Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Friday 21 November 2014

"Réabhlóid Phobail" ag teastáil don Ghaeltacht de reir údar taighde nua

Deir an Dr. Brian Ó Curnáin, duine de na príomhúdar ar an taighde nua ar chumas teanga páistí óga na Gaeltachta, go bhfuil "Réabhlóid Phobail" ag teastáil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a thabhairt slán. Ag labhairt dó ar nuacht a haon ar RnaG inné dúirt an Dochtúir Ó Curnáin go bhfuil gá le "tearmainn teanga" a bhunú agus réabhlóid a chur i gcrích chun todhchaí na teanga a chinntiú.

Léiríonn an taighde nua, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta, go bhfuil cumas  i bhfad díos fearr sa mBéarla ná sa nGaeilge ag greabairí óga i gcuid de na ceantair ghaeltactha is láidre sa tír, cé gurb í an Ghaeilge an teanga atá acu sa mbaile.

Ar ndó, tagann ráiteas Uí Churnáin agus an taighde nú seo leis an méid atá le rá ag Misneach le fada an lá. Agus an ghéarchéim theanga seo ag titim amach os ár gcomhair agus an ionsaí fiachmhar atá ag lucht an rachmais agus na cumhachta ag déanamh orainn le blianta anuas ó thaobh ciorruithe agus taillí, is mithid dúinn athrú mór a bhaint amach sa gcaoi a cáitear le gnáthdaoine na tíre - ó thaobh cultúir agus daonnacht de.


Éist leis an mír nuachta fhéin anseo:
http://www.rte.ie/radio/utils/radioplayer/rteradioweb.html#!type=radio&rii=17%3A20685761%3A1719%3A20%2D11%2D2014%3A

Agus tá tráchtaireacht ar an ráiteas seo ar fáil ar an suíomh nuachta nua, tuairisc.ie:
http://tuairisc.ie/reabhloid-phobail-de-dhith-i-bhfianaise-taighde-gaeltachta/

Monday 10 November 2014

Bella Ciao / Slán a Chroí

Amhrán Mór Frith-fhaisisteach an Domhain Aistrithe go Gaeilge
Don chéad uair ariamh beidh an t-amhrán clúiteach frith-fhaisisteach Iodálach ''Bella Ciao'' á cheol go beo beithíoch i dteanga bhlasta na Gaeilge. Cúla Búla, banna nua-thrad as Gaillimh a bheas ag ceol an amhráin seo Déardaoin beag seo in Árus na nGael. Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Seanán Mac Aoidh, beirt ghníomhaithe de chuid Misneach a d'aistrigh an t-amhrán ar na mallaibh.

Buailigí isteach chuig Club Árus na nGael ar shráid Dhoiminic i gCathair na Gaillimhe ar an 13ú Samhain ar a 10 a chlog san oíche go gcloisfidh sibh an t-amhrán breá seo á cheol i nGaeilge don chéad uair ariamh beo ar an stáitse.

Seo iad na focla sa chaoi go mbeidh sibh in ann bheith páirteach sa chanadh ar an oíche údaí agus le haghaidh laethanta eile níos faide anonn!


Ar maidin moch
do mhúscail mé
o bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
Ar maidin moch
do mhúscail mé
agus fuaireas an t-ionróir

A pháirtínigh
tabhair ar shiúl mé
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
A pháirtínigh
tabhair ar shiúl mé
is sa bhearna baoil atáim.

Má fhaighim bás
mar pháirtíneach
slán a chroí slán a chroí
slán a chroí chroí chroí
Má fhaighim bás
mar pháirtíneach
déan tusa mé a chur

Déan mé a chur
thuas ar an tsliabh
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
Déan mé a chur
thuas ar tsliabh
faoi scáth an bhláithín úd

Is na daoine
ag dul thar bráid
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
is na daoine
is iad a' rá
nach álainn an bláth úd

Seo é bláth
an pháirtínigh
slán a chroí slán a chroí
slán a chroí chroí chroí
Seo é bláth
an pháirtínigh
fuair bás ar son saoirse.





Thursday 4 September 2014


Irish Language Classes for Everyone!

