Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Wednesday 8 April 2015

An fhírinne ghlan...


Píosa maith eile ar tuairisc.ie faoi stád na tíre bunaí ar fhorógra 1916...

A FHEARA AGUS A MHNÁ NA hÉIREANN: in ainm  agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn ar a n-áirímid sliocht Chromail, an RIC, na ndubhchchrónach, na B Specials agus go speisialta ár seanchairde i bpálás Buckingham óna bhfuaireamar ár n-oiliúint mar neamhnáisiún, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne faoina bratach agus ag bualadh buille ar son saoirse bhaincéirí ar fud an domhain.

Tar éis dúinn eagar agus oiliúint a chur ar ár gcuid fear trí mheán na heagraíochta neamhréabhlóidí rúnda, Bráithreachas an tSeoiníneachais, agus trí mheán a heagraíochtaí athchoilínithe rúnda, Fine Gael, Fianna Fáil, Lucht Oibre, PDanna, Sinn Féinithe agus Glasaigh, tar éis dúinn féinsmacht a sheachaint go foighneach, tar éis dúinn fanacht go seasmhach le teacht an lae chirt, beirimid anois ar an bhfaill agus, le cabhair ónár gclann atá díbeartha againn ar deoraíocht, agus ónár gcomhghuaillithe calma san ECB agus sa nGearmáin, ach ag brath sa chéad áit ar ár muineál féin, buailfidh muid buille eile ar an gcosmhuintir a íocfas arís as ár bhflaisceáil.

Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart bhaincéirí an domhain chun seilbh na hÉireann agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan srian...

Léigh an píosa iomlán anseo:
http://tuairisc.ie/forogra-2016-dearbhaimid-gur-ceart-ceannasach-dochloite-e-ceart-bhainceiri-an-domhain-chun-seilbh-na-heireann/






No comments:

Post a Comment