Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Tuesday 23 June 2015

Cruinniú Poiblí 7 Agóid beartaithe ag Misneach BhÁC!

Tá cruinniú  agus agóid eagraí ag Misneach BhÁC. Tá seo mar chuid den ghríomhaíocht atá Misneach ag cur ar bun mar fhreagra ar an nuashonrú ar an SCT a thuairisc le gairid nach bhfuil fághtaí ach 10 mbliana eile don Ghaeilge mar theanga an phobail sna ceantracha Gaeltachta is láidre. Mar a tuairiscíodh ar tuairisc.ie, chuir Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta moill uafasach ar fhoilsiú na cáipéise seo, go bunúsach toisc go náiríonn sé an cuir chuige lag atá acusan, ag ligean do rud mar seo tarlú agus iad ceapaithe a bheith ann ar son na teanga.

Siod an méid a dúirt Misneach BhÁC ar leathanach an chruinnithe ar an stroisleabhar:

Leis an nuacht le déanaí nach bhfuil ach 10 mbliain nó mar sin fágtha ag an Ghaeltacht tá MISNEACH ag glaoch cruinniú poiblí chun módhanna feachtasaíochta radacacha a chiaradh.

Beidh cainteoirí againn ó gach glún beagnach!

Beidh Eoin Ó Murchú, iriseoir, ag labhairt ar a thaithí i MISNEACH na 1960idí agus faoi na feachtais a ndeachaigh siad san ina mbun

As Béal Feirste, beidh an gníomhaí Ghaeilge an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh ag labhairt ar a thaithí féin.

Agus ó Muineacháin, beidh Aindriú de Buitléir ón glún is óige ag caint ar an eachtra a tharla i gColáiste Oiriall le déanaí nuair a cuireadh bac ar na daltaí dul ar agóid i gcoinne Enda Kenny.

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt urlabhraí de chuid MISNEACH:

‘Is léir go bhfuil an stát – na polaiteoirí, ach go háirithe na stáit seirbhísigh – sásta droim láimhe a thabhairt do phobail na Gaeltachta agus pobail na Gaeilge i gcoitinne.

Bhí an Lá Mór ann anuraidh agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid i go leor bealaí. Ach cén freagra a bhí ag Rialtas Baile Átha Cliath air? Rinneadar ceapacháin ar Aire Gaeltachta gan Ghaeilge!

Anois le teacht chun solais Tuaraisc Uí Ghiollagáin a fhógraíonn bás na Gaeltachta cén freagra atá ag an stát? Faic.

Tá 10 mbliain fágtha ag an Ghaeltacht! Nár chóir go mbeimis amuigh ar na sráideanna ar a laghad?

Tá Gaeil ag séanadh na fíricí. Is léir ón staidéar cuimsitheach seo, atá bunaithe ar módhanna eolaíocha, go bhfuil an Ghaeltacht ag meath. Ach tá roinnt Gaeil ag leanúint ar aghaidh amhail is nach bhfuil fadhb ann.

Tá eilifint mhór sa seomra, sè sin go bhfuil laghdú 95% ar líon na Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht ó bunaíodh an stát sa bhliain 1926. Sin titim ó 250,000 duine go níos lú ná 10,000. Agus tá an titim ag leanúint ar aghaidh.

Tá sé thar am gur bhreathnaigh Gaeil ar bhealaí nua agóide. Tá an iomarca béime leagtha ar stocaireacht béasach a dhéanamh agus sin bheith ag brath ar pholaiteoirí bheith go deas linn. Tá Gluaiseacht na Gaeilge imithe, ar an bhformhór, síos cul de sac straitéiseach.

Tá gá breathnú thar sáile, ag ár gcolceathracha Ceilteacha sa Bhreatain Bheag ach go háirithe. Tá muidne i MISNEACH den tuairim go n-imríonn na módhanna bríomhara, radacacha feachtasaíochta a n-úsáideann leithéidí Cymdeithas (Cumann na Breatnaise) ról tábhachtach i mbrú láidir a chuir ar an stát agus buanna a bhaint amach don teanga.’
 Siod an t-eolas a atá acu faoin agóid ar leathanach na hócáide sin:
 
Leis an nuacht le déanaí nach bhfuil ach 10 mbliain nó mar sin fágtha ag an Ghaeltacht tá MISNEACH ag reachtáil agóid lasmuigh de Roinn na Gaeltachta.

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt urlabhraí de chuid MISNEACH:

‘Is léir go bhfuil an stát sásta droim láimhe a thabhairt do phobail na Gaeltachta agus pobail na Gaeilge i gcoitinne.

Bhí an Lá Mór ann anuraidh agus d’éirigh go hiontach leis an ócáid i go leor bealaí. Ach cén freagra a bhí ag Rialtas Baile Átha Cliath air? Rinneadar ceapacháin ar Aire Gaeltachta gan Ghaeilge!

Anois le teacht chun solais Tuaraisc Uí Ghiollagáin a fhógraíonn bás na Gaeltachta cén freagra atá ag an stát? Faic.

Tá eilifint mhór sa seomra, sin é go bhfuil laghdú 95% ar líon na Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht ó bunaíodh an stát sa bhliain 1926. Sin titim ó 250,000 duine go níos lú ná 10,000. Agus tá an titim ag leanúint ar aghaidh.

Tá an cumhacht ag Roinn na Gaeltachta agus an rialtas an meath seo a stopadh, ach níl brú láidir go leor á cur orthu.

Tá MISNEACH ag glaoch an agóid seo mar tús de feachtas níos leanúnaí i gcoinne an rialtas frith-Ghaelach seo agus rialtas ar bith eile síos an bhóthair a leanann leis na hionsaithe ar an Ghaeltacht.'

No comments:

Post a Comment