Ranganna Gaeilge do Chách!

 

Ever wanted to learn the Irish Language?

An bhfuil cúpla focal agat?

Ar mhaith leat an dlaíóg mhullaigh a chur ar do chuid Gaeilge?


You know nothing of the language but really want to learn?
Do you have some Irish but want to improve?
Seo í do dheis! / This is your opportunity!



Misneach, with support from Comaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, has organised Irish classes for 2014-2015. There will be a beginners and an intermediate class running from September 2014 to April 2015.

The Beginners class will be on 6pm to 7pm on Wednesdays in AC202, on the concourse in the NUIG campus.

The Intermediate class will be on 6pm to 7pm on Thursdays in AC202, on the concourse in the NUIG campus

The first classes of the course will start on Wednesday 24th of September and will end in April 2015.

There is a suggested donation of €1 per person per class. This will go to covering costs.

To register for classes or for more info send an e-mail to
misneachnagaillimhe@gmail.com

Tuesday 5 August 2014

G-Spota ar an 30ú Lúnasa le Ceol ó Thír na mBascach


Tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh sár-ghrúpa ceoil traidisiúnta as Tír na mBascach ag bualadh ag an G-Spota i nGaillimh ar an 30ú Lúnasa. Beidh an gig speisialta seo ar siúl in Árus na nGael ar a naoi a chlog agus níl ach €3 mar chostas ar an doras.

Ceolchoirm faoi leith a bheas ann. Seo an chéad uair againn ceol as Tír na mBascach, nó leoga, as tír ar bith eile, a bheith linn ag an G-Spota. Bualann an banna meascán iontach suimiúil ceoil atá bunaithe ar cheol traisisiúnta na mBascach agus na hÉireann.

Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair ar oibrigh Misneach leis na Bascaigh nó tá meas mór againn orthu mar dhream daoine a chaomhnaigh cultúr agus teanga s'acu féin agus a throideann ar son a gcuid ceart mar thír faoi leith. Bhéarfaidh an ócáid seo deis do phobal na Gaeilge i nGaillimh theacht le chéile mar is gnáth agus ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr féin i gcuideachta na gcuairteoirí seo as Tír na mBascach.

Anuas air sin, beidh mar a bhíonn de ghnáth, scéalaíocht ann i dtús na hoíche agus ag a deireadh beidh DJ s'againn féin, tagtha aduaidh ó Ghaoth Dobhair, Rob Ó Maoilchiaráin, ag bualadh fonn agus ag casadh ceirníní go maidin.

Bí ann, bí Gaelach agus beidh an chraic againn!




Cloverwind - an grúpa ó Thír na mBascach
Agus seo daoibh blaiseadh den cheol a bheas le cloisteáil ar an oíche:

Friday 13 June 2014

Caint an-mhaith le ball Mhisneach Bhéal Feirste

Siod taifead de chaint phoiblí a thug Feargal Mac Ionnrachtaigh, gníomhaí teangan agus ball de Mhisneach Bhéal Feirste, faoina leabhar "Language, Resistance & Revival". Cé go bhfuil an chaint seo i mBéarla is fiú go mór éisteacht leis, mar is gnáth tá neart rudaí spéisiúla le rá ag Feargal.



Tá tuilleadh ábhair léitheoireachta srl. ar shuíomh Fheargail chomh maith:
http://www.feargalmac.org/

Thursday 15 May 2014

Cabaret Craiceáilte i nGaillimh an Aoine bheag seo!!

Beidh an Cabaret Craiceáilte, ceann de na oícheanta sóisialta is mó i bhféilire na nGael ag tarlú i nGaillimh an Aoine bheag seo san Óstán Galway Bay ar Bhóthar na Trá.

Beidh sé ag tosú ag a 10.30i.n. agus beidh an clár lán go béal le Rónán Ó Snódaigh, The Temporary, Conor Keane 7 Ringo Mc Donagh, Lunatic Spoons, Blooze Ghaoth Dobhair, Tura Aru Tura, Marian Ní Chonghaile, Séamus Barra Ó Súílleabháin 7 go leor eile. Tá taille €5 ar chead isteach.

