Ag leanúint leofa leis na hionsaithe ar mhuintir na Gaeltachta, tá an rialtas ag gearradh siar ar an tseirbhís aeir go dtí na hoileáin Árainn! Tá an tseirbhís seo thar a bheith tábhachtach do mhuintir na n-oileán agus is mór an buille don cheantar uilig a bheadh ann dá bhfaighfí réidh leis.
Tá sé ríthábhacthach mar sin go dtroideann muid ar ais - tá cruinniú 7 agóid eagraí don lá amáireach (Dé Máirt, 1ú lá Meán Fómhair). Siod na sonraí a leanas:
Teacht le chéile ag 3.00i.n. in Óstán Chois Farraige, sna Forbacha.
Léirsiú ansin ag 4.00i.n. lasmuigh d'oifig Roinn na Gaeltachta tráth a
mbeidh ionadaithe na n-oileán ag bualadh le Joe McHugh.
Bígí ann agus seasfaidh muid an fód in aghaidh na n-ionsaithe seo!
No comments:
Post a Comment