Siod taifead de chaint phoiblí a thug Feargal Mac Ionnrachtaigh, gníomhaí teangan agus ball de Mhisneach Bhéal Feirste, faoina leabhar "Language, Resistance & Revival". Cé go bhfuil an chaint seo i mBéarla is fiú go mór éisteacht leis, mar is gnáth tá neart rudaí spéisiúla le rá ag Feargal.
Tá tuilleadh ábhair léitheoireachta srl. ar shuíomh Fheargail chomh maith:
http://www.feargalmac.org/
Ná habair é, Déan é!
"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain
Friday, 13 June 2014
Thursday, 15 May 2014
Cabaret Craiceáilte i nGaillimh an Aoine bheag seo!!
Beidh an Cabaret Craiceáilte, ceann de na oícheanta sóisialta is mó i bhféilire na nGael ag tarlú i nGaillimh an Aoine bheag seo san Óstán Galway Bay ar Bhóthar na Trá.
Beidh sé ag tosú ag a 10.30i.n. agus beidh an clár lán go béal le Rónán Ó Snódaigh, The Temporary, Conor Keane 7 Ringo Mc Donagh, Lunatic Spoons, Blooze Ghaoth Dobhair, Tura Aru Tura, Marian Ní Chonghaile, Séamus Barra Ó Súílleabháin 7 go leor eile. Tá taille €5 ar chead isteach.
Bígí ann! Tacaimis le pobal na Gaeilge i gCathair na dTreibheanna!

Monday, 5 May 2014
Dlúthpháirtíocht leis an Lucht Siúil
Tugadh faoi deara
go bhfuil Graffiti Gaelach a thacaíonn
leis an Lucht Siúil curtha suas ar chomharthaí ciníocha in éadan an lucht siúil
i ngar do Mhionloch, an Bhreac-Ghaeltacht ar an taobh ó thuaidh de Chathair na
Gaillimhe. Is suntasach freisin gur cuireadh suas greamathóirí Misneach in
éineacht leis an Graffiti.
Tuigtear do Mhisneach na Gaillimhe gur cuireadh na comharthaí seo suas le gairid in áit a mbíodh cuid carbhán daoine den lucht siúil ag stopadh go minic.
Tréaslaíonn
Misneach na Gaillimhe leis an dream a rinne an gníomh seo. Léiríonn an ealaíon
phoiblí seo comhbhá agus dlúthpháirtíocht leis an lucht siúil, dream atá go mór
faoi chois sa tír seo.
Go deimhin is
fuath le Misneach an ciníochas agus leatrom de chineál ar bith agus tá muid den
tuairim go gcaithfidh muid uilig seasamh gualainn le gualainn chun an ceann is
fearr a fháil ar mhaistíní ciníocha dálta lucht na gcomharthaí in éadan an
lucht siúil. Is cuma cén áit a bhfeictear an ciníochas nó cén dreach nó
leagan atá air, is call dúinn ar fad an fód a sheasamh ina aghaidh.
Saturday, 3 May 2014
Todhchaí na Gaeltachta
"...is baolach go bhfuil deireadh ré na Gaeltachta mar chomhthionól pobal Gaeilge á thuar ag faisnéis an tsuirbhé seo...Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht" - Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007: 27 (linne an bhéim).
Ná déanaimis dearmad ar seo a chairde. Ar ndóigh, scríobhadh an tuairisc seo sular thosaigh an ghéarchéim eacnamaíochta a bhfuil cosmhuintir na tíre thíos léi ó shin. Níl an scéal ach hréis dul in olcais agus tá neamhaird iomlán á dhéanamh ag an saorstáit lofa ar an gceist práinneach seo. Agus nuair a imíonns croíphobail na teanga, is deacair a shamhlú go mairfidh an teanga i bhfad eile gan é...
Tá gríomh láidir ar son na Gaeilge ag teastáil go géar. Muna anois é, cén uair?

Wednesday, 30 April 2014
In aghaidh Bhéarlagair na
Míleatachta
alt le Wolfi Landstreicher
Faraor, le blianta beaga anuas, tá an iomarca den
scríbhneoireacht ag teacht as an streachailt shóisialta millte ag caint sheasc
righin thraochta, caint mharbhánta ba dhóigh leat bheith ag teacht salach ar
fhuinneamh na réabhlóidí á lua inti. Caint na míleatachta, nach mbaineann le
saoirse, caint d'uireasa na hindibhidiúlachta a chothaíonn í féin in aghaidh an
tsrutha. B'fhéidir gurb é is cúis leis seo, ar shlí, ná gur eascair coimhlintí
an lae inniu as cruatan na linne; gur freagraí iad do bhoirbe na fírinne
sóisialta, polaitiúla is eacnamaíochta. Ach conas gur féidir lena leithéid de
fhreagra an fhírinne úd a shéanadh? Nach cóir go dtaispeánfadh cur chuige an
fhreagra féin gur ag diúltú don bhfírinne curtha sin atáimid?
Is dul amú an mhíleatacht a shamhlú le teas nó
díogras, nuair nach bhfuil sa mhíleatacht ach veist cheangail plátáilte á
bhailiú timpeall ar loime an duine, ag righniú is ag cur teorainn lena
ghluaiseachtaí. Samhlaítear dáiríreacht le diongbháilteacht cé nach bhfuil inti
ach sclábhaíocht don teibíocht, don todhchaí, don anallód .i. géibheann
féindéanta de chineál eile. Nach é sin díreach an rud gur cóir dúinn bheith
diongbháilte gan géilleadh dó is sinn ag troid chun gach neomat dár saol a chur
ar ár gcomhairle féin?
B'fhéidir gurb é is cúis leis seo ná go síleann an
oiread sin daoine a bhfuil an streachailt shóisialta á plé acu gur daoránaigh
iad féin atá ag cur in aghaidh na daoirse, seachas indibhidithe saora ag cruthú
a saolta féin, ag aimsiú na gconstaicí don bpróiseas féinchruthaithe sin, is ag
troid chun na constaicí sin a threascairt.
Ní gá cúl a thabhairt le fírinne na daoirse chun a
ghlacadh: má fheidhmíonn ár dtionscnamh mar fhrithbheart don daoirse amháin go
n-éirímid gafa sa daoirse sin. Caillimid ár saol féin, is ina theannta san,
caillimid an neart chun a bhfuil romhainn a scrios. Is an frithbheart ag díriú
ar thionscnamh na naimhde, coinníonn sé ar an gcosaint sinn is dearbhaíonn sé
ár mbás (fiú ár mbua) trínár dtionscnamh féin a sciobadh uainn.
Mar sin, má thugaimid fénár dtionscnamh féin a
chruthú is a eagrú as ár stuama féin, sinn fiáin chun bheith ag gluaiseacht ar
feadh an domhain bhraonaigh inár neacha neamhspleách gan aidhm, ní shamhlóimid
na rialtóirí, dúshaothraithe, póilíní, sagairt, breithimh, srl, le tíoránaigh a
bhfuil an fód le seasamh againn ina gcoinne, ach mar chonstaicí atá le sriosadh
ar an gconair..
Sa chomhthéacs sin amháin a gheobhaidh an scrios a
bhrí éiritheach, fileata, réabhlóideach mar ghníomh fíor-thuilte ag diúltú do
loighic na hoibre is ag oscailt na réaltachta don aer is don iontas. Ag an am
sin amháin a bheidh an scrios is an spraoi ar scáth a chéile.
bunleagan:
Tuesday, 15 April 2014
Cearta, Cothromas agus Cóir!
Mar a bheifeá ag súil leis, bhí Misneach na Gaillimhe amuigh ag tacú leis an "Lá Dearg", Mairseáil ar son Cearta Teanga na nGael i mBéal Feirtse an Satharn seo caite. Thuairiscigh TG4 gur ghlac suas le 10,000 páirt san ócáid. Ba mhór an t-éacht é seo ag Misneach Bhéal Feirste a raibh páirt lárnach acu in eagrú na hócáide, chomh maith leis na grúpaí pobal uilig eile a chuidigh go mór leis.
Deichniúr ar fad de chuid Misneach na Gaillimhe a fuaigh suas go dtí Béal Feirste agus fuair muid fearadh na fáilte ann agus taispeánadh comrádaíocht den scoith sa chomh-oibriú a bhí ar siúl idir na craobhacha ar fad de chuid Misneach agus an t-iliomad grúpaí eile a bhí cruinn le chéile ar son na cúise.
Thar éis an mhórshiúil bhí na céadta amuigh aríst istoíche do G-Spota ar leith, le ceol agus craic den scoth.
Cé go raibh lá agus deireadh seachtaine an-tairigiúil againn agus b'iontach an rath a bhí ar an rud ar fad, tá Misneach diongbháilte leanacht ar aghaidh leis an bhfeachtas seo agus an neart agus fuinneamh seo uilig a choinneáil suas agus muid ag streachailt ar son cearta agus cothromas. Níl seo ach ina thús!
http://www.meoneile.ie/ailt/an-tuaisceart-dearg-le-fearg#.U1AJMVefitF

Wednesday, 9 April 2014
Graifítí dhátheangach sa chathair
Roinnt graifítí dhátheangach a cuireadh suas ar bhalla i lár na cathrach le gairid le teachtaireacht a thacódh Misneach le go láidir.
Subscribe to:
Posts (Atom)