Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Wednesday, 18 December 2013

Agóid Cheolmhar Challánach Ildaite againn ar son Cearta Teanga




In ainneoin na drochaimsire d'éirigh go maith leis an Agóid ar son Cearta Teanga a d'eagraigh Misneach ar an Chéadaoin, an 18ú Nollaig. Tháinig scór amach sa deireadh. Chruinnigh muid le chéile ar an Fhaiche Mhór agus é ag stealladh báistí agus gaoth chrua ann. Bhí manaí agus amhráin go leor againn, muid ag béiceach rudaí ar nós ''Céard atá uainn?...Cearta Teanga...Cén uair...anois!''. Cheol muid go léir an Dord Féinne níos moille ansin. Scaipeadh 300 bileog ag míniú don mhórphobal cén fáth a raibh muid ann agus shiúl muid fad Shráid na Siopaí.

Agóid in éadan chur i gcéill an rialtais a bhí ann agus is furasta bréagchráifeacht na mbodach mór seo a fheiceáil má chaitear súil ar fhocla an Bhunreachta:

An Bunreacht, Airteagal 8: ''Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.''

Cacamas!

Tá fhios ag madaí an bhaile nach bhfaighfidh tú seirbhís fríd Ghaeilge i mórchuid na n-oifigí poist fríd an tír seo. Tá fhios againn uilig nach mbeidh ach maslaí agus droch-mheas i ndán duit, cuid mhaith den am má labhrann tú Gaeilge le Garda. Leoga, tá muid uilig i ndiaidh cluinstin fá dtaobh de Ghaeilgeoirí ar thóg na Gardaí iad le blianta beaga anuas agus gan iad ag déanamh a dhath ach ag labhairt Gaeilge leofa.

Goilleann an fhadhb seo go mór ar dhaoine i nGaillimh ar ndóiche, ní gá ach cuairt a thabhairt ar ospidéal na hollscoile, chomh holc is atá an litriú agus an caighdeán Gaeilge ar na comharthaí agus níos measa ná sin, a laghad freastail a dhéantar ar chainteoirí Gaeilge i dteanga féin. Tá cuimhne mhaith agam féin a bheith istigh san ospideál sin agus gan an lucht foirne a bheith ábalta teanga dhúchais na n-othar as an Ghaeltacht a labhairt.

Ní thig ligint dó seo leanstan ar aghaidh. Seo sampla maith den phráinn a bhaineann lenár gcearta teanga.

Is léir dúinn nach bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm mar ba chóir. Níl ach 20 scéim teanga daingnithe le comhlachtaí poiblí roimh dheireadh na bliana seo, nuair atá 20 scéim eile imithe in éag cheana féin i 2013.
Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin féin, ''Go ginearálta, ní sár-bhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl''

Níl an rialtas sásta brú ar bith a chur ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal. Leoga, níl ann ach cur i gcéill a rá go bhfuil an rialtas ag freastal ar chuid cearta na gcainteoirí Gaeilge sa tír seo.

D'inis an Coimisinéir dúinn go raibh trí cheathrú de na scéimeanna teanga de chuid comhlachtaí agus eagraíochtaí stáit ligthe in éag gan athnuachan a bheith déanta orthu roimh dheireadh 2012.

Tá cinneadh le déanamh againn mar phobal. An bhfuil muid sásta ligint don Ghaeilge bás a fháil faoi réimeas rialtas atá cuid mhaith den am ar nós cuma liom fán teanga agus amantaí eile glan ina héadan? Nó an seasfaidh muid an fód? Caithfidh muid an rialtas seo a náiriú as an mhéid dochair atá siad ag déanamh don Ghaelteacht agus do phobal na Gaeilge. Is mithid dúinn troid ar ais!

Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, ní bheidh ionainn ach ''Sasana beag'' má fhaigheann an Ghaeilge bás sa tír seo. Féadaimis a rá anois go bhfuil an chuma ar an tír seo anois gur mó de Shasana beag nó b'fhéidir de Mheiriceá beag atá ann ná de Éire. I ndiaidh an iomláin, cuireann an rialtas iallach ar mhuinitir na tíre Béarla a labhairt le rannógaí agus institiúidí stáit.

