Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Saturday 18 April 2015

Tras-scríobh de chaint phoiblí a tugadh ag imeacht dár gcuid anuraidh

Siod téacs den chaint a thug  ár gcomrádaí Aindrias Ó Cathasaigh ag imeacht a d'eagraigh muid anuraidh. Bhí an léacht a thug sé uaidh an lá sin an-mhaith ar fad agus is fiú go mór d'éinne ar spéis leis/léi díos mó a fhoghlaim faoin dearcadh radacach atá ag Misneach agus a bhí ag Máirtín Ó Cadhain é a léamh.

Foilsíodh é seo ar dtús in Feasta, Aibreán 2014. Bunleagan anseo: http://www.feasta.ie/2014/aibrean/alt5.html
 
Rinne muid taifead ar chaint an lae údaí freisin, in a bhfuil píosa cainte suimiúla a rinne Seosamh Ó Cuaig agus an plé an lean na hóráidí le cloisteáil freisin. Tá sé ar fáil anseo: http://misneachnagaillimhe.blogspot.co.uk/2014/03/httpssoundcloud.html

Ó Cadhain agus Réabhlóid na hIntinne

                             le Aindrias Ó Cathasaigh


Caint a tugadh ag cruinniú ar ‘Oidhreacht Mháirtín Uí Chadhain’ a d’eagraigh Misneach na Gaillimhe, 15 Márta 2014



Molann chuile dhuine Máirtín Ó Cadhain ar na saolta seo, ar ndóigh. Scríbhneoir den chéad scoth a thugtar air, fear a sheas an fód ar shon a chuid prionsabal. Ach níorbh amhlaidh an scéal nuair a bhí sé beo. Bhí neart daoine ann gan meas mada acu ar an gCadhnach, daoine a chuir ina aghaidh go tréan, a rinne a ndícheall stop a chur lena chuid saothair. Tugadh cancarán air, dúradh nár cheart é a ligean isteach in aon chomhluadar Gaelach, gur búr gan bhéasa a bhí ann, fiú go raibh an ceart ag na heaspaig Caitlicigh a chosc ó Choláiste na Tríonóide má ba eisean an sórt a bhí ag múineadh ann — agus níl ansin ach rudaí a dúradh faoi go poiblí. Caint amháin a thug sé, ina círéib a chríochnaigh sí, daoine ag gabháil de dhoirne ina chéile gur cuireadh fios ar na Gardaí: cén dochar, ach léacht ar an mbéaloideas a bhí ansin! 

Ná bígí ag ceapadh gur tháinig Máirtín Ó Cadhain le síocháin a chur ar bun ar talamh: ní síocháin a thug sé ach claíomh. Údar easaontais a bhí sa gCadhnach, duine a chuir daoine in aghaidh a chéile, a scoilt lucht na Gaeilge. Agus bhí a fhios aige go maith é, mar a scríobh sé i nóta beathaisnéise air féin: 

Fear mór iomarbhá. Drochmheas agus gráin ag daoine ar feadh a shaoil air. Is ‘géibheann aonraic’ é sin, adeir sé, ar léire do dhuine é féin agus a chomhdhuine as. 1
 
Bhí dúil aige sa gconspóid, agus thuig sé gur as conspóid a fhaightear tuiscint ar an saol agus orainn féin, as cur agus cúiteamh. ‘Is fearr an troid ná an t-uaigneas’, a scríobh sé. 

Má bhíonn daoine in ár n-aghaidh caithfe siad a bheith ag caint fúinn. Beidh a fhios acu go bhfuil muid ann. Sa gcaoi sin is fadhb muid, aithinne the ar chraiceann an phobail. Faoi láthair tá an Ghaeilge chomh plúchta sin ag túis na measúlacht is nach heol í a bheith ann. 2
 
Ach ní déarfadh mórán inniu go bhfuil an Ghaeilge plúchta ag an measúlacht. Is gearr ó bhí na mílte amuigh ag léirsiú ar a son ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus ar bhóithre Chonamara. Tá pobal na Gaeilge ‘Dearg le Fearg’, más fíor. 3 Anois, sílim go mbeadh Ó Cadhain breá sásta na sluaite a fheiceáil ag máirseáil ar mhaithe leis an nGaeilge. Ach sílim freisin go mbeadh sé ag iarraidh cupla ceist a chur faoi, ceisteanna nach dtaithneodh le daoine, b’fhéidir. 

Go hoifigiúil, ar a laghad, is cearta teanga atáthar a éileamh, go mbeadh daoine in ann seirbhísí stáit a fháil trí Ghaeilge ‘gan cheist, gan choinníoll’. 4 Agus tá an ceart ar fad ag an éileamh sin. Níl ann ach comhionannas bunúsach go bhféadfadh daoine plé leis na húdaráis ina dteanga féin. Ach caithfidh muid a thuiscint, mar a thuig Ó Cadhain, nach ceist teanga amháin í ceist na Gaeilge. Is ceist pholaitiúil í, ar ndóigh, ceist shóisialta, agus ceist eacnamaíochta. 

Cuir i gcás go bhfaigheann fear sa nGaeltacht, duine atá dífhostaithe le tamall maith, litir ón oifig leasa shóisialaigh, ag cur in iúl dó go bhfuil siad ag cur meitheal ar bun leis na buachalláin a bhaint de thaobh an bhóthair. Má ghlacann sé páirt ann tabharfar euro in aghaidh na huaire dó anuas ar an dól, ach mara nglacann sé páirt ann cuirfear den dól é. Ar ndóigh, ní rud samhalta atá mé a chur i gcás anseo, ach rud atá ag tarlú, nó a bheas ag tarlú go gairid. 

Má tá daoine ag caint faoi chearta teanga, ní féidir leo a rá leis sin ach ‘Ba cheart gur i nGaeilge a bheadh an litir sin!’ Ach ní hé teanga na litreach a bheas ag cur as don fhear seo, ach an rud atá ráite inti, an sclábhaíocht atá dá brú air. Chuile sheans go mbeidh sé ag iarraidh a ghabháil chun na hAstráile má fhaigheann sé an deis, agus is dóigh gurb shin cuspóir na scéimeanna seo. Ach an imirce sin as an nGaeltacht, is mó an dochar don teanga í ná litreacha oifigiúla i mBéarla. 

Táthar ag éileamh seirbhísí stáit i nGaeilge ‘ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla’. 5 Ach tá na seirbhísí i mBéarla féin dona go leor. Má tá riachtanais speisialta ag do pháiste, abair, beidh tú ag fanacht i bhfad le seirbhísí, agus ansin féin bíonn siad uireasach. Ach má bhíonn tú ag caint faoi sin, faoin gcaoi a bhfuil na hacmhainní is gá curtha amú ar na bancanna agus mar sin de, tá tú ag gabháil thar chearta teanga. Mara bhfuil á éileamh agat ach leagan Gaeilge den drochsheirbhís, is beag is féidir leat a rá faoi na fadhbanna sin. Is uafásach an rud go gcuirfí iachall ar dhaoine Béarla a labhairt, ach tá bacanna eile ann. 

Céard a rinne Ó Cadhain? Ceithre scór bliain ó shin, bhí sé orthu siúd a bhunaigh Muinntear na Gaedhealtachta, ceann de na grúpaí feachtais is tábhachtaí agus is fearr i stair na Gaeilge. Throid siad ar son cearta teanga, gan amhras, ag tógáil raice faoin lear mór oifigigh stáit gan Ghaeilge a bhí ag feidhmiú i gConamara. Ach is le rudaí eile is mó a bhíodar ag plé. D’éiligh siad talamh do mhuintir Chonamara, agus tá Gaeltacht Ráth Cairn ann mar thoradh air. D’éiligh siad postanna do mhuintir Chonamara, ar na busanna agus sna scoileanna. D’éiligh siad cearta iascaireachta do mhuintir Chonamara, agus cuireadh cuid acu i bpríosún mar gheall ar an bhfeachtas sin. Ní ceisteanna teanga go díreach a bhí iontu seo, ach ceisteanna a bhain le slí bheatha a chur ar fáil don phobal. ‘Le na cianta, ba dhá mhar-a-chéile an Ghaedhilge agus boichteanas’, a dúirt Ó Cadhain ag cruinniú de chuid Muinntear na Gaedhealtachta. ‘Níl mórán athruighthe ar an scéal fós.’ 6 Thuig siad go gcaithfí an ceangal sin idir an Ghaeilge is an bochtanas a bhriseadh, cruachás eacnamaíochta an phobail a ionsaí, nó ní bheadh siad ag seasamh ceart don Ghaeltacht. 

Agus ní féidir le pobail na nGaeltachtaí a gcruachás eacnamaíochta a ionsaí ina n-aonar. Ní ceist áitiúil í ach ceist náisiúnta — ceist idirnáisiúnta sa deireadh thiar, go deimhin. Tá daoine ar fud na tíre ag fulaingt ar an gcaoi chéanna a bhfuil cosmhuintir na Gaeltachta ag fulaingt. Ní bheidh aon dream acu in ann réiteach a fháil leo féin: caithfidh siad cur le chéile. Rud a chuir áthas ar an gCadhnach i ndeireadh a shaoil, go raibh ‘an choismhuintir, an mhuintir bhuailte i ngach áit in Éirinn ag cur aithne ar a chéile, ag tosú ag tuiscint gurb í cúis gach duine acu cúis a chéile’. 7 An cath céanna a bhí le cur acu ar fad, agus b’fhearr dóibh seasamh gualainn ar ghualainn. 

Ní troid ar leith í troid na Gaeilge, ach cuid de throid níos leithne. Caithfidh muid a bheith páirteach sa troid leathan sin, a bheith ‘i n-ann borra le gearáin seachas rudaí faoi Ghaeilge féin’, a dúirt Ó Cadhain. Is éard a bhí le déanamh, a dúirt sé, lucht oibre na tíre smacht a fháil ar acmhainní agus maoin na tíre. ‘Is ionann mar sin liom an Réabhlóid is gá chun na hAthghabhála sin agus slánú na Gaeilge.’ 8 Níl sé ag rá gur rud eile í an réabhlóid, ná fiú rud a chuideodh le slánú na Gaeilge, ach gurb ionann iad, an rud ceannann céanna. 

Ach ní hé an dearcadh sin, dearcadh Uí Chadhain, atá in uachtar sa bhfeachtasaíocht Gaeilge atá ar siúl faoi láthair. Agus ní haon ionadh é sin, tar éis tréimhse nach raibh mórán dá leithéid ar siúl. An léirsiú i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite, ba shin é an chéad mhórléirsiú Gaeilge tríd an bpríomhchathair le deich mbliana. Tá daoine ag tosaí aríst, agus is leor lena lán daoine go bhfuil agóid ar siúl ar chor ar bith, gan a bheith róbhuartha faoi pholaitíocht an scéil. Ach má tá gluaiseacht láidir éifeachtach le theacht as seo, beidh ar dhaoine aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo. Beidh gá le plé, le díospóireacht, le heasaontas. 

Is é ceann de na lochtanna a fuair Ó Cadhain ar irisí na Gaeilge fadó go mba chóir dóibh ‘níos mó iomarbhá agus aighnis a chothú’. 9 Tá sé in am againn níos mó iomarbhá agus aighnis a chothú i measc lucht na Gaeilge. Ní achrann ar mhaithe le hachrann atá i gceist agam, ach argóintí meáite foighdeacha, ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil gá le rud níos doimhne. 

Seo sampla de chur chuige Uí Chadhain. I 1963 cuireadh ceathrar iascairí as Inis Bearachain i bpríosún. Bhí siad ag diúltú rátaí a íoc, mar agóid in aghaidh an drochbhail ar sheirbhísí stáit ina gceantar. An tseachtain chéanna bhí cruinniú in óstán i mBaile Átha Cliath ar ‘An Ghaeilge agus an Pholaitíocht’, ionadaithe ó na páirtithe éagsúla ag caint faoina bpolasaithe teanga. Chuaigh Ó Cadhain agus dream eile ann. D’fhéadfaidís páirt a ghlacadh sa díospóireacht sin: bhí neart le rá ag an gCadhnach faoin ábhar céanna! Ach d’ardaigh siad cás na n-iascairí seo as an nGaeltacht. Ainneoin iarrachtaí an lucht eagraithe, brúdh bunábhar an chruinnithe de leataobh agus eagraíodh agóid. Chuaigh daoine amach go dtí teach an Taoisigh i lár na hoíche agus d’fhág siad litir agóide isteach chuige. Ceithre lá ina dhiaidh sin, scaoileadh na hiascairí saor go luath. Seachas a bheith ag aontú le chéile faoi rudaí deasa, amannta is gá a rá go bhfuil sé seafóideach am a chur amú nuair atá rudaí níos bunúsaí le déanamh. 

Má dhéanann tú sin, cuirfidh tú olc ar dhaoine. Ach tá sin ina chuid riachtanach den phróiseas. Dúirt Ó Cadhain: 

Revolution it must be to get anywhere at this stage. And there is no use denying that the wrench which is required to be given to the minds of even the most passionate believers in Irish would be anything less than a revolution. 10
 
Níl sé ag caint ansin ar shracadh a bhaint as an gcóras ná as an rialtas ach as intinn phobal na Gaeilge féin. Má bhreathnaíonn tú ar réabhlóidí, feicfidh tú nach é an rialtas ná an córas amháin a athraíonn daoine leo, ach iad féin. Tuigeann siad gur féidir leo agus gur gá dóibh rudaí a dhéanamh nár cuimhníodh orthu roimhe sin, seansmaointe a fhágáil ina ndiaidh agus treo nua a aimsiú. Caithfear athrú meoin a chur i gcion ar dhaoine le réabhlóid a bhaint amach, ach tá athrú le déanamh i measc lucht na Gaeilge má tá siad le tuiscint gur gá a ghabháil níos faide ná cearta teanga amháin. 

‘Le réabhlóid na hintinne a chruthú caithfear dúshlán na rudaí gan fiúntas uilig a thabhairt’, a dúirt Ó Cadhain. 11 Sílim gur gá ceist a chur: ar rud gan fiúntas é nuair a deir daoine go bhfuil siad ag iarraidh labhairt faoi chúrsaí teanga ach gan labhairt faoi rudaí eile atá ag tarlú, faoi na fadhbanna atá ag an bpobal, faoin tubaist atá tite anuas ar an bpobal le blianta beaga? Más sin an leagan amach atá againn, ní dóigh liom gur dearg le fearg atá muid: ní fearg é sin ar chor ar bith. Ach má tá muid feargach faoin méid sin, is féidir linn an Ghaeilge a fheiceáil mar chuid den scéal mór leathan sin, agus a thuiscint go bhfuil gá le réiteach mór leathan agus an Ghaeilge a shuíomh ann. Is réabhlóid intinne mar sin, mar a shamhlaigh Ó Cadhain, an chéad rud atá ag teastáil. 

Tagairtí
1. Cnuasach 1966, Breandán S Mac Aodha a chuir in eagar (Scepter, Áth Cliath), lch 79.
2. ‘Ó Doirnín, Dún Dealgan’, Comhar, Meitheamh 1969, lch 20.
3. ‘Gaeil Ó Cheann Ceann na Tíre Dearg Le Fearg ag Lá Mór na Gaeilge’, preasráiteas, Conradh na Gaeilge, 11 Feabhra.
4. Ibid.
5. Ibid.
6. An t-Éireannach, 1 Meadhon Foghmhair 1934.
7. ‘Gaillimh Thiar’, Comhar, Lúnasa 1969, lch 9.
8. Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae (Misneach [1970]), lgh 13, 10.
9. ‘Na Tréimhseacháin Ghaeilge’, 20 Deireadh Fómhair 1948: Ls 10878/F/64A/12/24, Coláiste na Tríonóide.
10. Irish Above Politics (Preas Cuchulainn [1964]), lch 6.
11. Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae, lch 12.
——◊——
Scríbhneoir agus staraí é Aindrias Ó Cathasaigh. I measc a chuid leabhar tá: 1916 Seachtar na Cásca. Coiscéim. 2010; Karl Marx: saothar a shaoil. Coiscéim, 1997; Ag samhlú troda: Máirtín Ó Cadhain, 1905-1970. Coiscéim, 2003; Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire. Coiscéim, 2007.

Feasta, Aibreán 2014

No comments:

Post a Comment