Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Tuesday, 23 June 2015

Cruinniú Poiblí 7 Agóid beartaithe ag Misneach BhÁC!

Tá cruinniú  agus agóid eagraí ag Misneach BhÁC. Tá seo mar chuid den ghríomhaíocht atá Misneach ag cur ar bun mar fhreagra ar an nuashonrú ar an SCT a thuairisc le gairid nach bhfuil fághtaí ach 10 mbliana eile don Ghaeilge mar theanga an phobail sna ceantracha Gaeltachta is láidre. Mar a tuairiscíodh ar tuairisc.ie, chuir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta moill uafasach ar fhoilsiú na cáipéise seo, go bunúsach toisc go náiríonn sé an cuir chuige lag atá acusan, ag ligean do rud mar seo tarlú agus iad ceapaithe a bheith ann ar son na teanga.

Siod an méid a dúirt Misneach BhÁC ar leathanach an chruinnithe ar an stroisleabhar:

Leis an nuacht le déanaí nach bhfuil ach 10 mbliain nó mar sin fágtha ag an Ghaeltacht tá MISNEACH ag glaoch cruinniú poiblí chun módhanna feachtasaíochta radacacha a chiaradh.

Beidh cainteoirí againn ó gach glún beagnach!

Beidh Eoin Ó Murchú, iriseoir, ag labhairt ar a thaithí i MISNEACH na 1960idí agus faoi na feachtais a ndeachaigh siad san ina mbun

As Béal Feirste, beidh an gníomhaí Ghaeilge an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh ag labhairt ar a thaithí féin.

Agus ó Muineacháin, beidh Aindriú de Buitléir ón glún is óige ag caint ar an eachtra a tharla i gColáiste Oiriall le déanaí nuair a cuireadh bac ar na daltaí dul ar agóid i gcoinne Enda Kenny.

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt urlabhraí de chuid MISNEACH:

‘Is léir go bhfuil an stát – na polaiteoirí, ach go háirithe na stáit seirbhísigh – sásta droim láimhe a thabhairt do phobail na Gaeltachta agus pobail na Gaeilge i gcoitinne.

Bhí an Lá Mór ann anuraidh agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid i go leor bealaí. Ach cén freagra a bhí ag Rialtas Baile Átha Cliath air? Rinneadar ceapacháin ar Aire Gaeltachta gan Ghaeilge!

Anois le teacht chun solais Tuaraisc Uí Ghiollagáin a fhógraíonn bás na Gaeltachta cén freagra atá ag an stát? Faic.

Tá 10 mbliain fágtha ag an Ghaeltacht! Nár chóir go mbeimis amuigh ar na sráideanna ar a laghad?

Tá Gaeil ag séanadh na fíricí. Is léir ón staidéar cuimsitheach seo, atá bunaithe ar módhanna eolaíocha, go bhfuil an Ghaeltacht ag meath. Ach tá roinnt Gaeil ag leanúint ar aghaidh amhail is nach bhfuil fadhb ann.

Tá eilifint mhór sa seomra, sè sin go bhfuil laghdú 95% ar líon na Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht ó bunaíodh an stát sa bhliain 1926. Sin titim ó 250,000 duine go níos lú ná 10,000. Agus tá an titim ag leanúint ar aghaidh.

Tá sé thar am gur bhreathnaigh Gaeil ar bhealaí nua agóide. Tá an iomarca béime leagtha ar stocaireacht béasach a dhéanamh agus sin bheith ag brath ar pholaiteoirí bheith go deas linn. Tá Gluaiseacht na Gaeilge imithe, ar an bhformhór, síos cul de sac straitéiseach.

Tá gá breathnú thar sáile, ag ár gcolceathracha Ceilteacha sa Bhreatain Bheag ach go háirithe. Tá muidne i MISNEACH den tuairim go n-imríonn na módhanna bríomhara, radacacha feachtasaíochta a n-úsáideann leithéidí Cymdeithas (Cumann na Breatnaise) ról tábhachtach i mbrú láidir a chuir ar an stát agus buanna a bhaint amach don teanga.’
 Siod an t-eolas a atá acu faoin agóid ar leathanach na hócáide sin:
 
Leis an nuacht le déanaí nach bhfuil ach 10 mbliain nó mar sin fágtha ag an Ghaeltacht tá MISNEACH ag reachtáil agóid lasmuigh de Roinn na Gaeltachta.

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt urlabhraí de chuid MISNEACH:

‘Is léir go bhfuil an stát sásta droim láimhe a thabhairt do phobail na Gaeltachta agus pobail na Gaeilge i gcoitinne.

Bhí an Lá Mór ann anuraidh agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid i go leor bealaí. Ach cén freagra a bhí ag Rialtas Baile Átha Cliath air? Rinneadar ceapacháin ar Aire Gaeltachta gan Ghaeilge!

Anois le teacht chun solais Tuaraisc Uí Ghiollagáin a fhógraíonn bás na Gaeltachta cén freagra atá ag an stát? Faic.

Tá eilifint mhór sa seomra, sin é go bhfuil laghdú 95% ar líon na Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht ó bunaíodh an stát sa bhliain 1926. Sin titim ó 250,000 duine go níos lú ná 10,000. Agus tá an titim ag leanúint ar aghaidh.

Tá an cumhacht ag Roinn na Gaeltachta agus an rialtas an meath seo a stopadh, ach níl brú láidir go leor á cur orthu.

Tá MISNEACH ag glaoch an agóid seo mar tús de feachtas níos leanúnaí i gcoinne an rialtas frith-Ghaelach seo agus rialtas ar bith eile síos an bhóthair a leanann leis na hionsaithe ar an Ghaeltacht.'

Monday, 22 June 2015

Idir dhá chultúr: Impiriúlachas, Éirí Amach agus Teanga sa tréimhse réabhlóideach 1914-18


Siod léach iontach ar fiú go mór breathnú uirthí. Eagraithe ag Cumann
Stair Lucht Oibre Bhéal Feirste, labhraíonn an t-ollamh Alan Titley agus
an cara mór sin de chuid Misneach Aindrias Ó Cathasaigh - a scríobh
píosa iontach san eagrán is déanaí de Mhionlach. Bainigí sult as!

Saturday, 20 June 2015

Séamus Ó Conghaile 7 Gluaiseacht na Teanga



Cé go bhfuil sé sean anois, is fiú go mór breathnú ar an alt seo le Séamus Ó Conghaile ó 1908 faoi ghluaiseacht na teanga. Ag an am, ar ndú, bhí cúpla scór ball gníomhach ar son na hathbheochana in Éirinn agus cé nár labhair sé mórán Gaeilge é fhéin, thacaigh an Conghlaileach leis na hiarrachtaí díchoilínithe seo. San alt seo, cuireann sé an anailís ghéar shóisialach bhfeidhm ar an ngluaiseacht teanga agus léiríonn sé dearcadh a thacódh leithéid Mhisneach leis go dtí an lá atá inniú ann. Siod sliocht ón alt:

The chief enemy of a Celtic revival to-day is the crushing force of capitalism which irresistibly destroys all national or racial characteristics, and by sheer stress of its economic preponderance reduces a Galway or a Dublin, a Lithuania or a Warsaw to the level of a mere second-hand imitation of Manchester or Glasgow.

In the words of Karl Marx, ‘Capitalism creates a world after its own image’, and the image of Capitalism is to be found in the industrial centres of Great Britain.
A very filthy image indeed.

You cannot teach starving men Gaelic, and the treasury of our national literature will and must remain lost forever to the poor wage-slaves who are contented by our system of society to toil from early morning to late at night for a mere starvation wage.
Is fiú go mór an an t-alt uilig a léamh, níl sé ach gearr agus tá sé ar fáil ina iomlán anseo: 
http://www.ucc.ie/celt/online/E900002-003/text009.html



Wednesday, 17 June 2015

Iris anois ar fáil i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

Tá athas orainn a rá go bhfuil Mionlach anois ar fáil i nGaeltach Chorca Dhuibhne.

Tá sé ar fáil faoi láthair sa gCaifé Literartha sa Daingean agus sa gcaifé agus siopa leabhar atá mar chuid de Mhusaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtearaigh.

Tá sé ar fáil i siopa leabhar na Culturlainne i mBéal Feirste agus i Connolly Books agus Siopa leabhar Chonradh na Gaeilge i mBÁC freisin.
Musaem Chorca Dhuibhne ar an mBuailtín