Ná habair é, Déan é!
"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain
Wednesday, 9 April 2014
Graifítí dhátheangach sa chathair
Roinnt graifítí dhátheangach a cuireadh suas ar bhalla i lár na cathrach le gairid le teachtaireacht a thacódh Misneach le go láidir.
Tuesday, 8 April 2014
Wednesday, 2 April 2014
Agóid ag Roinn na Gaeltachta 2/4/14
Misneach na Gaillimhe agus Misneach Bhaile
Átha Cliath in éineacht le pobal Chonamara ag picéad taobh amuigh de
Roinn na Gaeltachta inniu.
Bhí cruinniú ar siúl faoi choimirce an rialtais faoi ''chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain'' agus shíl muidne i Misneach tacaíocht a thabhairt do dhream as Conamara a tháinig ann chun brú a chur ar an rialtas glacadh le héilimh s'acu:
(i) Acht na Gaeltachta 2012 - a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh agus le go mbeidh bonn daonlathach curtha faoi roghnú baill an bhoird;
(ii) Bord Oideachais a chur ar bun le déileál le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta;
(iii) Soláthar a dhéanamh faoi Scéim na gColáistí Gaeilge do dhéagóirí ón nGaeltacht agus óna Gaelcholáistí, a bhfuil líofacht Ghaeilge acu cheana;
(iv) Polasaí earcaíochta an státchórais a leasú le go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain;
(v) Cúram na bhfoilseachán Ghaeilge a bhaint ó Fhoras na Gaeilge agus é a thabhairt do Bhord Neamhspléach;
(vi) Scéim fiúntach a chur ar bun in áit Scéim Labhairt na Gaeilge, mar a gealladh nuair a cuireadh deireadh leis;
(vii) Roinn na Gaeltachta a athbhunú mar Roinn Stáit as féin;
(viii) Neamhspléachas Oifig an Choimisinéara Teangacha a dhearbhú agus deireadh a chur leis an gcomhnascadh le Oifig an Ombudsman;
(ix) Cruinnithe an Choiste Comhairleach a bheith craolta ar an idirlíon agus oscailte dona meáin;
(x) An Stráitéis 20 Bliain a leasú le go mbeidh spriocanna réadúla chuile 5 bhliain leagaithe síos agus le go mbeidh ról monatóireachta ag Oifig an Choimisinéara Teanga;
(xi) Cúram na Scéimeanna Teanga a dhaingniú a fhágaint faoi Oifig an Choimisinéara Teanga.
Cearta Teanga agus Fad Saoil don Ghaeltacht!!

Tuesday, 25 March 2014
Póstaeir le feiceáil ar shraideanna na Cathrach
Cuid dár bpóstaeir atá le feiceail ar shraideanna na cathrach, crochta suas ag dream anaithnid a thacaíonns le hobair Mhisneach na Gaillimhe!
Sunday, 16 March 2014
Tuairisc ón nG-Spota is déanaí agus an Chaint Phoiblí faoin gCadhnach
Go raibh míle maith agat do chuile
dhuine a thacaigh le na himeachtaí is déanaí a d'eagraigh muid anseo i gcathair
na dtreibheanna, bhí an rath go deo orthu.
Mar is gnáth bhí
meascán idir shean agus nua againn ag an G-Spota le scéalaíocht den scoth ó Mháirín
Mhic Lochlainn agus cairde eile, le ceol breá trad ó cheoltóir den scoth ó
Theileann i nDún na nGall, "trad-miotal" Gaelach ón "Na
Cruithne" agus ansin fuaim nua-aimseartha na Gaeltachta le na hOllúna
Beacán!
Bhí an chaint le
Aindrias Ó Cathasaigh agus Seosamh Ó Cuaig go hiontach ar fad, bhí an-eolas ag
an mbeirt acu faoi pholaitíocht radacach an Chadhnaigh agus is cinnte gur
spreag siad chuile dhuine a bhí i láthair chun gul amach agus beart a dhéanamh
de réir an briathar chun troid an son an cheartais.
Thaifead muid an
chaint do chuile dhuine nach raibh in ann a bheith i láthair agus is fiú go mór
daoibh éisteacht leis. Tá an fhuaim go holc ar feadh an chéad tríocha soicind
ach tá sé go breá hréis sin, chomh luath a thosaíonns Aindrias ag caint.
Bainigí sult as! :)
Beirimis bua!
Tuesday, 4 March 2014
Sunday, 2 March 2014
An Triú G-Spota, Saor in Aisce le haghaidh Sheachtain na Gaeilge
Beidh oíche shóisialta Ghaelach á eagrú ag Misneach oíche Dhéardaoin an 13ú lá Feabhra. Cuirfear scoith na scéalaíochta agus an cheoil i láthair an tslua in Áras na nGael óna 9 a chlog ar aghaidh.
Mar thús don oíche beidh an scéalaí Máirín Mhic Lochlainn linn le cupla scéal a insint don tslua. Ina dhiaidh sin beidh an sár-bhanna miotal/trad Na Cruithne ar an ardán le ceoltaí a racfas go crua an slua uilig. Fá dheireadh na hoíche beidh meascán mearaí ceoltaí againn le DJ Welfare agus na hOllúna Beacán Rob Ó Maoilchiarán agus a chomrádaí Gus. Misneach atá ag eagrú na hócáide seo. Athbhunaíodh Misneach i mbliana de bhrí go gcreideann muid go bhfuil géarghá le grúpa radacach ar son na Gaeilge. Bhí baint mhór ag Gaillimheach eile, Máirtín Ó Cadhain, le Misneach sna seascaidí agus chuaigh an grúpa go mór i bhfeidhm ar phobal na hÉireann ag an am. Seo an triú G-Spota atá eagraithe againn i nGaillimh. Tá sé i gceist ag Misneach imeacht rialta a dhéanamh den G-Spota agus ardán a chur ar fáil do cheoltóirí le Gaeilge agus saol sóisialta Gaelach níos láidre a chothú i nGaillimh. SAOR IN AISCE!! |
Subscribe to:
Posts (Atom)