Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Friday, 1 May 2015

'TÁ' ar son an Chomhionnanais - le Elaine Jennings

Graifítí úr ar shráid sa gcathair le gairid
Ar an 22 Bealtaine, reachtálfar reifreann ar chomhionannas pósta in Éirinn. Mar atá faoi láthair, tá cearta áirithe dlíthiúla ar fáil do lánúineacha atá i bpáirtnéireacht shibhialta le chéile. Cén difríocht a bheadh i gceist, mar sin, dá nglacfaí le rún an reifrinn agus dá dtabharfaí cead do na lánúineacha seo pósadh? Céard é an dioscúrsa polaitiúil atá taobh thiar den díospóireacht? Agus céard iad na gnéithe follasacha agus folaithe den díospóireacht seo?

Tá liosta de 160 difríocht idir pósadh agus páirtnéireacht shibhialta curtha le chéile ag an ngrúpa Marriage Equality, atá i mbun feachtais ar son chomhionannais phósta. Pointí teicniúla agus miondifríochtaí maidir le cearta maoine, cáin, pinsin, srl. atá ann den chuid is mó. Mar sin féin, mura mbeadh ann ach ceist na cánach agus mar sin de, dhéanfadh athchóiriú ar pháirtnéireacht shibhialta cúis. Cén fáth, mar sin, a bhfuil gá le cearta pósta do lánúineacha aeracha?

Ar an gcéad dul síos, gach uair a dhéantar plé ar chomhionannas pósta, tagann ceist na bpáistí go mór chun cinn. Baineann chuid mhaith de na 160 difríocht atá aitheanta ag Marraige Equality le páistí, agus is cinnte gurb í an chnámh spáirne is mó a thagann chun cinn sa díospóireacht phoiblí. Tá sé sách deacair teacht ar fhíricí cruinne i measc na tuairimíochta uilig faoin tionchar a bheadh ag beirt tuismitheoirí den ghnéas céanna ar pháiste, ach is cinnte gurb ann dóibh. Tá roinnt mhaith taighde déanta – staidéir údarásacha a rinne an  American Psychological Society agus an Australian Psychological Society mar shampla – a léiríonn go mbíonn folláine na bpáistí a bhfuil tuismitheoirí LADT (LGBT) acu ar a laghad chomh maith céanna le páistí le tuismitheoirí heitrighnéasacha, in ainneoin na ndeachrachtaí suntasacha a chruthaíonn leithcheal an dlí dóibh.

Is furasta a fheiceáil, áfach, cén fáth a bhfuil an cheist seo tar éis éirí chomh conspóideach sin sa díospóireacht phoiblí. Tuigeann an dream atá in aghaidh an reifrinn go maith gur éasca i bhfad ceannteidil mhothálacha nuachtáin a chumadh faoi fholláine na bpáistí ná faoi chúrsaí cánach. Cumtar scéalta mothúchánacha faoi pháistí bochta a mhaireann gan dea-shampla na máithreacha nó na n-aithreacha a bheith mar chuid dá saol. Níos gránna arís, cruthaítear sna tablóidigh scéalta colúla faoi ghasúir a chloiseann a gcuid aithreacha sa seomra leapa agus mar sin de (mar, de réir dealraimh, eispéireas i bhfad ní b’fholláine a bheadh ann dá gcloisfí daoine heitrighnéasacha á dhéanamh sin!)
Postaer ar son comhionannais ón ár gcairde Gaeil in Albain!



Is trua, ar bhealach, go dtugtar an oiread sin airde ar lucht na tuairimíochta sna meáin chumarsáide, in ionad na n-eolaithe sóisialta a bhfuil taighde ceart déanta acu ar an ábhar, mar tugann sé seo tús áite do thuairimí gan bhunús agus do chlaontacht in ionad fíricí. Mar sin féin, d’fhéadfadh an clúdach corraitheach seo sna meáin chumarsáide buntáiste a tabhairt do lucht tacaíochta an reifrinn. Agus é ag labhairt sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le déanaí, mhol Dustin Lance, scríbhneoir scripte an scannáin Milk, do lucht tacaíochta an reifrinn leas a bhaint as a gcuid scéalta pearsanta chun daoine a spreagadh chun vóta a chaitheamh ar son chomhionannais phósta. Táthar ag súil go mbeidh tuiscint níos fearr ag an lucht vótála ar thábhacht an reifrinn má fheiceann siad an taobh daonna den scéal.