Dá dhonnacht Fianna Fáil nuair a bhí siad i gcumhacht ba deacair Fine Gael agus Labour a shárú sa tslad atá siad ag déanamh ar an teanga leis na gearraithe siar ar fad agus an easpa gnímh i leith na héigeandála teanga atá anois ar bun sa tír. Níl amhras ar bith fá dtaobh do ach go bhfuil an rialtas seo de chuid Fine Gael agus Labour ar cheann de na rialtais ba mheasa i leith na Gaeilge agus cearta lucht a labhartha. Go dearfa tá an chuma anois orthu gur chuma leo fán teanga agus ní mian leo airgead ar bith a chaitheamh ar sheirbhísí fríd Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta ná do phobal na Gaeilge. €87,258 a fhaigheann an tAire Gaeltachta Dinny Mac Fhionnlaoich mar thuarastal ar son aimhleas na Gaeilge a dhéanamh. Tá sé in am do Dinny Mac Fionnlaoich éirí as a phost!

Tá an Ghaeilge go cinnte i ndíth shláinte agus níl an rialtas ag déanamh a dhath ach ag cruthadh tuilleadh trioblóide dúinn, ag diúltú seirbhísí fríd Ghaeilge a chur ar fáil. Anuas ar an imirce rábach amach as an tír tá dúshláin mhóra anois romhainn mar phobal teanga. Shílfeá gur polasaí cinnte de chuid an rialtais é daoine óga a dhíbirt amach agus an méidín beag suarach atá anois mar dól ann. Ní ionsaí ar an teanga amháin atá i ngníomhartha an rialtais ach ionsaí ar shaol na Gaeltachta agus phobal na tíre i gcoitinne.
Caithfidh an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus cothrom na féinne a thabhairt do chainteoirí Gaeilge na tíre seo. Caithfidh muidinne scéal mór a dhéanamh dó seo uilig agus síorbhrú a chur ar na polaiteoirí, ach ar ndóiche, ní thig linn brath ar an rialtas leis an Ghaeilge a shábháilt, is fúinne atá sé é a dhéanamh. Ba cheart do Ghaeil a bheith páirteach i Misneach sa dóigh is go dtig linn saol na Gaeilge a chothú ar an talamh.

Mar sin a chairde, seasaimis an fód ar ár son féin, ar son na teanga agus ar son an mhórphobail. Beidh Misneach ag eagrú tuilleadh imeachtaí sa bhliain úr, coinnigí ar an eolas fúinn, caithigí súil ar an bhlag agus seol r-phost chugainn más maith libh teacht chuig na cruinnithe.

Beirimis Bua!

Monday, 16 December 2013

Agóid ar son ceart teanga!

Tá agóid eagraithe ag Misneach na Gaillimhe chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin atá tar éis éirígh as a phost dá bharr drochmheas an rialtais ar an nGaeilge agus cearta teanga na nGael.

Beidh muid ag bailliú le chéile ar an bhfaiche mhór, cathair na Gaillimhe, Dé Céadaoin bheag seo (an 18 Nollaig) ag a 3 i.n. chun ár bhfearg le neamhaird an rialtais a 'spaint.

Cearta Teanga = Cearta Daonna! Bí ann!



Wednesday, 4 December 2013

Caint Phoiblí faoi Fhrithdhúnadh 1913






Caint ar 100 bliain ó Fhrithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath

le Aindrias Ó Cathasaigh

údar an leabhair nua
'An Diabhal in Uachtar in Áth Cliath:
Frithdhúnadh 1913 trí shúile na nGael'

Arna eagrú ag Misneach

Dé Sathairn, an 14ú Nollaig @ 3in in Árus na nGael.

Monday, 25 November 2013

Bígí ann!!!


An chéad G-spota i gCathair na dTreabh le tarlú An Satharn beag seo - ná cailligí é!
Tá leathnach imeachta ar facebook le tuilleadh sonraí.

