alt le Wolfi Landstreicher
Faraor, le blianta beaga anuas, tá an iomarca den
scríbhneoireacht ag teacht as an streachailt shóisialta millte ag caint sheasc
righin thraochta, caint mharbhánta ba dhóigh leat bheith ag teacht salach ar
fhuinneamh na réabhlóidí á lua inti. Caint na míleatachta, nach mbaineann le
saoirse, caint d'uireasa na hindibhidiúlachta a chothaíonn í féin in aghaidh an
tsrutha. B'fhéidir gurb é is cúis leis seo, ar shlí, ná gur eascair coimhlintí
an lae inniu as cruatan na linne; gur freagraí iad do bhoirbe na fírinne
sóisialta, polaitiúla is eacnamaíochta. Ach conas gur féidir lena leithéid de
fhreagra an fhírinne úd a shéanadh? Nach cóir go dtaispeánfadh cur chuige an
fhreagra féin gur ag diúltú don bhfírinne curtha sin atáimid?
Is dul amú an mhíleatacht a shamhlú le teas nó
díogras, nuair nach bhfuil sa mhíleatacht ach veist cheangail plátáilte á
bhailiú timpeall ar loime an duine, ag righniú is ag cur teorainn lena
ghluaiseachtaí. Samhlaítear dáiríreacht le diongbháilteacht cé nach bhfuil inti
ach sclábhaíocht don teibíocht, don todhchaí, don anallód .i. géibheann
féindéanta de chineál eile. Nach é sin díreach an rud gur cóir dúinn bheith
diongbháilte gan géilleadh dó is sinn ag troid chun gach neomat dár saol a chur
ar ár gcomhairle féin?
B'fhéidir gurb é is cúis leis seo ná go síleann an
oiread sin daoine a bhfuil an streachailt shóisialta á plé acu gur daoránaigh
iad féin atá ag cur in aghaidh na daoirse, seachas indibhidithe saora ag cruthú
a saolta féin, ag aimsiú na gconstaicí don bpróiseas féinchruthaithe sin, is ag
troid chun na constaicí sin a threascairt.
Ní gá cúl a thabhairt le fírinne na daoirse chun a
ghlacadh: má fheidhmíonn ár dtionscnamh mar fhrithbheart don daoirse amháin go
n-éirímid gafa sa daoirse sin. Caillimid ár saol féin, is ina theannta san,
caillimid an neart chun a bhfuil romhainn a scrios. Is an frithbheart ag díriú
ar thionscnamh na naimhde, coinníonn sé ar an gcosaint sinn is dearbhaíonn sé
ár mbás (fiú ár mbua) trínár dtionscnamh féin a sciobadh uainn.
Mar sin, má thugaimid fénár dtionscnamh féin a
chruthú is a eagrú as ár stuama féin, sinn fiáin chun bheith ag gluaiseacht ar
feadh an domhain bhraonaigh inár neacha neamhspleách gan aidhm, ní shamhlóimid
na rialtóirí, dúshaothraithe, póilíní, sagairt, breithimh, srl, le tíoránaigh a
bhfuil an fód le seasamh againn ina gcoinne, ach mar chonstaicí atá le sriosadh
ar an gconair..
Sa chomhthéacs sin amháin a gheobhaidh an scrios a
bhrí éiritheach, fileata, réabhlóideach mar ghníomh fíor-thuilte ag diúltú do
loighic na hoibre is ag oscailt na réaltachta don aer is don iontas. Ag an am
sin amháin a bheidh an scrios is an spraoi ar scáth a chéile.
bunleagan: