Ná habair é, Déan é!

"Is dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina Sóisialaigh" - Máirtín Ó Cadhain

Tuesday 4 August 2015

Nuacht is déanaí

Agus Lúnasa linn, tá baill de chuid Misneach graitheach ag obair ar son na cúise ar fud na tíre, sa nGaeltacht agus sa nGalltacht. Bhí cruinniú poiblí againn i mBÁC, a d'fhreastal 30 duine air an mhí seo caite agus an lá dar gcionn bhí agóid taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta. Chomh maith leis sin bhí baill i láthair ag léirsithe in aghaidh na dtáillithe uisce, agóid dlúthphairtíochta le muintir na Gréige agus ag an gcomóradh ar shocraid Uí Dhonobháin Rosa, agus eile, ag cinntiú go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil i lár an aonaigh ag na himeachtaí seo. Siod daoibh roinnt grianghraf ó na himeachtaí sin.


Ag "athshochraid" Uí Dhonobháin Rosa
Taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta


Dlúthpháirtíocht le muintir na Gréige!

Eoin Ó Murchú, a bhí gríomhach le Misneach sna 60idí, ag caint.
Údar agus gríomhaí Feargal Mac Ionnrachtaigh ag labhairt ag an gcruinniú

Tá baill de Mhisneach ag eagrú "Liú Lúnasa" - féile eagraí go hiomlán ar bun deonach a bhéas ag tarlú ag deireadh na míosa seo. Tá cúnamh uafa, afách agus mar sin tá leathanach acu anseo le hairgead a bhailiú: http://www.crowdfunder.co.uk/Liulunasa15/

Bí ann!

No comments:

Post a Comment