Bígí ann! Tacaimis le pobal na Gaeilge i gCathair na dTreibheanna!

Monday 5 May 2014

Dlúthpháirtíocht leis an Lucht Siúil



Tugadh faoi deara go bhfuil Graffiti  Gaelach a thacaíonn leis an Lucht Siúil curtha suas ar chomharthaí ciníocha in éadan an lucht siúil i ngar do Mhionloch, an Bhreac-Ghaeltacht ar an taobh ó thuaidh de Chathair na Gaillimhe. Is suntasach freisin gur cuireadh suas greamathóirí Misneach in éineacht leis an Graffiti.

Tuigtear do Mhisneach na Gaillimhe gur cuireadh na comharthaí seo suas le gairid in áit a mbíodh cuid carbhán daoine den lucht siúil ag stopadh go minic.

Tréaslaíonn Misneach na Gaillimhe leis an dream a rinne an gníomh seo. Léiríonn an ealaíon phoiblí seo comhbhá agus dlúthpháirtíocht leis an lucht siúil, dream atá go mór faoi chois sa tír seo.

Go deimhin is fuath le Misneach an ciníochas agus leatrom de chineál ar bith agus tá muid den tuairim go gcaithfidh muid uilig seasamh gualainn le gualainn chun an ceann is fearr a fháil ar mhaistíní ciníocha dálta lucht na gcomharthaí in éadan an lucht siúil. Is cuma cén áit a bhfeictear an ciníochas nó cén dreach nó leagan atá air, is call dúinn ar fad an fód a sheasamh ina aghaidh.


Saturday 3 May 2014

Todhchaí na Gaeltachta

"...is baolach go bhfuil deireadh ré na Gaeltachta mar chomhthionól pobal Gaeilge á thuar ag faisnéis an tsuirbhé seo...Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht" - Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007: 27 (linne an bhéim).

Ná déanaimis dearmad ar seo a chairde. Ar ndóigh, scríobhadh an tuairisc seo sular thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta a bhfuil cosmhuintir na tíre thíos léi ó shin. Níl an scéal ach hréis dul in olcais agus tá neamhaird iomlán á dhéanamh ag an saorstáit lofa ar an gceist práinneach seo. Agus nuair a imíonns croíphobail na teanga, is deacair a shamhlú go mairfidh an teanga i bhfad eile gan é...

Tá gríomh láidir ar son na Gaeilge ag teastáil go géar. Muna anois é, cén uair? 




Wednesday 30 April 2014

In aghaidh Bhéarlagair na Míleatachta

alt le Wolfi Landstreicher

Faraor, le blianta beaga anuas, tá an iomarca den scríbhneoireacht ag teacht as an streachailt shóisialta millte ag caint sheasc righin thraochta, caint mharbhánta ba dhóigh leat bheith ag teacht salach ar fhuinneamh na réabhlóidí á lua inti. Caint na míleatachta, nach mbaineann le saoirse, caint d'uireasa na hindibhidiúlachta a chothaíonn í féin in aghaidh an tsrutha. B'fhéidir gurb é is cúis leis seo, ar shlí, ná gur eascair coimhlintí an lae inniu as cruatan na linne; gur freagraí iad do bhoirbe na fírinne sóisialta, polaitiúla is eacnamaíochta. Ach conas gur féidir lena leithéid de fhreagra an fhírinne úd a shéanadh? Nach cóir go dtaispeánfadh cur chuige an fhreagra féin gur ag diúltú don bhfírinne curtha sin atáimid?

Is dul amú an mhíleatacht a shamhlú le teas nó díogras, nuair nach bhfuil sa mhíleatacht ach veist cheangail plátáilte á bhailiú timpeall ar loime an duine, ag righniú is ag cur teorainn lena ghluaiseachtaí. Samhlaítear dáiríreacht le diongbháilteacht cé nach bhfuil inti ach sclábhaíocht don teibíocht, don todhchaí, don anallód .i. géibheann féindéanta de chineál eile. Nach é sin díreach an rud gur cóir dúinn bheith diongbháilte gan géilleadh dó is sinn ag troid chun gach neomat dár saol a chur ar ár gcomhairle féin?

B'fhéidir gurb é is cúis leis seo ná go síleann an oiread sin daoine a bhfuil an streachailt shóisialta á plé acu gur daoránaigh iad féin atá ag cur in aghaidh na daoirse, seachas indibhidithe saora ag cruthú a saolta féin, ag aimsiú na gconstaicí don bpróiseas féinchruthaithe sin, is ag troid chun na constaicí sin a threascairt.

Ní gá cúl a thabhairt le fírinne na daoirse chun a ghlacadh: má fheidhmíonn ár dtionscnamh mar fhrithbheart don daoirse amháin go n-éirímid gafa sa daoirse sin. Caillimid ár saol féin, is ina theannta san, caillimid an neart chun a bhfuil romhainn a scrios. Is an frithbheart ag díriú ar thionscnamh na naimhde, coinníonn sé ar an gcosaint sinn is dearbhaíonn sé ár mbás (fiú ár mbua) trínár dtionscnamh féin a sciobadh uainn.

Mar sin, má thugaimid fénár dtionscnamh féin a chruthú is a eagrú as ár stuama féin, sinn fiáin chun bheith ag gluaiseacht ar feadh an domhain bhraonaigh inár neacha neamhspleách gan aidhm, ní shamhlóimid na rialtóirí, dúshaothraithe, póilíní, sagairt, breithimh, srl, le tíoránaigh a bhfuil an fód le seasamh againn ina gcoinne, ach mar chonstaicí atá le sriosadh ar an gconair..

Sa chomhthéacs sin amháin a gheobhaidh an scrios a bhrí éiritheach, fileata, réabhlóideach mar ghníomh fíor-thuilte ag diúltú do loighic na hoibre is ag oscailt na réaltachta don aer is don iontas. Ag an am sin amháin a bheidh an scrios is an spraoi ar scáth a chéile.


bunleagan:


Tuesday 15 April 2014

Cearta, Cothromas agus Cóir!

Mar a bheifeá ag súil leis, bhí Misneach na Gaillimhe amuigh ag tacú leis an "Lá Dearg", Mairseáil ar son Cearta Teanga na nGael i mBéal Feirtse an Satharn seo caite. Thuairiscigh TG4 gur ghlac suas le 10,000 páirt san ócáid. Ba mhór an t-éacht é seo ag Misneach Bhéal Feirste a raibh páirt lárnach acu in eagrú na hócáide, chomh maith leis na grúpaí pobal uilig eile a chuidigh go mór leis.

Deichniúr ar fad de chuid Misneach na Gaillimhe a fuaigh suas go dtí Béal Feirste agus fuair muid fearadh na fáilte ann agus taispeánadh comrádaíocht den scoith sa chomh-oibriú a bhí ar siúl idir na craobhacha ar fad de chuid Misneach agus an t-iliomad grúpaí eile a bhí cruinn le chéile ar son na cúise.

Thar éis an mhórshiúil bhí na céadta amuigh aríst istoíche do G-Spota ar leith, le ceol agus craic den scoth.

Cé go raibh lá agus deireadh seachtaine an-tairigiúil againn agus b'iontach an rath a bhí ar an rud ar fad, tá Misneach diongbháilte leanacht ar aghaidh leis an bhfeachtas seo agus an neart agus fuinneamh seo uilig a choinneáil suas agus muid ag streachailt ar son cearta agus cothromas. Níl seo ach ina thús!






http://www.meoneile.ie/ailt/an-tuaisceart-dearg-le-fearg#.U1AJMVefitF





Wednesday 9 April 2014

Graifítí dhátheangach sa chathair

Roinnt graifítí dhátheangach a cuireadh suas ar bhalla i lár na cathrach le gairid le teachtaireacht a thacódh Misneach le go láidir.


Tuesday 8 April 2014

Bus Fillte ó Ghaillimh go Béal Feirste

Le páirt a ghlacadh sa Lá Dearg

Dé Sathairn

12 Aibreán 2014

Ar Son ár gCearta Teanga!

Bus ag fágáil na hArd-Eaglaise ag 9.30rn.

Costas: €20 Filleadh

Bigí linn!

0860644185

Bíodh Misneach Againn!