Creidimse féin, áfach, nach iad na scéalta pearsanta seo bun agus barr ghluaiseacht an chomhionannais phósta. Ní dóigh liom féin gurb iad cúrsaí cánach ná dlíthe oidhreachta, ná fiú na páistí, croílár na ceiste seo. Go bunúsach, baineann sé le ceist na teanga.

Tá macallaí mothúchánach ag an bhfocal ‘pósadh’ a théann i bhfad siar i gcuimhne an duine. Ag deireadh an tsíscéil, pósann an prionsa agus an bhanphrionsa. Cloiseann gasúir óga daoine fásta agus iad ar bís ag caint faoi bhainiseacha atá le tarlú. Tuigeann siad gur ócáid lárnach é, gur pointe cinniúnach i saol an duine atá sa phósadh.

I gcomparáid leis seo, tá rud éigin fuar, dleathaíoch ag roinnt leis an téarma ‘páirtnéireacht shibhialta’, ar nós go bhfuil beirt ag dul i mbun gnó le chéile in ionad a bheith ag roinnt a saoil lena  chéile.  An dtaitníonn cáca bainise leat? Níl an cáca ceiliúrtha páirtnéireachta sibhialta chomh mealltach céanna. Agus ‘an ndéanfaidh tú páirtnéireacht shibhialta liom?’ – níos feiliúnaí don seomra comhdhála ná don bhialann rómánsúil.

Shílfeá, b’fhéidir, go bhfuil an difríocht céille seo sách suarach mar chúis le reifreann, ach d’fhéadfadh an focal ‘pósadh’ tionchar mór a imirt ar an gcaoi a mbreathnaítear ar chaidrimh chomhghnéis. Tá sé de nós ag daoine leas a bhaint as friotal na collaíochta nuair atá siad ag plé caidrimh chomhghnéis, agus an taobh ceanúil, grámhar den chaidreamh a ligint i ndearmad. Tá tionchar suntasach ag an gcineál teanga a úsáidtear nuair atáthar ag caint faoi dhaoine atá leispiach, aerach nó déghnéasach – tugann an téarma ‘sexual orientation’ le tuiscint nach bhfuil i gceist leis an gcaidreamh ach an ghné chollaí, mar shampla. Tá macallaí éagsúla ag an bhfocal ‘pósadh’. Tuigtear go bhfuil geall, agus grá, ag baint le ‘pósadh’; gur rud buan, seasmhach é. Cruthaíonn ‘pósadh’ íomhá de lánúin roinneann gach gné den saol le chéile, lánúin a bhíonn ag déanamh cúraim dá chéile, ag dul ag siopadóireacht agus ag glanadh na cistine le chéile, ag tabhairt aire dá chéile in am an ghátair.

Athrú caolchúiseach, ach tábhachtach a bheadh ann dá bhféadfaí an bhéim a leagan ar na cosúlachtaí idir caidrimh chomhghnéis agus caidrimh heitrighnéasacha (grá, comhbhá, dílseacht) in ionad an aon ruda amháin atá éagsúil , is é sin an taobh collaí den chaidreamh. Múnlaíonn an teanga meon phobal a labhartha. Tá na mianta agus na tnúthán céanna á roinnt ag lánúineacha aeracha is atá ag lánúineacha heitrighnéasacha cheana féin, níl in easnamh ach an t-aitheantas oifigiúil. Má thugann lucht vótála na hÉireann an deis dúinn an focal ‘pósadh’ a roinnt eadrainn freisin, léireoidh sé go dtuigeann siad an méid sin agus go bhfuil siad ag iarraidh go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile in aibíocht leis an tuiscint chéanna.


No comments:

Post a Comment