú ar roinnt pholasaithe i leith tithíochta, sláinte agus an cháin uisce, rud a gcaithfeadh na hionadaithe toghcháin sna bpáirtithe sin claígh leo. Dár ndóigh ní raibh tagairt ar bith den Ghaeilge. Agus cén fáth go mbeadh? An bhfuil Gaeil ag seasamh, i mbealach eagraithe, le cosmhuintir na tíre sa ghluaiseacht is mó sóisialta ó bunaíodh an stát?


Tá sé éasca a rá nár chóir de na Gaeil bheith polaitiúl agus na leithscéalta céanna is a chloistear go minic a úsáid. Ach i ndáiríre is ceist pholaitiúl í meath na Gaeltachta. Nár cinneadh polaitiúl a bhí ann buiséid caipiteal Údarás na Gaeltachta a ghearradh 75%? Nár cinneadh pholaitiúl a bhí ann Joe McHugh a cheapadh? An fhírinne ná go bhfuil polasaithe na déine ag marú na Gaeltachta agus an tír go ginearálta.

Mar a dúirt ceann de mhuintir na Gaeltachta in agallamh le Tuairisc punc i.e. le déanaí, ‘cén fáth go gceapfaí go bhfanfaimis beo mar phobail Ghaeilge nuair a fuair an chuid eile bás?’


Ceard iad na haidhmeanna atá againne i Misneach chun dul i ngleic le seo? Tá muinín againn in aidhmeanna Conchúr Ó Giollagáin agus Conradh na Gaeilge. Is fuinneamh amú a bheadh ann dá dtosnódh muidne ag cumadh aidhmeanna éagsúla, agus bheadh sé éasca é sin a dhéanamh mar go bhfuil an méid sin mícheart faoi láthair. Ach níos tábhachtaí ná na spriocannaí, ag an bpointe seo, ná na módhannaí a bhfuileamar chun úsáid chun iad a bhaint amach. Is cuma cén aidhmeanna atá againn mura mbainfear amach iad. Mar sin, fágfaimid an mion-pholasaí agus an phleanáil teanga do na saineolaithe caoi.

An t-aidhm atá ag Misneach i ndáiríre ná iarracht a dhéanamh dioscúrsa nua a thosnú ar an straitéis is fearr feachtasaíochta chun go mbainfimís amach na spriocannaí atá againn mar Ghaeil.
Tá go leor le bheith dearfach faoi i leith na Gaeilge, agus níor mhaith linn go bhfágfadh daoine ag ceapadh gur grúpa atá dírithe ar bheith diúltach é Misneach, mar ní bheadh sin fíor ar cor ar bith. Tá oícheantaí sóisialta dearfacha a bhfuil an óige chun cinn curtha ar siúil againn anseo i mBleá Cliath agus i Nua Eabhrac, agus ar bhonn níos minicí i nGaillimh agus Béal Feirste. Agus molaimid arís an obair uilig a théann ar aghaidh i measc an phobail agus sna heagraíochtaí, agus na buananna a bhaintear amach ó bhliain go bhliain agus ó lá go lá.

Ach ó thaobh na Gaeltachta de, ní féidir an fhírinne shearbh a sheachaint. Caithfidh muid straitéis iomlán nua, nach mbraitheann ar na polaiteoirí agus a thugann dúshlán dóibh siúd i gcumhacht, a chumadh. É sin nó níl dabht ar bith ann go mbeidh muid ar an nglún ar lig don Ghaeltacht fáil bháis.

No comments:

Post a Comment