Wednesday 2 April 2014

Agóid ag Roinn na Gaeltachta 2/4/14

Misneach na Gaillimhe agus Misneach Bhaile Átha Cliath in éineacht le pobal Chonamara ag picéad taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta inniu. 

Bhí cruinniú ar siúl faoi choimirce an rialtais faoi ''chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain'' agus shíl muidne i Misneach tacaíocht a thabhairt do dhream as Conamara a tháinig ann chun brú a chur ar an rialtas glacadh le héilimh s'acu:

 (i) Acht na Gaeltachta 2012 - a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh agus le go mbeidh bonn daonlathach curtha faoi roghnú baill an bhoird;

(ii) Bord Oideachais a chur ar bun le déileál le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta;

(iii) Soláthar a dhéanamh faoi Scéim na gColáistí Gaeilge do dhéagóirí ón nGaeltacht agus óna Gaelcholáistí, a bhfuil líofacht Ghaeilge acu cheana;

(iv) Polasaí earcaíochta an státchórais a leasú le go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain;

(v) Cúram na bhfoilseachán Ghaeilge a bhaint ó Fhoras na Gaeilge agus é a thabhairt do Bhord Neamhspléach;

(vi) Scéim fiúntach a chur ar bun in áit Scéim Labhairt na Gaeilge, mar a gealladh nuair a cuireadh deireadh leis;

(vii) Roinn na Gaeltachta a athbhunú mar Roinn Stáit as féin;

(viii) Neamhspléachas Oifig an Choimisinéara Teangacha a dhearbhú agus deireadh a chur leis an gcomhnascadh le Oifig an Ombudsman;

(ix) Cruinnithe an Choiste Comhairleach a bheith craolta ar an idirlíon agus oscailte dona meáin;

(x) An Stráitéis 20 Bliain a leasú le go mbeidh spriocanna réadúla chuile 5 bhliain leagaithe síos agus le go mbeidh ról monatóireachta ag Oifig an Choimisinéara Teanga;

(xi) Cúram na Scéimeanna Teanga a dhaingniú a fhágaint faoi Oifig an Choimisinéara Teanga.



Cearta Teanga agus Fad Saoil don Ghaeltacht!!




Tuesday 25 March 2014

Póstaeir le feiceáil ar shraideanna na Cathrach

Cuid dár bpóstaeir atá le feiceail ar shraideanna na cathrach, crochta suas ag dream anaithnid a thacaíonns le hobair Mhisneach na Gaillimhe!  





Sunday 16 March 2014

Tuairisc ón nG-Spota is déanaí agus an Chaint Phoiblí faoin gCadhnach

Go raibh míle maith agat do chuile dhuine a thacaigh le na himeachtaí is déanaí a d'eagraigh muid anseo i gcathair na dtreibheanna, bhí an rath go deo orthu.

Mar is gnáth bhí meascán idir shean agus nua againn ag an G-Spota le scéalaíocht den scoth ó Mháirín Mhic Lochlainn agus cairde eile, le ceol breá trad ó cheoltóir den scoth ó Theileann i nDún na nGall, "trad-miotal" Gaelach ón "Na Cruithne" agus ansin fuaim nua-aimseartha na Gaeltachta le na hOllúna Beacán!

Bhí an chaint le Aindrias Ó Cathasaigh agus Seosamh Ó Cuaig go hiontach ar fad, bhí an-eolas ag an mbeirt acu faoi pholaitíocht radacach an Chadhnaigh agus is cinnte gur spreag siad chuile dhuine a bhí i láthair chun gul amach agus beart a dhéanamh de réir an briathar chun troid an son an cheartais.

Thaifead muid an chaint do chuile dhuine nach raibh in ann a bheith i láthair agus is fiú go mór daoibh éisteacht leis. Tá an fhuaim go holc ar feadh an chéad tríocha soicind ach tá sé go breá hréis sin, chomh luath a thosaíonns Aindrias ag caint. Bainigí sult as! :)

Beirimis bua!