Saturday, 23 November 2013

Lá Mór Gnaitheach ag Misneach Inné




Inné, Dé hAoine an 22ú lá Samhain, chuaigh Misneach i mbun gnímh i gCathair na Gaillimhe. Fuarthas amach an lá roimhe sin go mbeadh Taoiseach dheisceart na tíre, Enda Kenny, fán chathair le haghaidh soilse na Nollag a lasadh ar an Fhaiche Mhór mar chuid de shearmanas mór. Shíl Misneach go dtiocfaimis ar an láthair le taispeáint do Kenny nach raibh fáilte roimhe se taobh seo tíre agus go bhfuil Pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ach go háirithe ar buile leis ó tharla an oiread sin criorraithe siar agus ionsaithe ar an bpobal gan trácht fiú ar dhíol amach na tíre leis an EU/IMF agus an oiread airgid atá á sholáthar do na bainc.

Tháinig muid le chéile sa Mheitheal Rothar ar champas na hollscoile i rith an lae, áit ar thosaigh muid ar an obair. Bhí deichniúr nó mar sin againn i láthair ag péinteáil dhá mheirge. Ceann ar mhaithe le cuairt Enda leis na focail seo a leanas scríofa air: ''Enda Kenny Ghoid Tú an Nollaig Orainn'' agus ceann eile ansin a bheadh ina mheirge ginearálta ag Misneach. Anuas air sin scríobhadh téacs bileoige i nGaeilge agus i mBéarla le haghaidh na hócáide. Ach faoi dheireadh d'éirigh thar barr linn – crochadh suas an meirge go hard agus dáileadh amach na bileoige. Bhí mórán comrádaithe i láthair ag Misneach agus bhí an chuma go ndeachaigh muid go mór i bhfeidhm ar an bpobal.

Ní raibh deireadh le himeachtaí an lae ansin nó i ndiaidh greim le hithe a fháil chruinnigh muid uilig in Árus na nGael ar shráid Dhoiminic le haghaidh caint spreagúil Fheargail Mhic Ionnrachtaigh ag an seoladh leabhar a bhí aige ''Language, Resistance and Revival: Republican Prisoners and the Irish Language in the North of Ireland''. B'iontach an slua daoine a bhí ann agus féadaim a rá gan amhras go raibh chuile dhuine an-tógtha leis an chaint a thug Feargal uaidh.

Lá Gníomhíochta i nGaillimh

Bhuail baill Misneach na Gaillimhe le chéile inne an 22 Samhain chun a gcuid feirge in aghaidh polasaithe déine an rialtais a léiriú.

Eagraíodh ceardlann chun meirgí a phéinteáil agus bileogaí a ullmhu chun fáilte feiliúnach a chur roimh thaoiseach na tíre, an léine ghorm lofa sin, a bhí i nGaillimh i mbun stocaireachta agus ag iarraidh é féin a dheasadh isteach le muintir na cathrach, cé go bhfuil a rialtas féin ag déanamh slad marfach ar chaighdeán maireachtála na daoine céanna – agus é ar fad déanta ar mhaitheas le lucht an rachmais!   

Scaipeadh bileoga dhátheangach i measc na sluaite a bhí i láthair ag an margadh Nollag ar an bhfaiche mhór agus cuireadh in iúl go soiléir tuairmí Misneach na Gaillimhe in aghaidh an slímadóir salach seo.

Ina dhiaidh sin sheol ball Misneach Béal Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, a leabhar iontach nua “Language, Resistance and Revival” in Áras na nGael ar shráid Dominic.  Bhí caint agus díospóireacht fíor-spéisiúil agus spreagúil ann ag an ócáid a thug neart mhisnigh do chuile dhuine den slua mór (thart ar 30 duine!) a bhí i láthair. 

Leanann an troid ar aghaidh!

*Beidh grianghraif ón lá thuas againn ar ball. 

Friday, 8 November 2013

Misneach go stairiúil.

Ar ndóigh is cuid de thraidisiún radacach seanbhunaithe i leith na Gaeilge é Misneach an lae inniú. Seo daoibh alt spéisiúil leis an Ainrialaí agus Baile Átha Cliathach Donal Fallon faoin méid a bhí á deanamh ag réamhtheachtaithe s'againne beagnach leathchéad bliain ó shin, foinse inspioráide dúinn ar fad sa lá atá inniu ann go cinnte!

http://comeheretome.com/2012/12/19/the-misneach-hunger-strike-1966/

Agus freisin, físeán ghearr ó TG4 faoin eagraíocht:


Béirigí Bua!