Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Monday 26 January 2015

An t-Irisleabhar 'MIONLACH' anois i gCló!

Faoi dheireadh thiar thall tá irisleabhar nua dar teideal 'MIONLACH' anois i gcló ag Misneach agus i láthair na huaire tá sí á dáileadh amach ar fud na tíre. Is i nGaillimh amháin atá sí ar fáil anois ach faoi cheann seachtaine nó mar sin beidh sí á díol ar €1/£1 i dTír Chonaill, i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath agus i gCiarraí.

Tá an iris 'Mionlach' ar fáil ar fud Chathair na Gaillimhe sna siopaí seo a leanas, Charlie Burn's, Club Árus na nGael (oifig Chonradh na Gaeilge), Bell Book and Candle,  Luck's, O'Brien's agus Maloney's (gala).

In ollscoil na Gaillimhe a foilsíodh an t-irisleabhar a bhuí le cumann Misneach na hollscoile agus neart cúnaimh ón Socsbox.

San iris tá ailt ar chúrsaí reatha, polaitíocht, nuacht idirnáisiúnta, amhráin, filíocht agus tuilleadh.

Go mbaine sibh sult agus tairbhe as!


Tuesday 13 January 2015

Cos ar bolg polaitiúil i dTír na mBascach arís
















 

Cuireadh ar ceal an triail is deireanaí in éadan 35 ball de cheannaireacht an pháirtí pholaitiúil mhídhleathaigh, Batasuna, inné, an chéad lá den triail, nuair a gabhadh na trí dlíodóirí de chuid na mball Batasuna a bhí ar an bhealach chuig an Chúirt Speisialta Spáinneach i Madrid. Ghabh na póilíní Spáinneacha, An Guardia Civil, 12 dlíodóirí ar fad de chuid na gcimí polaitiúla Bascacha agus ceathrar cuntasóirí moch ar maidin agus cuireadh i leith an dreama a tógadh gur baill de ETA iad. Ar dhuine de na daoine a gabhadh tá urlabhraí an pháirtí den eite chlé ar son neamhspleáchais, Sortu.

I measc na n-oifigí a ndearnadh cuardach orthu bhí oifigí an chearchumainn LAB, eagraíocht atá chomh maith céanna ar son an neamhspleáchais. Tharla seo i ndiaidh mhórshiúil ar son chearta na gcimí polaitiúil a bhí ar siúl Dé Sathairn, a raibh 80,000 duine i láthair ann. Mar bharr ar an donas thóg na póilíní an €90,000 a bailíodh le linn an mhórshiúil. Tá lucht eagraithe an mhórshiúil, Sare, i ndiaidh an t-airgead goidte a éileamh.

Oíche aréir tharla agóidí ar fud Thír na mBascach.