Sunday 2 March 2014

An Triú G-Spota, Saor in Aisce le haghaidh Sheachtain na Gaeilge







Beidh oíche shóisialta Ghaelach á eagrú ag Misneach oíche Dhéardaoin an 13ú lá Feabhra. Cuirfear scoith na scéalaíochta agus an cheoil i láthair an tslua in Áras na nGael óna 9 a chlog ar aghaidh.

Mar thús don oíche beidh an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn linn le cupla scéal a insint don tslua. Ina dhiaidh sin beidh an sár-bhanna miotal/trad Na Cruithne ar an ardán le ceoltaí a racfas go crua an slua uilig.

Fá dheireadh na hoíche beidh meascán mearaí ceoltaí againn le DJ Welfare agus na hOllúna Beacán Rob Ó Maoilchiarán agus a chomrádaí Gus.

Misneach atá ag eagrú na hócáide seo. Athbhunaíodh Misneach i mbliana de bhrí go gcreideann muid go bhfuil géarghá le grúpa radacach ar son na Gaeilge. Bhí baint mhór ag Gaillimheach eile, Máirtín Ó Cadhain, le Misneach sna seascaidí agus chuaigh an grúpa go mór i bhfeidhm ar phobal na hÉireann ag an am. Seo an triú G-Spota atá eagraithe againn i nGaillimh. Tá sé i gceist ag Misneach imeacht rialta a dhéanamh den G-Spota agus ardán a chur ar fáil do cheoltóirí le Gaeilge agus saol sóisialta Gaelach níos láidre a chothú i nGaillimh.

SAOR IN AISCE!!

Friday 28 February 2014

Cuid dár bpóstaeir nua!

Seo cuid den na dearaí do na póstaeir agus na greamáin nua-phriontáilte atá ag Misneach na Gaillimhe már chuid dár bhfeachtas chun áird a tharraingt ar chás práinneach na Gaeilge agus na Gaeltachta.  Bígí ag faire amach lena n-aghaidh ar fud na háite! Má tá duine ar bith ag iarraidh roinnt acu seo, déan teagmháil linn agus seolfaidh muid amach chugat iad: misneachnagaillime@gmail.com. Tá leathnach ar an "straoisleabhar" (fb!) againn chomh maith.



Póstaer 1 (A3)

Póstaer 2 (A3)

Greamáin  (méid A6)


Monday 24 February 2014

Agóid Chonamara ar son Cearta Teanga

Bhí an-rath go deo ar an agóid i gConamara ar son Cearta Teanga agus timpeall míle duine ar fad i láthair ann. Bhí scaifte breá ag Misneach na Gaillimhe ann freisin agus choinnigh muid glórach agus callánach ar feadh an bhealaigh. Chomh maith leis cinn dháil muid amach bileoga agus suathantais Misneach ar an slua. Is iontach ar fad an léirsiú ar na sráideanna ag na Gaeil le tamall beag anuas. Go maire sé agus coinnímis orainn ag eagrú agus ag neartú na gluaiseachta!!











Wednesday 19 February 2014


Cearta Teanga = Cearta Daonna
Máirseáil i gConamara ar an Domhnach, an 23ú Feabhra, ar son Chearta Teanga sa nGaeltacht!
Beimid ag imeacht ón Ardeaglais ar a 1 a chlog ar an Domhnach agus beidh costas de €5 ar shíob ann agus arais. Tacaigh linn sa troid in éadan an Stáit agus iad ag déanamh ionsaithe ar ár dteanga.
Bigí linn!

Monday 17 February 2014

Slua ollmhór Gael ag Mairseáil ar son a gCearta

D'éirigh thar barr leis an mhairseáil i mBaile Átha Cliath ar an tSathairn agus síltear go raibh suas le 10,000 duine páirteach sa léirsiú ar son Cearta Teanga do chainteoirí Gaeilge. Bhí thart fá 20 duine de chuid Misneach na Gaillimhe ann freisin agus neart meirgí agus bratachaí againn. Ní mór leanacht ar aghaidh sa streachailt ar son Cearta Teanga ag an bpointe seo agus beidh Misneach na Gaillimhe lánpháirteach sna hagóidí a bheas ar siúl i gConamara agus i mBéal Feirste sna seachtainí amach romhainn. Beirimis Bua!!