Cruinníú Phoiblí eagraithe ag Conradh na Gaeilge in Indreabhán ar an Luan bheag seo faoi fheactasaíocht ar son na teanga agus "Lá Mór na Gaeilge" a bheas ar siúl ar an gcúigiú lá déag Feabhra i mB'lea Cliath. Tá sé an-tábhachtach go ndéanann muid ar fad ár ndícheall tacaíocht a thabhairt do na hócaídí seo.
Ná habair é, Déan é!
"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain
Tuesday, 28 January 2014
Monday, 20 January 2014
Cumann bunaithe againn in OE Gaillimh!
Mar chuid dár bhfeachtas chun teachtaireacht na nGael clé-eiteacha agus radacacha a scaipeadh, tá cumann ollscoile bunaithe ag baill de Mhisneach na Gaillimhe atá ina mic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ciallaíonn sé seo go mbeidh sé i bhfad níos fusa an scéal a scaipeadh san “Ollscoil Dhátheangach Oifigiúil” agus go mbeidh muid in ann imeachtaí a chur ar siúl istigh san ollscoil féin.
Bhí seastán againn ag Lá na gCumann an tseachtain seo caite agus léiríodh an-spéis i smaoinítí s'againne agus d'éirigh linn go leor teagmhálacha a dhéanamh le gaeilgeoirí na hollscoile.
![]() |
| Beirt den dream mór a bhí againn ag an seastán ar an lá |
Friday, 17 January 2014
Tacaíocht do Margaretta D'arcy - agóid ag oifig Derek Nolan
Tháinig baill de Mhisneach na Gaillimhe amach inniu, an 17ú Eanáir 2014, le tacaíocht a thabhait do Margaretta D'arcy, gníomhaí ar son na síochána, atá i bpriosún go héagórach i Luimneach. Duine í Margaretta a thuigeann go maith brí an fhocail 'Misneach' agus a bhfuil a croí-dhícheall déanta aici bac a chur roimh Arm Mheiriceá in Aerfort na Sionainne. Mar gheall ar na hiarrachtaí uchtúla ar fad atá déanta aici agus mar gheall ar a ceanndánacht gan géilleadh do ordaithe an rialtais stad den agóidíocht, cuireadh i bpriosún inné í. Mar bhean 79 bliain d'aois nach bhfuil an tsláinte go maith aici, is mór an éagóir í sin.
Ar ndóigh, caithfear leanacht ar aghaidh san fheachtas le haghaidh saoirse a bhaint amach do Margaretta agus ní staonfaidh Misneach den chúnamh a thabharfas muid san obair sin. Ní neart go cur le chéile!
Tuesday, 7 January 2014
Muintir na Breataine Bige faoi chois ag an Bhéarla
Is fiú go mór seo a léamh. Sílim go dtiocfadh linn ar fad an boc Breatnach seo a thuigbheáil sa mhéid atá le rá aige faoin bhrú a bhíonn air nuair a labhraíonn sé a theanga féin. Go dté lucht an Bhéarla dtí Diabhail!
http://storify.com/nwdls/on-being-a-rude-welsh-speaker
Wednesday, 18 December 2013
Agóid Cheolmhar Challánach Ildaite againn ar son Cearta Teanga
In
ainneoin na drochaimsire d'éirigh go maith leis an Agóid ar son
Cearta Teanga a d'eagraigh Misneach ar an Chéadaoin, an 18ú Nollaig. Tháinig scór amach sa
deireadh. Chruinnigh muid le chéile ar an Fhaiche Mhór agus é ag
stealladh báistí agus gaoth chrua ann. Bhí manaí agus amhráin go leor againn, muid ag
béiceach rudaí ar nós ''Céard atá uainn?...Cearta Teanga...Cén
uair...anois!''. Cheol muid go léir an Dord Féinne níos moille
ansin. Scaipeadh 300 bileog ag míniú don mhórphobal cén fáth a
raibh muid ann agus shiúl muid fad Shráid na Siopaí.
Agóid
in éadan chur i gcéill an rialtais a bhí ann agus is furasta
bréagchráifeacht na mbodach mór seo a fheiceáil má chaitear súil
ar fhocla an Bhunreachta:
An
Bunreacht, Airteagal 8: ''Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is
í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla
mar theanga oifigiúil eile.''
Cacamas!
Tá
fhios ag madaí an bhaile nach bhfaighfidh tú seirbhís fríd
Ghaeilge i mórchuid na n-oifigí poist fríd an tír seo. Tá fhios
againn uilig nach mbeidh ach maslaí agus droch-mheas i ndán duit,
cuid mhaith den am má labhrann tú Gaeilge le Garda. Leoga, tá muid
uilig i ndiaidh cluinstin fá dtaobh de Ghaeilgeoirí ar thóg na
Gardaí iad le blianta beaga anuas agus gan iad ag déanamh a dhath
ach ag labhairt Gaeilge leofa.
Ní
thig ligint dó seo leanstan ar aghaidh. Seo sampla maith den phráinn
a bhaineann lenár gcearta teanga.
Is
léir dúinn nach bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i
bhfeidhm mar ba chóir. Níl ach 20 scéim teanga daingnithe le
comhlachtaí poiblí roimh dheireadh na bliana seo, nuair atá 20
scéim eile imithe in éag cheana féin i 2013.
Mar
a dúirt Seán Ó Cuirreáin féin, ''Go ginearálta, ní sár-bhliain
a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na
tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba
chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl''
Níl
an rialtas sásta brú ar bith a chur ar chomhlachtaí poiblí
seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal. Leoga, níl ann
ach cur i gcéill a rá go bhfuil an rialtas ag freastal ar chuid
cearta na gcainteoirí Gaeilge sa tír seo.
D'inis
an Coimisinéir dúinn go raibh trí cheathrú de na scéimeanna
teanga de chuid comhlachtaí agus eagraíochtaí stáit ligthe in éag
gan athnuachan a bheith déanta orthu roimh dheireadh 2012.
Tá
cinneadh le déanamh againn mar phobal. An bhfuil muid sásta ligint
don Ghaeilge bás a fháil faoi réimeas rialtas atá cuid mhaith den
am ar nós cuma liom fán teanga agus amantaí eile glan ina héadan?
Nó an seasfaidh muid an fód? Caithfidh muid an rialtas seo a náiriú
as an mhéid dochair atá siad ag déanamh don Ghaelteacht agus do
phobal na Gaeilge. Is mithid dúinn troid ar ais!
Mar
a dúirt Máirtín Ó Cadhain, ní bheidh ionainn ach ''Sasana beag''
má fhaigheann an Ghaeilge bás sa tír seo. Féadaimis a rá anois
go bhfuil an chuma ar an tír seo anois gur mó de Shasana beag nó
b'fhéidir de Mheiriceá beag atá ann ná de Éire. I ndiaidh an
iomláin, cuireann an rialtas iallach ar mhuinitir na tíre Béarla a
labhairt le rannógaí agus institiúidí stáit.
Dá
dhonnacht Fianna Fáil nuair a bhí siad i gcumhacht ba deacair Fine
Gael agus Labour a shárú sa tslad atá siad ag déanamh ar an
teanga leis na gearraithe siar ar fad agus an easpa gnímh i leith na
héigeandála teanga atá anois ar bun sa tír. Níl
amhras ar bith fá dtaobh do ach go bhfuil an rialtas seo de chuid
Fine Gael agus Labour ar cheann de na rialtais ba mheasa i leith na
Gaeilge agus cearta lucht a labhartha. Go dearfa tá an chuma anois
orthu gur chuma leo fán teanga agus ní mian leo airgead ar bith a
chaitheamh ar sheirbhísí fríd Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta
ná do phobal na Gaeilge. €87,258 a fhaigheann an tAire Gaeltachta
Dinny Mac Fhionnlaoich mar thuarastal ar son aimhleas na Gaeilge a
dhéanamh. Tá sé in am do Dinny Mac Fionnlaoich éirí as a phost!
Tá
an Ghaeilge go cinnte i ndíth shláinte agus níl an rialtas ag
déanamh a dhath ach ag cruthadh tuilleadh trioblóide dúinn, ag
diúltú seirbhísí fríd Ghaeilge a chur ar fáil. Anuas ar an
imirce rábach amach as an tír tá dúshláin mhóra anois romhainn
mar phobal teanga. Shílfeá gur polasaí cinnte de chuid an rialtais
é daoine óga a dhíbirt amach agus an méidín beag suarach atá
anois mar dól ann. Ní ionsaí ar an teanga amháin atá i
ngníomhartha an rialtais ach ionsaí ar shaol na Gaeltachta agus
phobal na tíre i gcoitinne.
Caithfidh
an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus
cothrom na féinne a thabhairt do chainteoirí Gaeilge na tíre seo.
Caithfidh muidinne scéal mór a dhéanamh dó seo uilig agus
síorbhrú a chur ar na polaiteoirí, ach ar ndóiche, ní thig linn
brath ar an rialtas leis an Ghaeilge a shábháilt, is fúinne atá
sé é a dhéanamh. Ba cheart do Ghaeil a bheith páirteach i
Misneach sa dóigh is go dtig linn saol na Gaeilge a chothú ar an
talamh.
Beirimis
Bua!
Monday, 16 December 2013
Agóid ar son ceart teanga!
Tá agóid eagraithe ag Misneach na Gaillimhe chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin atá tar éis éirígh as a phost dá bharr drochmheas an rialtais ar an nGaeilge agus cearta teanga na nGael.
Beidh muid ag bailliú le chéile ar an bhfaiche mhór, cathair na Gaillimhe, Dé Céadaoin bheag seo (an 18 Nollaig) ag a 3 i.n. chun ár bhfearg le neamhaird an rialtais a 'spaint.
Cearta Teanga = Cearta Daonna! Bí ann!
Beidh muid ag bailliú le chéile ar an bhfaiche mhór, cathair na Gaillimhe, Dé Céadaoin bheag seo (an 18 Nollaig) ag a 3 i.n. chun ár bhfearg le neamhaird an rialtais a 'spaint.
Cearta Teanga = Cearta Daonna! Bí ann!
Wednesday, 4 December 2013
Caint Phoiblí faoi Fhrithdhúnadh 1913
Caint ar 100 bliain ó Fhrithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath
le Aindrias Ó Cathasaigh
údar an leabhair nua
'An Diabhal in Uachtar in Áth Cliath:
Frithdhúnadh 1913 trí shúile na nGael'
Arna eagrú ag Misneach
Dé Sathairn, an 14ú Nollaig @ 3in in Árus na nGael.
Subscribe to:
Posts (Atom)




.jpg)
