Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Tuesday, 11 February 2014

Agóid Mhór ar son na Gaeilge Dé Sathairn beag seo!


Beidh an mórshiúil is tábhachtaí don Ghaeilge leis na blianta ar siúl an Sathairn seo chugainn ag a 2 i.n. ag tosú ó na Gáirdíní Cuimhneacháin, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath.

Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil slua mór ann chun ár mí-shásamh a léiriú don Rialtas.  Bí ann, scaip an scéal faoi agus tóg amach do chairde, is cuma más Gaeilgeoirí nó Béarlóirí iad.  Baineann an ceist seo linn uilig.



Beidh pobal labhartha na Gaeilge imithe sna Ghaeltachtaí i gceann 15 bliana muna dhéantar gníomh láithreach. Seo é ár ndeis chun ár féiniúlacht agus oidhreacht a shábháil, taipeoimís í!


Tá bus SAOR IN AISCE eagraithe ag Conradh na Gaeilge a bheas ag fágail na hArdeaglaise ar Oilean Ealtanach gar do NUIG maidin Sathairn ag 10 r.n.  Ní mór suíochán a chuir in áireamh roimh ré tríd glaoch a chur ar Pheadar Mac Fhlannacha o gCnaG - 087 4188050.  Bí ann! 


Píosa grinn iontach le cuid mhaith  den fhírinne ann:


Friday, 7 February 2014

Grianghrafanna ón Dara G-Spota i nGaillimh: Oíche den Scoith!






An-oíche go deo a bhí ann!  Go raibh míle maith agat do gach duine a thacaigh leis an ócáid agus d'éinne a chas ceol, amhrain nó ceirníní nó a d'inis scéal.  Beidh an chéad G-spota eile á eagrú againn go gairid, coinnígí súil ar an mblag seo le haghaidh tuilleadh sonraí. 

Tuesday, 28 January 2014

Cruinniú in Indreabhán

Cruinníú Phoiblí eagraithe ag Conradh na Gaeilge in Indreabhán ar an Luan bheag seo faoi fheactasaíocht ar son na teanga agus "Lá Mór na Gaeilge" a bheas ar siúl ar an gcúigiú lá déag Feabhra i mB'lea Cliath.  Tá sé an-tábhachtach go ndéanann muid ar fad ár ndícheall tacaíocht a thabhairt do na hócaídí seo.

Monday, 20 January 2014

Cumann bunaithe againn in OE Gaillimh!

Mar chuid dár bhfeachtas chun teachtaireacht na nGael clé-eiteacha agus radacacha a scaipeadh, tá cumann ollscoile bunaithe ag baill de Mhisneach na Gaillimhe atá ina mic léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Ciallaíonn sé seo go mbeidh sé i bhfad níos fusa an scéal a scaipeadh san “Ollscoil Dhátheangach Oifigiúil” agus go mbeidh muid in ann imeachtaí a chur ar siúl istigh san ollscoil féin.

Bhí seastán againn ag Lá na gCumann an tseachtain seo caite agus léiríodh an-spéis i smaoinítí s'againne agus d'éirigh linn go leor teagmhálacha a dhéanamh le gaeilgeoirí na hollscoile.  
Beirt den dream mór a bhí againn ag an seastán ar an lá

Friday, 17 January 2014

Tacaíocht do Margaretta D'arcy - agóid ag oifig Derek Nolan


Tháinig baill de Mhisneach na Gaillimhe amach inniu, an 17ú Eanáir 2014, le tacaíocht a thabhait do Margaretta D'arcy, gníomhaí ar son na síochána, atá i bpriosún go héagórach i Luimneach. Duine í Margaretta a thuigeann go maith brí an fhocail 'Misneach' agus a bhfuil a croí-dhícheall déanta aici bac a chur roimh Arm Mheiriceá in Aerfort na Sionainne. Mar gheall ar na hiarrachtaí uchtúla ar fad atá déanta aici agus mar gheall ar a ceanndánacht gan géilleadh do ordaithe an rialtais stad den agóidíocht, cuireadh i bpriosún inné í. Mar bhean 79 bliain d'aois nach bhfuil an tsláinte go maith aici, is mór an éagóir í sin. 

Ar ndóigh, caithfear leanacht ar aghaidh san fheachtas le haghaidh saoirse a bhaint amach do Margaretta agus ní staonfaidh Misneach den chúnamh a thabharfas muid san obair sin. Ní neart go cur le chéile!



Tuesday, 7 January 2014

Muintir na Breataine Bige faoi chois ag an Bhéarla

Is fiú go mór seo a léamh. Sílim go dtiocfadh linn ar fad an boc Breatnach seo a thuigbheáil sa mhéid atá le rá aige faoin bhrú a bhíonn air nuair a labhraíonn sé a theanga féin. Go dté lucht an Bhéarla dtí Diabhail! 
 
http://storify.com/nwdls/on-being-a-rude-welsh-speaker