Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Tuesday 5 August 2014

G-Spota ar an 30ú Lúnasa le Ceol ó Thír na mBascach


Tá lúcháir orainn a fhógairt go mbeidh sár-ghrúpa ceoil traidisiúnta as Tír na mBascach ag bualadh ag an G-Spota i nGaillimh ar an 30ú Lúnasa. Beidh an gig speisialta seo ar siúl in Árus na nGael ar a naoi a chlog agus níl ach €3 mar chostas ar an doras.

Ceolchoirm faoi leith a bheas ann. Seo an chéad uair againn ceol as Tír na mBascach, nó leoga, as tír ar bith eile, a bheith linn ag an G-Spota. Bualann an banna meascán iontach suimiúil ceoil atá bunaithe ar cheol traisisiúnta na mBascach agus na hÉireann.

Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair ar oibrigh Misneach leis na Bascaigh nó tá meas mór againn orthu mar dhream daoine a chaomhnaigh cultúr agus teanga s'acu féin agus a throideann ar son a gcuid ceart mar thír faoi leith. Bhéarfaidh an ócáid seo deis do phobal na Gaeilge i nGaillimh theacht le chéile mar is gnáth agus ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr féin i gcuideachta na gcuairteoirí seo as Tír na mBascach.

Anuas air sin, beidh mar a bhíonn de ghnáth, scéalaíocht ann i dtús na hoíche agus ag a deireadh beidh DJ s'againn féin, tagtha aduaidh ó Ghaoth Dobhair, Rob Ó Maoilchiaráin, ag bualadh fonn agus ag casadh ceirníní go maidin.

Bí ann, bí Gaelach agus beidh an chraic againn!




Cloverwind - an grúpa ó Thír na mBascach
Agus seo daoibh blaiseadh den cheol a bheas le cloisteáil ar an oíche: