Ná habair é, Déan é!
"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain
Monday, 22 June 2015
Idir dhá chultúr: Impiriúlachas, Éirí Amach agus Teanga sa tréimhse réabhlóideach 1914-18
Siod léach iontach ar fiú go mór breathnú uirthí. Eagraithe ag Cumann
Stair Lucht Oibre Bhéal Feirste, labhraíonn an t-ollamh Alan Titley agus
an cara mór sin de chuid Misneach Aindrias Ó Cathasaigh - a scríobh
píosa iontach san eagrán is déanaí de Mhionlach. Bainigí sult as!
Saturday, 20 June 2015
Séamus Ó Conghaile 7 Gluaiseacht na Teanga
Cé go bhfuil sé sean anois, is fiú go mór breathnú ar an alt seo le Séamus Ó Conghaile ó 1908 faoi ghluaiseacht na teanga. Ag an am, ar ndú, bhí cúpla scór ball gníomhach ar son na hathbheochana in Éirinn agus cé nár labhair sé mórán Gaeilge é fhéin, thacaigh an Conghlaileach leis na hiarrachtaí díchoilínithe seo. San alt seo, cuireann sé an anailís ghéar shóisialach bhfeidhm ar an ngluaiseacht teanga agus léiríonn sé dearcadh a thacódh leithéid Mhisneach leis go dtí an lá atá inniú ann. Siod sliocht ón alt:
Is fiú go mór an an t-alt uilig a léamh, níl sé ach gearr agus tá sé ar fáil ina iomlán anseo:
The chief enemy of a Celtic revival to-day is the crushing force of capitalism which irresistibly destroys all national or racial characteristics, and by sheer stress of its economic preponderance reduces a Galway or a Dublin, a Lithuania or a Warsaw to the level of a mere second-hand imitation of Manchester or Glasgow.In the words of Karl Marx, ‘Capitalism creates a world after its own image’, and the image of Capitalism is to be found in the industrial centres of Great Britain.A very filthy image indeed.You cannot teach starving men Gaelic, and the treasury of our national literature will and must remain lost forever to the poor wage-slaves who are contented by our system of society to toil from early morning to late at night for a mere starvation wage.
http://www.ucc.ie/celt/online/E900002-003/text009.html
Wednesday, 17 June 2015
Iris anois ar fáil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne
Tá athas orainn a rá go bhfuil Mionlach anois ar fáil i nGaeltach Chorca Dhuibhne.Tá sé ar fáil faoi láthair sa gCaifé Literartha sa Daingean agus sa gcaifé agus siopa leabhar atá mar chuid de Mhusaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtearaigh.
Tá sé ar fáil i siopa leabhar na Culturlainne i mBéal Feirste agus i Connolly Books agus Siopa leabhar Chonradh na Gaeilge i mBÁC freisin.
![]() |
| Musaem Chorca Dhuibhne ar an mBuailtín |
Thursday, 28 May 2015
Mionlach eagrán a dó anois ar fáil!
Tá Misneach na Gaillimhe ar bís le fógairt go bhfuil an darna eagrán dár iris, Mionlach,
i gcló agus ar fáil anois! Hréis cúpla mí ag obair go dian uirthi agus
go leor aighneachtaí uaibhse, tá sé críochnaí againn agus tá muid an-sástáí léi.
Faoi láthair, tá an iris le ceannacht i gCathair na Gaillimhe agus i mBéal Feirste. I nGaillimh sna siopaí seo a leanas: Charlie
Burns, Bell Book and Candle, O'Briens agus in Árus na nGael. I mBéal Feirste is féidir teacht uirthi sa Cheathrú Póilí, An Chultúrlann. Tá nuacht, tuairimíocht, scéalaíocht, greann, filíocht agus eile istigh ann agus 48 leathnach san iomlán.
Beidh muid ag seoladh amach beart den iris chuig tacaitheoirí ar fud na tíre gan mhoill. Tá súil againn go mbeidh sé ar fáil i siopaí i mBÁC, Béal Feirste agus Corcaí gan mhoill agus déanfaidh muid gach iarracht é a chuir ar fáil ar fud na Gaeltachta freisin, ach tá cúnamh uaibhse ag teastáil uainn len é sin a dhéanamh!
Ar ndú, déanann muid an obair seo uilig ar bhun deonach agus mar sin má cheapann tú go bhféadfá cuidiú le dáileadh na hirise ar bhealach ar bith, déan teagmháil linn ag misneachnagaillimhe@gmail.com nó ar an straoisleabhar (fb) agus cinnteoidh muid go bhfuil glór radacadh na nGael ar fáil ar fud fad na tíre.
Mar thús den phróiseas seo, seoladh Mionlach ar an bhFál Carrach i dTír Chonaill ag an deireadh
seachtaine. Go raibh maith ag Frankie Ó Gallachóir agus ag achan duine i
gCloich Cheann Fhaola a chuidigh linn an iris a chur i mbéal an phobail.
![]() | ||
| Cóipeannaí á gcur le chéile againn le gairid |
Beidh muid ag seoladh amach beart den iris chuig tacaitheoirí ar fud na tíre gan mhoill. Tá súil againn go mbeidh sé ar fáil i siopaí i mBÁC, Béal Feirste agus Corcaí gan mhoill agus déanfaidh muid gach iarracht é a chuir ar fáil ar fud na Gaeltachta freisin, ach tá cúnamh uaibhse ag teastáil uainn len é sin a dhéanamh!
Ar ndú, déanann muid an obair seo uilig ar bhun deonach agus mar sin má cheapann tú go bhféadfá cuidiú le dáileadh na hirise ar bhealach ar bith, déan teagmháil linn ag misneachnagaillimhe@gmail.com nó ar an straoisleabhar (fb) agus cinnteoidh muid go bhfuil glór radacadh na nGael ar fáil ar fud fad na tíre.
![]() |
| Ag an seoladh ar an bhFál Carrach le déanaí |
Wednesday, 27 May 2015
Postaer nú in aghaidh na dtáillí uisce
Hréis an bhua iontaigh a bhí againn uilig an tseachtain seo caití leis an reifreann, leanann an troid ar son tíre ata níos cothroime ar aghaidh!
Chuige sin, siod daoibh a Ghaela an postaer is déanaí a dhear muid. Mar eagraíocht a sheasann ar son cearta na cosmhuintire is léir do Mhisneach nach bhfuil sna taillí seo ach ionsaigh eile ar ghnáthdhaoine agus mar sin tacaíonn muid go láidir leis an troid ina n-aghaidh.
Má tá éinne ag iarraidh PDF ar ard chaighdéan ar mhaitheas len iad a phriontáil amach, cuir ríomhphost chugainn - misneachnagaillimhe@gmail.com
Chuige sin, siod daoibh a Ghaela an postaer is déanaí a dhear muid. Mar eagraíocht a sheasann ar son cearta na cosmhuintire is léir do Mhisneach nach bhfuil sna taillí seo ach ionsaigh eile ar ghnáthdhaoine agus mar sin tacaíonn muid go láidir leis an troid ina n-aghaidh.
Má tá éinne ag iarraidh PDF ar ard chaighdéan ar mhaitheas len iad a phriontáil amach, cuir ríomhphost chugainn - misneachnagaillimhe@gmail.com
Friday, 1 May 2015
'TÁ' ar son an Chomhionnanais - le Elaine Jennings
![]() |
| Graifítí úr ar shráid sa gcathair le gairid |
Ar an 22
Bealtaine, reachtálfar reifreann ar chomhionannas pósta in Éirinn. Mar atá faoi
láthair, tá cearta áirithe dlíthiúla ar fáil do lánúineacha atá i
bpáirtnéireacht shibhialta le chéile. Cén difríocht a bheadh i gceist, mar sin,
dá nglacfaí le rún an reifrinn agus dá dtabharfaí cead do na lánúineacha seo
pósadh? Céard é an dioscúrsa polaitiúil atá taobh thiar den díospóireacht? Agus
céard iad na gnéithe follasacha agus folaithe den díospóireacht seo?
Tá liosta de 160
difríocht idir pósadh agus páirtnéireacht shibhialta curtha le chéile ag an
ngrúpa Marriage Equality, atá i mbun feachtais ar son chomhionannais phósta. Pointí
teicniúla agus miondifríochtaí maidir le cearta maoine, cáin, pinsin, srl. atá
ann den chuid is mó. Mar sin féin, mura mbeadh ann ach ceist na cánach agus mar
sin de, dhéanfadh athchóiriú ar pháirtnéireacht shibhialta cúis. Cén fáth, mar
sin, a bhfuil gá le cearta pósta do lánúineacha aeracha?
Ar an gcéad dul
síos, gach uair a dhéantar plé ar chomhionannas pósta, tagann ceist na bpáistí
go mór chun cinn. Baineann chuid mhaith de na 160 difríocht atá aitheanta ag Marraige Equality le páistí, agus is
cinnte gurb í an chnámh spáirne is mó a thagann chun cinn sa díospóireacht
phoiblí. Tá sé sách deacair teacht ar fhíricí cruinne i measc na tuairimíochta
uilig faoin tionchar a bheadh ag beirt tuismitheoirí den ghnéas céanna ar
pháiste, ach is cinnte gurb ann dóibh. Tá roinnt mhaith taighde déanta –
staidéir údarásacha a rinne an American Psychological Society agus an Australian Psychological Society mar
shampla – a léiríonn go mbíonn folláine na bpáistí a bhfuil tuismitheoirí LADT (LGBT) acu ar a laghad chomh maith céanna
le páistí le tuismitheoirí heitrighnéasacha, in ainneoin na ndeachrachtaí
suntasacha a chruthaíonn leithcheal an dlí dóibh.
Is furasta a
fheiceáil, áfach, cén fáth a bhfuil an cheist seo tar éis éirí chomh
conspóideach sin sa díospóireacht phoiblí. Tuigeann an dream atá in aghaidh an
reifrinn go maith gur éasca i bhfad ceannteidil mhothálacha nuachtáin a chumadh
faoi fholláine na bpáistí ná faoi chúrsaí cánach. Cumtar scéalta mothúchánacha
faoi pháistí bochta a mhaireann gan dea-shampla na máithreacha nó na
n-aithreacha a bheith mar chuid dá saol. Níos gránna arís, cruthaítear sna
tablóidigh scéalta colúla faoi ghasúir a chloiseann a gcuid aithreacha sa
seomra leapa agus mar sin de (mar, de réir dealraimh, eispéireas i bhfad ní
b’fholláine a bheadh ann dá gcloisfí daoine heitrighnéasacha á dhéanamh sin!)
![]() |
| Postaer ar son comhionannais ón ár gcairde Gaeil in Albain! |
Is trua, ar
bhealach, go dtugtar an oiread sin airde ar lucht na tuairimíochta sna meáin
chumarsáide, in ionad na n-eolaithe sóisialta a bhfuil taighde ceart déanta acu
ar an ábhar, mar tugann sé seo tús áite do thuairimí gan bhunús agus do
chlaontacht in ionad fíricí. Mar sin féin, d’fhéadfadh an clúdach corraitheach
seo sna meáin chumarsáide buntáiste a tabhairt do lucht tacaíochta an reifrinn.
Agus é ag labhairt sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le déanaí, mhol Dustin
Lance, scríbhneoir scripte an scannáin Milk,
do lucht tacaíochta an reifrinn leas a bhaint as a gcuid scéalta pearsanta chun
daoine a spreagadh chun vóta a chaitheamh ar son chomhionannais phósta. Táthar
ag súil go mbeidh tuiscint níos fearr ag an lucht vótála ar thábhacht an
reifrinn má fheiceann siad an taobh daonna den scéal.
Creidimse féin,
áfach, nach iad na scéalta pearsanta seo bun agus barr ghluaiseacht an
chomhionannais phósta. Ní dóigh liom féin gurb iad cúrsaí cánach ná dlíthe
oidhreachta, ná fiú na páistí, croílár na ceiste seo. Go bunúsach, baineann sé
le ceist na teanga.
Tá macallaí
mothúchánach ag an bhfocal ‘pósadh’ a théann i bhfad siar i gcuimhne an duine.
Ag deireadh an tsíscéil, pósann an prionsa agus an bhanphrionsa. Cloiseann
gasúir óga daoine fásta agus iad ar bís ag caint faoi bhainiseacha atá le
tarlú. Tuigeann siad gur ócáid lárnach é, gur pointe cinniúnach i saol an duine
atá sa phósadh.
I gcomparáid leis
seo, tá rud éigin fuar, dleathaíoch ag roinnt leis an téarma ‘páirtnéireacht
shibhialta’, ar nós go bhfuil beirt ag dul i mbun gnó le chéile in ionad a bheith
ag roinnt a saoil lena chéile. An dtaitníonn cáca bainise leat? Níl an cáca
ceiliúrtha páirtnéireachta sibhialta chomh mealltach céanna. Agus ‘an
ndéanfaidh tú páirtnéireacht shibhialta liom?’ – níos feiliúnaí don seomra
comhdhála ná don bhialann rómánsúil.
Shílfeá,
b’fhéidir, go bhfuil an difríocht céille seo sách suarach mar chúis le
reifreann, ach d’fhéadfadh an focal ‘pósadh’ tionchar mór a imirt ar an gcaoi a
mbreathnaítear ar chaidrimh chomhghnéis. Tá sé de nós ag daoine leas a bhaint
as friotal na collaíochta nuair atá siad ag plé caidrimh chomhghnéis, agus an
taobh ceanúil, grámhar den chaidreamh a ligint i ndearmad. Tá tionchar
suntasach ag an gcineál teanga a úsáidtear nuair atáthar ag caint faoi dhaoine
atá leispiach, aerach nó déghnéasach – tugann an téarma ‘sexual orientation’ le tuiscint nach bhfuil i gceist leis an
gcaidreamh ach an ghné chollaí, mar shampla. Tá macallaí éagsúla ag an bhfocal
‘pósadh’. Tuigtear go bhfuil geall, agus grá, ag baint le ‘pósadh’; gur rud
buan, seasmhach é. Cruthaíonn ‘pósadh’ íomhá de lánúin roinneann gach gné den
saol le chéile, lánúin a bhíonn ag déanamh cúraim dá chéile, ag dul ag
siopadóireacht agus ag glanadh na cistine le chéile, ag tabhairt aire dá chéile
in am an ghátair.
Athrú
caolchúiseach, ach tábhachtach a bheadh ann dá bhféadfaí an bhéim a leagan ar
na cosúlachtaí idir caidrimh chomhghnéis agus caidrimh heitrighnéasacha (grá,
comhbhá, dílseacht) in ionad an aon ruda amháin atá éagsúil , is é sin an taobh
collaí den chaidreamh. Múnlaíonn an teanga meon phobal a labhartha. Tá na
mianta agus na tnúthán céanna á roinnt ag lánúineacha aeracha is atá ag
lánúineacha heitrighnéasacha cheana féin, níl in easnamh ach an t-aitheantas
oifigiúil. Má thugann lucht vótála na hÉireann an deis dúinn an focal ‘pósadh’
a roinnt eadrainn freisin, léireoidh sé go dtuigeann siad an méid sin agus go
bhfuil siad ag iarraidh go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile in aibíocht leis an
tuiscint chéanna.
Subscribe to:
Posts (Atom)









