Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Wednesday, 18 February 2015

''Céard is fiú an Ghaeilge?'' / ''Stair an Ghrúpa Misneach''



Beidh caint phoiblí dar teideal ''Céard is Fiú an Ghaeilge / Stair an Ghrúpa Misneach'' ar siúl ag Misneach ar an Luan, an 23ú Feabhra ar 7i.n. i dTéatar Chearbhalláin in Áras na Gaeilge OÉ Gaillimh.

Is iad Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Eoin Ó Murchú na haoichainteoirí a bheas ag labhairt ar an ócáid.

Is as Béal Feirste Ciarán Mac Giolla Bhéin. Is gníomhaí lán-aimseartha Gaeilge atá ann. Oibríonn sé ar son Chonradh na Gaeilge i gcosaint na teanga ó thuaidh.

Is iriseoir proifisiúnta é Eoin Ó Múrchú. Bhí sé páirteach i Misneach le linn Mháirtín Uí Chadhain. D’oibrigh sé do Raidió na Gaeltachta agus do RTÉ.

Cinnte gur caint shuimiúil spreagúil a bheas ann agus beidh am ag an deireadh fá choinne ceisteanna agus díospóireachta!

Beidh tae ann fosta.

Monday, 26 January 2015

An t-Irisleabhar 'MIONLACH' anois i gCló!

Faoi dheireadh thiar thall tá irisleabhar nua dar teideal 'MIONLACH' anois i gcló ag Misneach agus i láthair na huaire tá sí á dáileadh amach ar fud na tíre. Is i nGaillimh amháin atá sí ar fáil anois ach faoi cheann seachtaine nó mar sin beidh sí á díol ar €1/£1 i dTír Chonaill, i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath agus i gCiarraí.

Tá an iris 'Mionlach' ar fáil ar fud Chathair na Gaillimhe sna siopaí seo a leanas, Charlie Burn's, Club Árus na nGael (oifig Chonradh na Gaeilge), Bell Book and Candle,  Luck's, O'Brien's agus Maloney's (gala).

In ollscoil na Gaillimhe a foilsíodh an t-irisleabhar a bhuí le cumann Misneach na hollscoile agus neart cúnaimh ón Socsbox.

San iris tá ailt ar chúrsaí reatha, polaitíocht, nuacht idirnáisiúnta, amhráin, filíocht agus tuilleadh.

Go mbaine sibh sult agus tairbhe as!


Tuesday, 13 January 2015

Cos ar bolg polaitiúil i dTír na mBascach arís
















 

Cuireadh ar ceal an triail is deireanaí in éadan 35 ball de cheannaireacht an pháirtí pholaitiúil mhídhleathaigh, Batasuna, inné, an chéad lá den triail, nuair a gabhadh na trí dlíodóirí de chuid na mball Batasuna a bhí ar an bhealach chuig an Chúirt Speisialta Spáinneach i Madrid. Ghabh na póilíní Spáinneacha, An Guardia Civil, 12 dlíodóirí ar fad de chuid na gcimí polaitiúla Bascacha agus ceathrar cuntasóirí moch ar maidin agus cuireadh i leith an dreama a tógadh gur baill de ETA iad. Ar dhuine de na daoine a gabhadh tá urlabhraí an pháirtí den eite chlé ar son neamhspleáchais, Sortu.

I measc na n-oifigí a ndearnadh cuardach orthu bhí oifigí an chearchumainn LAB, eagraíocht atá chomh maith céanna ar son an neamhspleáchais. Tharla seo i ndiaidh mhórshiúil ar son chearta na gcimí polaitiúil a bhí ar siúl Dé Sathairn, a raibh 80,000 duine i láthair ann. Mar bharr ar an donas thóg na póilíní an €90,000 a bailíodh le linn an mhórshiúil. Tá lucht eagraithe an mhórshiúil, Sare, i ndiaidh an t-airgead goidte a éileamh.

Oíche aréir tharla agóidí ar fud Thír na mBascach.

Friday, 21 November 2014

"Réabhlóid Phobail" ag teastáil don Ghaeltacht de reir údar taighde nua

Deir an Dr. Brian Ó Curnáin, duine de na príomhúdar ar an taighde nua ar chumas teanga páistí óga na Gaeltachta, go bhfuil "Réabhlóid Phobail" ag teastáil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a thabhairt slán. Ag labhairt dó ar nuacht a haon ar RnaG inné dúirt an Dochtúir Ó Curnáin go bhfuil gá le "tearmainn teanga" a bhunú agus réabhlóid a chur i gcrích chun todhchaí na teanga a chinntiú.

Léiríonn an taighde nua, Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta, go bhfuil cumas  i bhfad díos fearr sa mBéarla ná sa nGaeilge ag greabairí óga i gcuid de na ceantair ghaeltactha is láidre sa tír, cé gurb í an Ghaeilge an teanga atá acu sa mbaile.

Ar ndó, tagann ráiteas Uí Churnáin agus an taighde nú seo leis an méid atá le rá ag Misneach le fada an lá. Agus an ghéarchéim theanga seo ag titim amach os ár gcomhair agus an ionsaí fiachmhar atá ag lucht an rachmais agus na cumhachta ag déanamh orainn le blianta anuas ó thaobh ciorruithe agus taillí, is mithid dúinn athrú mór a bhaint amach sa gcaoi a cáitear le gnáthdaoine na tíre - ó thaobh cultúir agus daonnacht de.


Éist leis an mír nuachta fhéin anseo:
http://www.rte.ie/radio/utils/radioplayer/rteradioweb.html#!type=radio&rii=17%3A20685761%3A1719%3A20%2D11%2D2014%3A

Agus tá tráchtaireacht ar an ráiteas seo ar fáil ar an suíomh nuachta nua, tuairisc.ie:
http://tuairisc.ie/reabhloid-phobail-de-dhith-i-bhfianaise-taighde-gaeltachta/

Monday, 10 November 2014

Bella Ciao / Slán a Chroí

Amhrán Mór Frith-fhaisisteach an Domhain Aistrithe go Gaeilge
Don chéad uair ariamh beidh an t-amhrán clúiteach frith-fhaisisteach Iodálach ''Bella Ciao'' á cheol go beo beithíoch i dteanga bhlasta na Gaeilge. Cúla Búla, banna nua-thrad as Gaillimh a bheas ag ceol an amhráin seo Déardaoin beag seo in Árus na nGael. Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Seanán Mac Aoidh, beirt ghníomhaithe de chuid Misneach a d'aistrigh an t-amhrán ar na mallaibh.

Buailigí isteach chuig Club Árus na nGael ar shráid Dhoiminic i gCathair na Gaillimhe ar an 13ú Samhain ar a 10 a chlog san oíche go gcloisfidh sibh an t-amhrán breá seo á cheol i nGaeilge don chéad uair ariamh beo ar an stáitse.

Seo iad na focla sa chaoi go mbeidh sibh in ann bheith páirteach sa chanadh ar an oíche údaí agus le haghaidh laethanta eile níos faide anonn!


Ar maidin moch
do mhúscail mé
o bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
Ar maidin moch
do mhúscail mé
agus fuaireas an t-ionróir

A pháirtínigh
tabhair ar shiúl mé
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
A pháirtínigh
tabhair ar shiúl mé
is sa bhearna baoil atáim.

Má fhaighim bás
mar pháirtíneach
slán a chroí slán a chroí
slán a chroí chroí chroí
Má fhaighim bás
mar pháirtíneach
déan tusa mé a chur

Déan mé a chur
thuas ar an tsliabh
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
Déan mé a chur
thuas ar tsliabh
faoi scáth an bhláithín úd

Is na daoine
ag dul thar bráid
bella ciao bella ciao
bella ciao ciao ciao
is na daoine
is iad a' rá
nach álainn an bláth úd

Seo é bláth
an pháirtínigh
slán a chroí slán a chroí
slán a chroí chroí chroí
Seo é bláth
an pháirtínigh
fuair bás ar son saoirse.





Thursday, 4 September 2014


Irish Language Classes for Everyone!

Ranganna Gaeilge do Chách!

 

Ever wanted to learn the Irish Language?

An bhfuil cúpla focal agat?

Ar mhaith leat an dlaíóg mhullaigh a chur ar do chuid Gaeilge?


You know nothing of the language but really want to learn?
Do you have some Irish but want to improve?
Seo í do dheis! / This is your opportunity!



Misneach, with support from Comaltas na Mac Léinn, OÉ Gaillimh, has organised Irish classes for 2014-2015. There will be a beginners and an intermediate class running from September 2014 to April 2015.

The Beginners class will be on 6pm to 7pm on Wednesdays in AC202, on the concourse in the NUIG campus.

The Intermediate class will be on 6pm to 7pm on Thursdays in AC202, on the concourse in the NUIG campus

The first classes of the course will start on Wednesday 24th of September and will end in April 2015.

There is a suggested donation of €1 per person per class. This will go to covering costs.

To register for classes or for more info send an e-mail to
misneachnagaillimhe@gmail.com